Main content
Sorry, this clip is not currently available

Ceann Dubhrann - eip 5

Sa chlár seo déanann John cur síos ar shaol a óige in Albain, áit a ndeachaigh sé ar lorg oibre lena athair.

Sa chlár seo déanann John cur síos ar shaol a óige in Albain, áit a ndeachaigh sé ar lorg oibre lena athair agus é sna déaga. Cuid de shraith speisialta ina labhrann Antaine Ó Donnaile le Seán Ó Duibheannaigh, nó John Ghráinne mar is fearr aithne air.

CEANN DUBHRANN 5 - TRANSCRIPT

Is é do bheatha agus tá fáilte romhat go clár eile sa tsraith Ceann Dubhrann ina mbím féin agus John Ghráinne ag caibidil laetha atá sa lá atá inniu agus na laetha a bhí. Agus fáilte romhat ar ais, a John, chun an chláir seo.

Go raibh maith agat, a Antaine.

Bhuel, a John, an chéad chlár a rinne tú liomsa, chuaigh muid beirt ar ais go Contae Thír Eoghain, go dtí an áit a raibh tú féin nuair a bhí tú ceithre bliana déag agus tú ar an Lagán - Glenmacopher i gContae Thír Eoghain ansin. Agus chaith tú sé mhí agus clár iontach a bhí ansin agus bhí daoine ag caint air agus tá ag caint air go fóill. Ach an bhliain ina dhiaidh sin, an bhliain i ndiaidh duit bheith i dTír Eoghain, bhí tú le ghabháil ar ais go Tír Eoghain nó sin a gheall tú do Paddy Bell MacNamee ach cha dteachaigh tú ar ais. Chuaigh tú go hAlbain mar a rinne cuid mhór daoine eile.

Chuaigh tú chun Lagáin i dtús ama go dtí gur fhoghlaim tú an dóigh le bheith i measc coimhthíoch agus an dóigh le hoibriú ar shiúl as an bhaile. Lig tú amach greim a bhí agat ar sciorta do mháthara agus ar osán bríste d’athara. Agus b’éigean duit a ghabháil i mbun an tsaoil duit féin.
Chuaigh tú amach fríd an tsaol agus gan Béarla – féadaim a rá - gan Béarla ar bith agat. Agus ní raibh an Béarla trom in am ar bith - níl sé trom go fóill an méid Béarla atá againne anseo. Ach san am sin ní raibh a dhath againn ach cá bith leathuair bheag a fuair muid ar an bhunscoil ag scríobh agus leathuair bheag ag léamh. Agus ní raibh a fhios againn cad é a bhí muid a léamh nó a scríobh nó cad é a bhí an máistir a rá nuair a labhródh sé i mBéarla. B’annamh a labhródh sé i mBéarla ceart go leor.
Ach sin mar a chuaigh mise go Tír Eoghain. Agus ní raibh Béarla ar bith agam. Ach ní raibh mé i bhfad i dTír Eoghain go dtí gur fhoghlaim mé a oiread Béarla agus go raibh mé ábalta oibriú fríofa agus iad a thuigbheáil. Agus thuig siad mé, creidim, ar chineál de dhóigh. Ba doiligh mo thuigbheáil, creidim.

