Gaeilgear an BBC

baile : ailt : Caithimh aimsire : Gaeltacht Ráth Chairn

Gaeltacht Ráth Chairn

Sa bhliain naoi déag tríocha a cúig, thug dream beag cróga ó Ghaeltacht Chonamara faoi thuras mór go Ráth Chairn, Contae na Mí, turas a chuirfeadh cor úr ina saol, mar chuid de scéim rialtais chun fadhb an phlódaithe i gConamara a reiteach.

Fuair Coimisiún na Talún píosa talaimh agus ghlac seacht dteaghlach is fiche leis an tairiscint a chuir siad ar fáil: teach Coimisiúin, feirm dhá acra is fiche, uirlisí bunúsacha feirmeoireachta agus capall, cráin agus bainbh do gach aon teaghlach a bhog go Contae na Mí. B’as na hoileáin nó as an Cheathrú Rua iad an chuid is mó de na teaghlaigh. Ní raibh go leor talaimh ná acmhainní do mhuintir na háite sa dá cheantar seo. Sa bhliain 1937 chuir aon teaghlach déag eile fúthu i Ráth Chairn; san iomlán, d’aistrigh ceithre chéad dhá scór is triúr ó Chonamara go Contae na Mí, agus i ndiaidh don rialtas na tithe, na feirmeacha agus an Scoil Náisiúnta a sholáthar, fágadh an pobal beag úr leis féin chun fás go nádúrtha. Bhí sé seo ar cheann de na scéimeanna is réabhlóidí agus is fadradharcaí riamh ó thaobh athlonnaithe agus ó thaobh caomhnú teanga de.

Cé gur aistrigh muintir an cheantair nua seo uilig ó Ghaeltacht Chonamara agus cé go raibh Gaeilge acu uilig, ní go dtí 1967 a d’éirigh leis an phobal aitheantas oifigiúil mar Ghaeltacht a bhaint amach. Roinnt blianta ina dhiaidh seo, cuireadh Comharchumann Ráth Chairn ar bun le pleanáil chun tosaigh a dhéanamh don sráidbhaile beag, nach bhfuil ann ach bunscoil, ardscoil, ionad pobail, eaglais, páirceanna imeartha agus cúpla siopa.


Amharc ar shuíomhanna eile an BBC sa rannóg seo:
BBC Lifestyle

NIS - íomháLe tacaíocht ón Chiste Craoltóireachta Gaeilge

BBC © 2014Níl an BBC freagrach as ábhar atá ar shuíomhanna seachtracha idirlín.

Is fearr amharc ar an leathanach seo le brabhsálaí gréasáin atá suas chun dáta agus atá cumasaithe do stílbhileoga cascáideacha (CSS). Cé go mbeidh tú in ann ábhar iomlán an leathanaigh seo a fheiceáil sa bhrabhsálaí atá agat faoi láthair, ní bheidh cáilíocht na rudaí a fheicfidh tú chomh maith agus a thiocfadh leo a bheith. Iarrtar ort smaoineamh ar bhogearra do bhrabhsálaí a uasghrádú nó ar stílbhileoga cascáideacha (CSS) a chumasú más féidir.