Gaeilgear an BBC

hide-

cine race
Manainnis Manx (language)
An Bhriotóinis Breton
An Choirnis Cornish
geografaí geographer
Cré-umhaois Bronze Age
Rómhánach Roman
gaiscíoch warrior
trádalaithe traders
maisithe decorated
díothaigh annihilate, obliterate
scoilt chasm, divide, rift
An Chuimris Cumbric
An Cheiltibeiris Celtiberian
síolraigh descend, to come from
caomhnaigh preserve

baile : ailt : Irish Interest / Taisteal : Tionchar na gCeilteach

Tionchar na gCeilteach

Is iomaí duine a chuala trácht ar thionchar na gCeilteach ar stair, cultúr agus teanga na tíre seo, ach cé chomh forleathan atá an t-eolas faoin ról a bhí ag na seanCheiltigh i múnlú tíortha eile san Eoraip.

Cé hiad na Ceiltigh?
Is ceist chonspóideach í, ach i bhfírinne tá an freagra thar a bheith simplí. Is Ceilteach duine ar bith de phobal ina labhraítear nó ina labhraíodh teanga Cheilteach. Ach ní cine ar leith iad na Ceiltigh. Tháinig an Cheiltis go hÉirinn ó mhór-roinn na hEorpa ach níl aon fhianaise ann gur tháinig a lán daoine in éineacht léi. Tháinig teanga Cheilteach na tíre seo ó Lár na hEorpa ach ní hionann sin agus gur shíolraigh muid go léir ó na Ceiltigh.

Is iad seo na naisiúin Cheilteacha atá ann inniu: Alba, Éire, Cymru, Mannin, Breizh agus Kernow, nó Albain, Éire, An Bhreatain Bheag, Oileán Mhanainn, An Bhriotáin agus Corn na Breataine mar a thugtar orthu i nGaeilge. Is iad teangacha na gceantar seo ná An Gháidhlig (Gaeilge na hAlban), Gaeilge, Cymraeg (An Bhreatnais), Gaelg (An Mhanainnis), Brezhoneg (An Bhriotóinis) agus Kernewek (An Choirnis).

Tá scoláirí in amhras faoi bhunús an téarma Ceilteach. Is iad geografaithe na SeanGhréige is túisce a bhain úsáid as an fhocal i scríbhinn. Deir Iúl Caesar ina leabhar De Bello Gallico gurbh é Celtae an t-ainm a thugadh muintir Ghall orthu féin ina dteanga féin. Is dócha gur tháinig na teangacha Ceilteacha chun cinn i ndeisceart na Gearmáine agus san Eilvéis le linn na Cré-umhaoise, agus go raibh siad sa cheantar sin ó 2000 RCh ar a laghad.

Ba laochra agus trádálaithe iad na Ceiltigh, ach chomh maith leis sin, bhí siad oilte sa mhiotalóireacht. Creidtear go forleathan baint láidir a bheith idir na Ceiltigh agus cultúr ar a dtugann na saineolaithe La Tene ach is dócha gur leathnaigh an Cheiltis go codanna eile den Eoraip (deisceart na Spáinne agus Éire san áireamh) i bhfad sular fhorbair cultúr La Tene. Le linn thréimhse La Tene, chruthaigh muintir Lár na hEorpa uirlisí agus airm den scoth as iarann agus as miotail eile. Is minic a bhíodh na huirlisí seo maisithe le patrúin shnaidhmeacha den chineál a dtugaimid “Ceilteach” orthu inniu. Is féidir iarsmaí galánta ón tréimhse seo a fheiceáil i músaeim ar fud na hEorpa.

Na Ceiltigh agus na Rómhánaigh
Bhí meas ag na Rómhánaigh ar na Ceiltigh ach bhí eagla orthu rompu chomh maith agus ní gan chúis. Sa bhliain 387 RCh, rinne na Ceiltigh ionsaí ar chathair na Róimhe féin faoi cheannas taoisigh darbh ainm Brennus. Ach ina dhiaidh sin, nuair a chuir na fórsaí Iúl Caesar an chuid is mó den Eoraip faoi chois, cailleadh an chuid is mó den chultúr agus den teanga Cheilteach san Eoraip. De réir a chéile, d’fhoghlaim muintir thuaisceart na hEorpa an Laidin. Rinneadh cultúr na Rómhánach a mheascadh le cultúr na bpobal dúchasach agus sa deireadh, bhí an lámh in uachtar ag an chultúr Rómhánach. D’fhoghlaim na Ceiltigh a lán rudaí ó na Rómhánaigh ach d’fhoghlaim na Rómhánaigh an oiread céanna ó na Ceiltigh. Mar shampla, fuair na Rómhánaigh cuid mhór den eolas a bhí acu faoi chairteanna agus rothaí (agus a lán téarmaí) ó na Ceiltigh, agus ghlac na Ceiltigh gnéithe d’ealaín na Rómhánach agus bhain siad úsáid astu ina gcuid ealaíne féin.