Ach bíodh a fhios agat go smaointím go minic ar an méid rudaí a thig le duine a dhéanamh nuair a thig crua air. Tá focal againn : ‘nuair a thig crua ar an chailligh caitheann sí seanléim.’ Agus is é a dhálta sin againne é. Nuair a théid sé, nuair a théid an chúis go cnámh na huillinne agus nach bhfuil ann ach ‘labhair i mBéarla nó sin, bí réidh leis,’ dhéanfaidh tú sputar mór. Agus sin an rud a rinne mise i dTír Eoghain.
Agus chaith mé mo shé mhí ann mar a bhí mé á inse duit agus tháinig mé chun an bhaile. Ach sin mar a bhí lucht na háite uilig. Rachadh siad go Tír Eoghain agus i ndiaidh bliain nó sé mhé a chaitheamh ansin - cuid acu a chaith cúpla leithbhliain ann agus nó b’fhéidir cuid acu a chaith a dhó nó a trí leithbhliain ann. Ach rachfá go Tír Eoghain an chéad uair agus ansin bhí tú réidh le ghabháil go hAlbain. Ach, a Dhia, bhí difear mór idir a ghabháil go hAlbain agus a ghabháil chun Lagáin.
Anois san am a bhfuil mise ag caint air agus san am a dteachaigh mise go hAlbain, ní raibh sé go holc ar chor ar bith agus a bhí sé roimhe sin. Sula dteachaidh mise go hAlbain – ó tamall maith sula dteachaidh mé go hAlbain, b’fhéidir sula dtáinig mé ar an tsaol – bhí ar na daoine as an áit seo a bhí ag gabháil go hAlbain siúl go mbeadh siad i mBaile na Finne. Ba é sin an áit ba deise daofa a bhfaigheadh siad an traein go Doire.
Bhí an traein ag teacht as Doire go Baile na Finne. Ach ní raibh traein ar bith ag teacht isteach an sciathán seo den tír. Agus shiúlfadh siad go Baile na Finne agus rachadh siad ar an traein go Doire agus rachadh siad go hAlbain.

Anois ó tháinig mise i gcrann, bhí stáisiún thuas anseo i gCroithlí. Agus shílfeá thusa anois nach bhfuil Croithlí i bhfad uainn ach tá sé trí mhíle uainn. Agus níl sin go holc tráthnóna deas nó maidin dheas. Ach dá n-éireófá anseo maidin anróiteach fhuar agus é ag cur agus do mhá – do mhála a thabhairt leat agus do bhráillín gointeog a chur isteach sa mhála sin. Agus an mála a chaitheadh ar do ghualainn agus imeacht ag déanamh ar Stáisiún Chroithlí.
Agus tú ag teacht isteach go dtí an stáisiún sin agus tú bog báite. Agus a ghabháil a shuí ar chlár chrua i gcaráiste ansin. Tá cuimhne agam – tá mé ag déanamh go raibh tuairim is ar cúigear againn ba ghnáth suí ar achán taobh, go raibh tuairim is ar deichniúr againn sa charáiste.
Agus d’imeodh an traein sin léi ag tarraing ar Dhoire. Agus bhí sé go maith i ndiaidh am dinnéara, ag tarraingt ar an tráthnóna nuair a bhain muid Doire amach. Agus tá cuimhne agam – sílim gur ceithre scillingeacha – sin fiche pingin d’airgead an lae inniu - a bhí an turas go Doire a chosnamh. Agus a ceathair agus sé pingne a bhí an bád go Glasgow. Sin a hocht agus sé pingne.
Agus tá cuimhne agam – bunús na ndaoine gur leithghiní a bheadh leo fá choinne a bpasáiste. Bhí sin ag fágáil ocht bpingne déag agat le greim a fháil i nDoire agus greim a fháil i nGlasgow an lá arna mhárach. Agus a chead agat do rogha rud a dhéanamh ina dhiaidh sin. Sin a raibh – ní raibh, ní bheadh - bhí cuid acu a mbeadh punta leo agus an té a mbeadh punta leis, bhuel, bheadh sin á rann leis an chuid eile go minic.

Bhuel, i nDoire ansin tá an-eolas agam nó b’fhéidir barraíocht eolais agam ar thithe tábhairne i nDoire ansin. Tá Beár an Chlocháin Léith, tá Beár Ghaoth Dobhair, tá The Rosses Bar – agus iad uilig ar Waterloo Street. An sin an áit ar ghnách le muintir na Gaeltachta stopadh agus iad i nDoire?

