Gaeilgear an BBC
Sraith deich gclár leis an seanchaí clúiteach John Ghráinne as Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall.
Is sa tóir ar oidhreacht Rann na Feirste a thagann na sluaite déagóirí chun an cheantair gach samhradh, le freastal ar Choláiste Bhríde, coláiste Gaeilge a bhfuil clú air ó cheann ceann na tíre.
B’as an cheantar seo na scríbhneoirí móra, Séamus ‘Máire’ Ó Grianna, agus Seosamh Mac Grianna a chum cuid de na leabhair Ghaeilge is mó tábhacht i nua-litríocht Uladh.
Éist leis an tsraith ‘Ceann Dubhrann’, ina labhrann léiritheoir na gclár, Antaine Ó Donnaile, le Seán Ó Duibheannaigh, nó John Ghráinne, fear de bhunadh Rann na Feirste a bhfuil meas ag Gaeilgeoirí ar fud na cruinne air, agus ag iarscolairí Choláiste Bhríde ach go háirithe. . Tá saibhreas seanchais agus scéalaíochta ag John Ghráinne nach bhfuil ag mórán daoine sa lá atá inniu ann agus atá i mbaol a chaillte mar gheall air sin. Tá stór saibhir béaloidis ag John Ghráinne, nó John Phadaí Hiúdaí mar a thugtar air fosta.
Sa tsraith seo, is rí-léir an cion agus an grá atá aige dá cheantar dúchais, grá a léirítear trí na seanscéalta faoi Rann na Feirste a bhfuil sé mar choimeádaí urramach orthu.
Éist le Clár 1
Sa chéad clár labhraíonn John Ghráinne ar an chéad dream daoine a tháinig go Rann na Feirste, nó Ceann Dubhrann.
Éist le Clár 2
Sa chlár seo labhraíonn John ar an eagla a bhí ar dhaoine roimh thaibhsí agus eachtraí osnádúrtha.
Éist le Clár 3
Sa chlár seo labhraíonn John ar an Athair Lorcán Ó Muirí, a bhunaigh Coláiste Bhríde i Rann na Feirste, agus tugann sé cuntas ar na deacrachtaí a bhí ann ag an tús.
Éist le Clár 4
Sa chlár seo tugann John a thuairim faoi mheath na Gaeilge ina cheantar dúchais, Rann na Feirste, agus cuireann sé síos ar an dóigh a raibh an áit nuair a
bhí sé féin ag fás aníos.
Éist le Clár 5
Sa chlár seo déanann John cur síos ar shaol a óige in Albain, áit a ndeachaigh sé ar lorg oibre lena athair agus é sna déaga.
Éist le Clár 6
Sa chlár seo labhraíonn John faoin obair throm a bhí le déanamh ag na fir sna goirt, agus na cruatain a bhí le fulaingt acu.
Éist le Clár 7
Sa chlár seo tá John ag insint scéalta dúinn ó mhiotaseolaíocht na hÉireann, scéalta a chuala sé go minic ag oícheanta airneáil agus é ag fás aníos.
Éist le Clár 8
Sa chlár seo insíonn John an scéal faoin Óige, An Saol Mór agus an Bás.
Éist le Clár 9
Sa chlár seo míníonn John cuid de na focail agus de na pisreoga a bhí ag a mhuintir fadó nach bhfuil chomh coitianta inniu.
Éist le Clár 10
Sa chlár dheireanach seo insíonn John scéal Fhionnbhráid, agus tugann sé comhairle do dhaoine atá ag foghlaim na Gaeilge.
Bookmark this page:
BBC © 2014Níl an BBC freagrach as ábhar atá ar shuíomhanna seachtracha idirlín.
Is fearr amharc ar an leathanach seo le brabhsálaí gréasáin atá suas chun dáta agus atá cumasaithe do stílbhileoga cascáideacha (CSS). Cé go mbeidh tú in ann ábhar iomlán an leathanaigh seo a fheiceáil sa bhrabhsálaí atá agat faoi láthair, ní bheidh cáilíocht na rudaí a fheicfidh tú chomh maith agus a thiocfadh leo a bheith. Iarrtar ort smaoineamh ar bhogearra do bhrabhsálaí a uasghrádú nó ar stílbhileoga cascáideacha (CSS) a chumasú más féidir.