Ba iad na Rómhánaigh a bhí freagrach as cultúr na gCeilteach a dhíothú (chóir a bheith) sa Bhreatain. Idir 43 agus 84 AD rinne na Rómhánaigh ionradh ar Shasana, agus mar gheall ar Laidiniú na tíre sin, maraon le teacht na teanga as a tháinig an Béarla go Sasana sa cúigiú haois AD, níor fágadh iarsma ar bith den chultúr Cheilteach sa chuid is mó den Bhreatain ach áiteanna iargúlta nach raibh talamh ar bith iontu a bheadh fóirsteanach don churaíocht – leithéidí na Pennines, Corn na Breataine agus Garbhchríocha agus oileáin na hAlban.

Meastar gur fágadh teanga Cheilteach darbh ainm Cuimris sna Sléibhte Pennine go dtí an dara haois déag AD, mar gheall ar a iargúlta a bhí an ceantar sléibhe sin. In Éirinn tá oidhreacht na gCeilteach beo beathach go fóill, mar gheall ar an fharraige a scar an tír ó Mhór-Roinn na hEorpa. Bhí Éire in ann forbairt léi beag beann ar an saol mór thar lear. Rinneadh béaloideas d’eachtraí agus de ghaiscí na n-uasal. Caomhnaíodh an béaloideas sin go dtí gur bhreac scríobhaithe na mainistreacha síos é san ochtú haois AD.

An Cheiltis Inseach
Am éigin roimh an tríú haois RCh leathnaigh brainse den Cheiltis amach ó mhór-roinn na hEorpa go hÉirinn agus chun na Breataine. Is mar gheall air seo a tharla an scoilt is mó sa Cheiltis Ársa, bunteanga na gCeilteach. Nuair a rinne na Ceiltigh imirce ón mhór-roinn scoilteadh an teanga idir Ceiltis na Mór-Roinne agus an Cheiltis Inseach (na teangacha a labhraíodh sna hoileáin seo ar imeall na hEorpa). Labhraíodh an Ghallais sa tír ar a dtugtar an Fhrainc anois. Labhair Ceiltigh na Spáinne agus na Portaingéile an Cheiltibeiris agus teangacha Ceilteacha eile. Bhí an Leipeantais á labhairt i dtuaisceart na hIodáile agus an Ghalatais sa Tuirc. Níl aon teanga de chuid Cheiltis na Mór-Roinne beo inniu, mar gheall ar choncas na Rómhánach agus ar an dóigh ar bhrúigh siad a dteanga féin, an Laidin, ar an phobal Cheilteach. Mhair teanga na gCeilteach níos faide i gceantair níos sléibhtiúla, iargúlta, leithéidí Asturias, Galicia agus Tuaisceart na Portaingéile. Ní labhraítear Ceiltis sna ceantair seo anois, ach tá siad thar a bheith bródúil as a n-oidhreacht Cheilteach.

As an Cheiltis Inseach, scaradh na teangacha ina dhá ngrúpa; P-Cheiltis agus Q-Cheiltis, nó Briotainis (P) agus Gaeilis (Q). Is mar gheall ar na difríochtaí foghraíochta a thugtar P agus Q orthu – choinnigh an Ghaeilis an fhuaim *kw a bhí ann sa Cheiltis Ársa mar ‘c’, ach d’athraigh An Bhriotainis an fhuaim seo go ‘p’. Mar sin de, bhí difear ann idir focail bhunúsacha, mar shampla sa Bhriotainis b’ionann ‘peth’ agus an focal Gaeilise ‘cuit’ - ‘cuid’ mar a deirtear anois. Tá na difríochtaí seo fós le feiceáil idir an nua-Ghaeilge agus an nua-Bhreatnais, mar shampla an focal ‘ceann’, agus a mhacasamhail sa Bhreatnais, ‘pen’.