Sin díreach an áit - Waterloo Street. Sin díreach an áit ar ghnách linn déanamh air. Bhí sin mar a bheifeá ag gabháil chun an bhaile. Agus bhí fear as Gaoth Dobhair ansin i Waterloo Street agus teach tábhairne aige – Teach Tábhairne Ghaoth Dobhair. Agus siar anseo, taobh siar den pharóiste seo, bhí fear as na Rosa a raibh an ceann - an teach tábhairne aige díreach ag na thaobh. Agus ba é sin an ceangal a bhí ann. Bhí Rosses Bar a bhí ar cheann acu agus Gweedore Bar ar an cheann eile.
Agus bíodh a fhios agatsa, leis an fhírinne a dhéanamh, gur is iomaí diúlach a d’fhág an baile seo agus a d’imigh ag tarraingt go hAlbain agus cá bith a bhí fágtha acu fá choinne a mbealach a dhíol trasna ar an bhád, bhí sé ólta acu. Agus bhí Mac Suibhne as Gaoth Dobhair – is iomaí agus is iomaí - agus an fear eile fosta - ach Mac Suibhne as Gaoth Dobhair ar scor ar bith, is iomaí fear a dtug sé a phasáiste dó le ghabháil trasna. Agus fuair sé sin ar ais nuair a bhí siad ar a mbealach ar ais. Bhí siad ionraice go leor, an dtuigeann tú.
Ach chuaigh mé féin cúpla uair. Agus bíodh a fhios agat, ní raibh neart agat air. Bhí dhá rud ort. Bhí beaguchtach ort ag imeacht go hAlbain. Ní raibh a fhios agat faoi Dhia cé acu a gheofá obair nó nach bhfaighfeá. Agus bhí a bheagán nó a mhórán de chumha ort fosta ag imeacht. Anois bhí tú ag fágáil na háite seo, ag fágáil spórt agus greann agus cuideachta. Agus bhí tú ag gabháil anonn go hAlbain in áit nach gcluinfeá a dhath amuigh sna cnoic agus amuigh fríd an tír ach caoirigh ag méiligh. Sin anois a raibh le cluinstin agat ó na háiteacha sin.
Ach ar scor ar bith, rachfá go Doire. Chaithfeá an chuid eile cúpla uair ansin go dtí go mbeadh an t-am ag an bhád imeacht. Rachfá síos agus rachfá isteach ar an bhád sin agus bád eallaigh a bhí inti ach go raibh sí ag iompar pasantóirí fosta. Agus rachfá isteach ar an bhád sin agus ní bheadh an bád thíos ag béal na locha mar is ceart go dtí go mbeadh na daoine agus achán ghrua bhig á bhaint amach astu le tarraingt orla. Bhí an boladh a bhí ann go holc le tinneas farraige. Agus nuair a rachfá amach béal na locha cá bith faoi Dhia sróite a bhí ansin, rachadh an bád a dh’éirí agus a thitim agus rachadh daoine a dh’éirí iontach tinn. Agus is iomaí oíche agus maidin a fuair muid ár sáith de sin.
Sheol an bád léi agus ní raibh a leithéid de rud ann san am agus tae nó do chuid a fháil ar an bhád. Ní raibh a dhath ar bith ann!

An raibh foscadh ann ?

Ó bhí. Bhí foscadh ann cinnte. Thiocfadh leat a ghabháil síos ar íochtar. Bhí seomra thíos ar íochtar agus luífeá ansin. Ach mura raibh tú tinn ag gabháil síos duit, d’éireófá tinn iontach gasta i ndiaidh a ghabháil síos. B’fhéidir go raibh tú ag gabháil go dtí na múrnáin i dtarraingt an orla a bhí ar an urlár, daoine ag cur amach. Ansin agus bhí rud eile, ní raibh áit ar bith itheacháin ar an bhád. Ach bhí áit ólacháin ar an bhád. Agus duine ar bith, macasamhail iad seo a raibh a sáith punta leo, d’ól siad a sáith ar an bhád. Agus b’fhurast daofa ól an t-am sin má bhí punta leo.
Ach bhainfí Glasgow amach – tá cuimhne agam – tharraingeodh an bád isteach in áit a raibh Greenock air an chéad uair. Agus thigeadh cuid de na pasantóirí dó ansin. Ach d’fhanódh an chuid eile air go dtí suas an Clyde go mbeifeá i nGlasgow. Thiocfá amach ansin agus tú tinn agus tú tuirseach agus gan pingin in do phóca agus agat le himeacht as Glasgow a chuartú oibre. Ar ndóighe rachfá go dtí teach inteacht a raibh aithne agat ar dhaoine ann. Bhí daoine as an áit seo a raibh cónaí orthu i nGlasgow san am. Agus gheofá greim bídh ansin.
Agus d’fhágfá sin agus d’imeofá ar fud na tíre a chuartú oibre. Agus san am a bhfuil mé ag caint air, ní raibh maith duit imeacht ar fud na tíre a chuartú oibre agus gan cuma ar bith ort. Chaithfeá péire de bhróga maithe troma a raibh táirní bonna iontu. Agus bearád anuas go dtí na súile. Agus bíodh a fhios agat má chuaigh tú go dtí – is iad a rachadh go dtí doras agus bhuailfeá ag an doras agus chuirfeá ceist ar an fhear an mbeadh - raibh oibrí a dhíobháil air.
Anois bhí sé i muinín an t-am de bhliain a bhí ann. Ar ndóigh an t-am de bhliain a d’fhág muidne anseo i gcónaí, bhí tú sa bhaile go dtí Mí na Féile Eoin. Agus i Mí na Féile Eoin, i dtús Mhí na Féile Eoin, bhí an áit seo, an baile lán fear agus glas-stócach agus glasghasraí agus istigh i gcoicís amháin sula dtigeadh Oíche Fhéile Eoin, bhí an baile bánaithe. Ní raibh a dhath fágtha ach seandaoine nach raibh ábalta ar oibriú nó mná agus páistí. Sin a raibh fágtha.

Agus chuala mé daoine á rá ar na mallaibh go gcaithfidh sé go raibh daoine, go raibh na fir i Rann na Feirste iontach falsa, go raibh siad ag fágáil na hoibre uilig le déanamh ag na mná. Agus is é díobháil tuigbheáil a bhí ar cá bith a shíl sin. Ní raibh na fir ag déanamh sin ar chor ar bith. Ach bhí na fir ag déanamh na hoibre agus ag obair go crua agus ag fágáil achán rud réidh le himeacht go hAlbain.
Ach bhí cineálacha oibre ann nach raibh siad ábalta a dhéanamh in am sula n-imeodh siad go hAlbain, mar shampla, d’fhágtaí an mhóin bainte. Dhéanadh siad cinnte de sin. Ach go minic bhí ag na mná agus ag na páistí leis an mhóin a ghiollacht mar dá bhfanódh na fir go dtí go mbeadh an mhóin giollachtaiste, bhí siad rómhall ag séasúr thanú na dturnips. I Mí na Féile Eoin a bíos tanú na dturnips ann. Agus an dóigh chéanna nuair a thigeadh an fómhar, ghlacfadh na mná a ghabháil amach lena gcorráin agus an fómhar a bhaint mura bhfaigheadh siad seanduine lena speal a bhí ábalta ar an spealóireacht.

Ach rachfá go hAlbain mar a dúirt mé agus d’imeófá ar fud na tíre agus rachfá go dtí doras agus bhuailfeá ag an doras nó chuirfeá ceist an raibh duine ar bith a dhíobháil orthu fá choinne tanú thurnips. B’fhéidir go raibh má bhí an t-ádh ort. Ach fiche b’fhéidir nach raibh duine ar bith a dhíobháil orthu, go raibh a gcuid lámha, a gcuid lámha féin ábalta ar an obair a choinneáil síos, go raibh go leor ag obair ar an fheirm agus nach raibh Éireannach ar bith a dhíobháil orthu.
Agus shiúlfá leat ansin ach is é an rud a bhí ann, má fuair fear thall agus abhus obair, má bhí tú buailte amach agus nach bhfuair tú obair chuaigh tú chuig an fhear sin an oíche sin agus luigh tú ag an fhear sin go maidin. Agus d’éirigh tú ar maidin agus d’imigh tú arís. Agus an t-ocras is mó a bhí ag cur ar na daoine.