Ní léir cén grúpa lena mbaineann an Chruithnis, ach ceaptar go forleathan go bhfuil sí gaolta leis an Bhriotainis agus P-Cheiltis. Bhí na rannóga P-Cheiltis agus Q-Cheiltis ann i gCeiltis na Mór-Roinne chomh maith. Mar shampla, bhain an Cheiltibeiris leis an ghrúpa Q, agus ba chuid den ghrúpa P-Cheiltis iad na teangacha Ceilteacha eile ar an Mhór-Roinn. Is suimiúil gur chreid na Gaeil iad féin gur tháinig a sinsir ó thuaisceart na Spáinne.

Shíolraigh an Bhreatnais agus mionteangacha mar an Chuimris nach maireann go fóill ón Bhriotainis, agus shíolraigh an seanGhaeilge ón Ghaeilis. D’aistrigh dream Ceilteach ó Chorn na Breataine agus ó Devon go dtí an Bhriotáin idir an cúigiú agus an seachtú haois AD, agus is mar seo a tháinig an Bhriotáinis ar an tsaol – tugadh isteach chuig an Mhór-Roinn arís í, agus mar sin ní cuid de Cheiltis na Mór-Roinne í, mar a chreideadh le fada. Chuaigh cuid de na Gaeil, mar a tugadh ar na Ceiltigh a lonnaigh in Éirinn agus a labhair Gaeilis, chun na hAlban agus go hOileán Mhanainn. Thug siad a dteanga leo agus shíolraigh an Gháidhlig agus an Mhanainnis aisti.

Oidhreacht na gCeilteach
Is féidir a lán iarsmaí de na Ceiltigh a fheiceáil sna sé ‘Náisiún Cheilteacha’ inniu, i bhfothracha na seanmhainistreacha agus i ndéantáin eile, i seodra agus i saothair ealaíne, Leabhar Cheanannais san áireamh, agus sa mhiotaseolaíocht. Mhair na scéalta faoi éachtaí agus faoi ghaiscí na gCeilteach i mbéal na ndaoine sular bhreac na manaigh síos iad i leabhair san ochtú haois, á gcaomhnú go buan do na glúnta a tháinig ina ndiaidh.

Cé chomh Ceilteach agus atá Corn na Breataine? Gheobhaidh tú amach sa ghearrthóg seo, ina dtugtar cuairt ar roinnt áiteanna speisiúla sa chontae ghalánta seo cois farraige.

Tá Asturias ar cheann de réigiúin Cheilteacha na Spáinne, rud atá soiléir ó na seanfhothracha tuamaí Ceilteacha sa cheantar. Faigh amach níos mó faoi Asturias sa ghearrthóg seo.

Sa ghearrthóg seo tá blaiseadh de stair agus de chultúr sainiúil Oileán Mhanainn. Is go bródúil a chaomhnaíonn muintir an oileáin a n-oidhreacht shaibhir chultúrtha.

Sa ghearrthóg seo, rachaidh tú ar thuras thart ar chathair ghleoite sa Bhriotáin, Quimper, agus gheobhaidh tú amach faoi chuid de na gnéithe atá i gcoitianta ag an Bhriotáinis agus an Ghaeilge.

Sa ghearrthóg seo, fiosraíonn Céara Ní Choinn oidhreacht Cheilteach Chiarraí.

Sa ghearrthóg seo tá áilleacht agus éagsúlacht Thuaisceart na Breataine Bige le feiceáil. Beimid ag tabhairt cuairte ar Pháirc Náisiúnta Yr Wyddfa (Snowdon) agus ar an iliomad sráidbhailte galánta atá le fáil ag bun an tsléibhe sin.

NIS - íomháLe tacaíocht ón Chiste Craoltóireachta Gaeilge

BBC © 2014Níl an BBC freagrach as ábhar atá ar shuíomhanna seachtracha idirlín.

Is fearr amharc ar an leathanach seo le brabhsálaí gréasáin atá suas chun dáta agus atá cumasaithe do stílbhileoga cascáideacha (CSS). Cé go mbeidh tú in ann ábhar iomlán an leathanaigh seo a fheiceáil sa bhrabhsálaí atá agat faoi láthair, ní bheidh cáilíocht na rudaí a fheicfidh tú chomh maith agus a thiocfadh leo a bheith. Iarrtar ort smaoineamh ar bhogearra do bhrabhsálaí a uasghrádú nó ar stílbhileoga cascáideacha (CSS) a chumasú más féidir.