Dá mbeifeá ag siúl le scaifte gan obair, daoine a bheadh díomhaoin seachtain,

Is é.

Cad é mar a chuir sibh greim in bhur mbéal? Cad é a d’ith sibh?

Bhuel, inseoidh mé sin duit. Shuífeadh fíorbheagán. Is minic a bhí a gcuid buataisí ag búirigh le hocras. Agus sin - chuala mé go minic do phutóga ag búirí le hocras. Is minic a bhí na putóga ag búirigh le hocras. Agus seo an áit a dtig an focal isteach – gadaíocht. Agus tá mé ar fhear chomh hionraice agus atá thart. Agus ní chreidim agus ní thugaim isteach gur gadaíocht atá ann ar chor ar bith nuair atá tú lag leis an ocras rud inteacht a dhéanamh le greim a fháil le hithe.
Agus is iomaí agus is iomaí uair a chuathas isteach i mbóitheach cearc agus fuarthas greim gáilligh ar an chearc. Chaithfeá bheith cleachtaithe. Anois ní dhearna mise é – tá sé chomh maith agam bheith ionraice. Ní dhearna mé é. Ach bhí mé sa scaifte agus ní raibh fiacha ar achán duine a dhéanamh.
Agus caithfidh tú má tá tú ag gabháil a ghadaíocht cearc, caithfidh tú bheith iontach cúramach agus gan greim eiteoige a fháil uirthi nó rachadh sí a scolgornaigh nó a ghlógarsaigh agus dhéanfaidh sí scéala ort. Caithfidh tú greim sceadamáin a fháil uirthi. Agus bíodh a fhios agat sa dorchadas go bhfuil sé iontach doiligh fios bheith agat gur greim sceadamáin atá tú a fháil ar an chirc. Ach -
Seo nuair a bheadh na cearca ina gcodladh san oíche?

Seo nuair a bheadh na cearca ina gcodladh san oíche. Rachfá isteach. Bhéarfá amach an chearc - b’fhéidir cúpla cearc. B’fhéidir go dteachaigh cúpla duine isteach. Agus tugadh amach an chearc agus fuarthas giotaí adhmaid – cipíní nó bráinsí crann – tá neart coillte fríd Albain – bráinsí crann. Agus cuireadh síos tine amach giota beag ó thaobh an bhealaigh san áit a raibh fairsingeacht agat agus go m’fhéidir nach raibh tú ar amharc daoine go mór.
Agus chuir tú síos tine agus fuair tú clé ghorm, rud atá furast go leor a fháil ansiúd agus anseo. Fuair tú clé ghorm. Chuir tú an chearc sin ar an chumaraíocht – ar an chumaraíocht díreach mar ar mharaigh tú í. Thacht tú í agus chuir tú isteach sa chlé ghorm í. Agus chuir tú sin thart uirthi ina bhúiste, thart uirthi. Agus chuir tú isteach i lár na tinibh í idir chorp agus chleiteacha.

Agus putóga?

Putóga, an t-iomlán léir – chuir tú an chearc isteach sa tine. Agus shuigh tú ansin. Agus an bhfuil a fhios agat go raibh a fhios agat go hiontach maith cá huair a bhí an chearc sin réidh. Nuair a thoisigh an chlé ghorm a scoilteadh leis an teas, bhí an chearc réidh. Agus is iomaí uair a bhí muid ag fanacht go crua leis an chlé ghorm scoilteadh. Bhí an chearc réidh an t-am sin.
Agus an rud a bhí iontach maith fá dtaobh dó, chaithfeá di an chlé ghorm agus bhí do chearc ansin feannta – ní raibh sí feannta, bhí an craiceann uirthi. Ach bhí an chluimhreach agus na heiteoga nó cluimheach agus na - iomlán taobh amuigh, cleiteacha agus cluimhreach greamaithe den chlé ghorm.
Agus thug tú amach do scian phóca agus ghearr tú an chearc sa tóin. Agus chuir tú isteach do lámh. Agus ina chnap bheag chrua, bhí iomlán phutóga na circe agus nó rud inteacht de dhíobhálach ansin. Agus ní raibh agat ach breith air in do lámh agus a chaitheamh ar shiúl. Agus shuigh tú síos ag cearc dheas rósta a bhí chomh blasta le haon chearc a bhfaighfeá i dteach ósta sa tír. Agus is iomaí uair a rinneadh rudaí mar sin.
Ach ansin arís, ní dhearnadh sin i gcónaí. Ní hé sin an rud a bhain an t-ocras i gcónaí. Bhí i gcónaí is cuma cad é, bhí i gcónaí corrfhear ag obair. Agus cá bith áit a raibh an fear sin, ní raibh siad olc nó rannfadh sé é. Bhí seisean ag fáil páighe. Agus bhéarfadh sé scillingeacha - anois ní raibh puntaí ar bith ag gabháil. Bhéarfadh sé scillingeacha le b’fhéidir, giota beag aráin a cheannach nó rud mar sin. Agus choinneofá cuimhne ar na scillingeacha sin. Agus b’fhéidir an fear a thug na scillingeacha sin duit, roimhe dheireadh na bliana go raibh tusa ag tabhairt scillingeacha dó gur eisean a bhí ar an bhealach.
Mar sin dó ní raibh sé ag díol duine ar bith bheith dúlaí nó danartha, an dtuigeann tú. Chaithfeá bheith fial fairsing leis an mhuintir a tháinig thart nó ní raibh a fhios agat cén bomaite a bhí tú féin ag gabháil a bheith sa bhád chéanna.

Sin an dóigh a bhí – agus bhí bliain – sin tanú na dturnips – sin anois Mí na Féile Eoin. Agus an bhfuil a fhios agat níorbh í an mhí ba mheasa í nó bhí – is cuma dá mbeadh sé ag cur féin, ní raibh aon fuacht mór ann. Agus ní raibh aon sioc ná aon sneacht ann. Agus is iomaí uair agus muid ag tanú turnips nuair a bheifeá réidh, b’fhéidir an tráthnóna agus de réir an phíosa a bhí tú ag obair, ní de réir na huaire nó ní de réir na seachtaine ach de réir an phíosa, an méid airgid a rinne tú, rinne tú é as an méid oibre a rinne tú. Agus nár bheag an pháighe a bhí againne an t-am sin. Bhí mise ag tanú thurnips agus ag obair go crua - dhá phingin agus leithphingin ar chéad slat. Anois céad – tá giota maith in céad slat.
Ach bhí cuid acu maith ag tanú agus cuid acu olc ag tanú. Agus d’fhágfá, b’fhéidir, dá bhfaca dúblú – tuigfidh tú sin fosta - dá bhfágfá dúblú istigh – sin dhá phlánda ag taobh a chéile, ní raibh an feirmeoir sásta leis sin mar bhí dhá thurnip bheaga ag gabháil a bheith aige nach raibh ag gabháil bheith suas le mórán. Bhí – ní raibh dúblú ar bith le bheith ann.
Agus ansin, b’fhéidir, corruair go mbuailfeá in áit a raibh tú ag tanú na dturnips agus gur chaith tú amach an plánda ar fad agus ní raibh faill agat é a chur isteach ar ais, bhí barraíocht díofraí agus deifre ort. Agus ní raibh an feirmeoir sásta leis sin ar chor ar bith. B’fhéidir go raibh giotaí fada nach raibh plánda ar bith, gur chaith tú amach barraíocht.
Agus is minic nuair a chríochnaigh muid suas, bíodh a fhios agat, san am a bhfuil mé ag caint air, ní raibh oideachas mór ag na daoine ar ghnoithe uimhreacha. Agus bhí an feirmeoir ábalta go minic an dallamullóg a chur ar an té a bhí ag obair aige. Agus bíodh a fhios agat go raibh na feirmeoirí iontach santach an t-am sin in Albain – b’fhéidir go bhfuil go fóill, agus a dhath a bhfuil a fhios agamsa. Ach is iomaí Éireannach bocht a cuireadh chun an bhealaigh i ndiaidh a chuid airgid a fháil agus i ndiaidh críochnú suas agus pócaí amaideacha leis. Gan é ag fáil an airgid ba cheart dó bheith aige cionn is nach raibh sé féin ábalta an t-airgead a dhéanamh suas mar is ceart.

Ach shiúlfá leat, b’fhéidir gur chríochnaigh tú suas tráthnóna agus bhí an feirmeoir chomh dúlaí agus nár mhaith leis suipéar a thabhairt an oíche sin duit agus bricfeasta ar maidin. Agus déarfadh sé go gcaithfeá imeacht an oíche sin agus b’fhéidir é ag gabháil ó sholas d’oíche.
Agus d’imeofá agus b’fhéidir go rachfá a fhad le háit inteacht a raibh duine ag obair má chuala tú duine bheith ag obair in áit ar bith. Ach os a choinne sin, is iomaí oíche a luigh muid amuigh go maidin. Ach mar a dúirt mé, an t-am de bhliain a bhí ann, rachfá isteach go dtí garradh cruach in áit inteacht agus b’fhéidir go, má bhí a dhath ar bith ansin gur tharraing tú in do mhullach é agus chodlaigh tú i gceart. Bhí muid óg. Chodail tú i gceart go maidin.

Nár thug na feirmeoirí lóistín ar bith daoibhse?

Ó, bhuel, thug. Thug agus ní thug. Rachfá chuig feirmeoir. Gheofá obair agus gheofá áit luí agus gheofá do chuid. Ach an áit luí a gheofá in áit a raibh siad i ndiaidh na caiple a chur amach ar an fhéar an t-am sin de bhliain agus ní raibh fiacha orthu bheith istigh. Agus luigh tusa i gceann de na stáblaí, i gceann de na stáblaí. Agus níorbh é an áit ba mheasa an stábla. Ní raibh sé go holc.
Ach dá gcuirfí suas tú ar áit a bhí thuas ar uachtar, áit a raibh siad ag coinneáil grán agus málaí mine agus rudaí mar sin, na feirmeoirí seo, bhí na háiteacha sin ar snámh le luchóga móra. Agus is iomaí oíche a chonaic mise luchóg mhór ag tabhairt an bhríste amach as faoi mo cheann. Agus síleann daoine anois – b’fhéidir go sílfeadh daoine anois leis an chaint seo gur cineál de finnscéalta atá iontu. Ach tá a fhios agamsa go bhfuil daoine beo go fóill a dtig leo a chruthú cad é a dtáinig siad – ní chreidfí anois ar chor ar bith é.
Agus mar a déarfá, bhí sé i muinín cad é an sórt bliana a bhí ann. Má bhí bliain ann nach raibh fás maith ann agus nár fhás na tornaipí, bhí siad féin ábalta ar an obair a dhéanamh. Ach má bhí bliain ann a raibh fás maith ann agus go dtáinig siad aníos, chaithfí na hÉireannaigh a chur a dh’obair.
Agus bíodh a fhios agat nuair a smaointím anois air, i ndiaidh an iomláin agus i ndiaidh an cruatan a bhí ann agus i ndiaidh an t-ocras agus an t-ampla a bhí daoine a fháil, bhí daoine ann a bhí ag filíocht. Agus ar ndóighe, san am a bhfuil mé ag caint air, bhí cuid mhór daoine ag caint ar fhilíocht. Tá cuimhne agamsa agus mé i mo ghasúr mura ndéanfadh ach buachaill in abar, déarfaí nár dheas cúpla ceathrú a dhéanamh fá dtaobh dó agus rudaí mar sin.
Bhí muidne thall in Albain, mar a dúirt tú, corráit agus bheadh beirt, dhá chomrádaí ag obair in áit amháin, ar aon fheirm amháin. Ach cuid mhór de na háiteacha, ní bheadh ach duine amháin ag obair. Agus bhí an fear seo a raibh aithne mhaith agam air, bhí sé ag obair agus ní raibh aon duine aige ach é féin. Agus b’fhéidir go raibh níos mó ama aige le bheith ag smaointiú.
Agus tháinig seo chugam lá amháin agus dúirt sé : ‘Bhí mé ag filíocht aréir i ndiaidh a theacht isteach ó mo chuid oibre.’ Chuir mé ceist air cad é an fhilíocht a bhí sé a dhéanamh. Agus anois, d’inis sé domh é agus tá sé fríd mo cheann ach tá píosa dó agam go fóill. Agus smaointigh anois, ní smaointeodh duine ar bith go raibh strácáil ar bith orainne ag gabháil fríd Albain, go raibh duine ar bith ag smaointiú ar fhilíocht. Ach tá cuimhne agam ar an rud a dúirt sé :
‘A chlanna Gael as Éirinn, éistigí le mo rann.
Is ná bígí á rá inniu ná amárach go raibh mé á rá le greann.
Tá an Samhradh againn arís is tá na hÉireannaigh ag teacht anall.
Is tá bád Dhoire lán de mhuintir Chontae Dhún na nGall.
Tháinig bhur n-aithreacha chun na tíre seo sula dtáinig sibh chun tsaoil.
Chuaigh cuid acu a sclábhaíocht is cuid eile acu ó mhaoin.
Ghearr siad anuas an fómhar le corrán is le speal.
Is ba mhaith ab oinigh an tÉireannach as Contae Dhún na nGall.
Tá a fhios agaibh sa tír seo nach bhfuil fáilte do bhur ndream.
Ach beidh ag lucht na tábhairne má ólann sibhse lionn.
Ach cruinnigí suas na pingineacha agus smaointigí go mall
Ar ghleanntáin ghlasa Thír Chonaill i gContae Dhún na nGall.’
Anois,

Sin comhairle iontach maith ar fad.

Anois, an bhfuil a fhios agat, comhairle mhaith a bhí ann cinnte. Agus leoga, an duine bocht a bhí ag tabhairt na comhairle, níor ghlac sé féin ar chor ar bith í.

Á an créatúr. Ar an drochuair, a John, arís tá muid - tá deireadh an chláir bainte amach againn.

Ó a Dhia!

Ach sílim go dtiocfadh linn an chéad chlár eile a dhíriú isteach ar Albain arís. Tá tanú na dturnips déanta againn.

Tá tanú na dturnips …

Agus tá muid ag gabháil an bealach mór arís agus rachaidh muid ar aghaidh go dtí an chéad obair mhór eile

Leanfaidh muid ar aghaidh go dtí an féar agus an fómhar agus tarraingt na dturnips.

Maith go leor. Bhuel go raibh míle maith agat arís.

Go ndéana a mhaith duit, a Antaine. An fad sin de thinneas bliana nach raibh ort.

GLUAIS:
arraing orla: inclination to vomit
sróite : currents
múrnáin : ankles
glas-stócach : callow youth
bánaithe : deserted
giollacht : attend
corrán : sickle
speal : scythe
spealadóireacht : mowing
búirigh : bellowing
putóga : guts, stomach
gáilleach greim gáilligh : hold of open mouth, jaws
scolornaigh : cackling
glógarsaigh : chuckling
búiste : stuffing
cluimhreach : plumage
dúlaí : niggarfly
danartha : inhospitable
ampla : hunger
abar : boggy ground
strácáil : struggle

Duration:

29 minutes