
Ceann Dubhrann - eip 7
Sa chlár seo tá John ag insint scéalta dúinn ó mhiotaseolaíocht na hÉireann, scéalta a chuala sé go minic ag oícheanta airneáil agus é ag fás aníos.
Sa chlár seo tá John ag insint scéalta dúinn ó mhiotaseolaíocht na hÉireann, scéalta a chuala sé go minic ag oícheanta airneáil agus é ag fás aníos. Is sraith speisialta í seo ina labhraíonn Antaine Ó Donnaile le Seán Ó Duibheannaigh, nó John Ghráinne mar is fearr aithne air.
CEANN DUBHRANN 7 - TRANSCRIPT
Is é do bheatha agus tá fáilte romhat go clár eile de Cheann Dubhrann. Go dtí seo, a John, bhí muid ag caint fá Albain, stair Choláiste Bhríde agus cuid mhór rudaí eile. Ach inniu is ar an scéalaíocht atá muid ag gabháil a dhíriú.
Is é, bhuel. Tá, clár chomh maith agus atá ann, scéalaíocht. Tá seanchaint bhreá sa scéalaíocht.
Agus an bhfuil tú sásta scéal a inse dúinn inniu?
Tá mé breá sásta scéal a inse má tá sibhse, má tá sibhse sásta éisteacht leis, tá mise sásta a insint.
Tá.
Bhuel, fan go bhfeice mé. Tá mé ag déanamh go n-inseoidh mé ‘Cearrbhach Mhac Cába.’ Agus tá sé measartha fada ach ní fiú briseadh ina leath – tá sé chomh maith é a chríochnú. Toisíonn sé mar seo:
Bhí giota talamh agus teach ag an Chearrbhach Mhac Cábla, cosúil le mar a bhí ag an chuid eile de na chuid comharsanach. Ach má bhí féin, bhí sé beo bocht. Bhí sé ar shiúl achán áit agus paca cárdaí leis ar iompar. Agus níl aon duine a gcasfaí dó nach gcuirfeadh sé ceiliúir imeartha air. Agus ar an dóigh sin, nuair a bhí a chuid comharsanach ag bisiú sa tsaol agus ag teacht aníos, is é rud – an rud a bhí an Cearrbhach ag gabháil in abar sa tsaol.
Agus lig sé a theach in arracht agus a chuid talamh chun báine. Agus bheadh sé ina luí sa lá, ina chodladh agus ar shiúl san oíche ag cearrbhachas. Agus ní thiocfadh leat a bheith ag dúil le mórán eile éirí don Chearrbhach ach mar a d’éirigh.
Bhí sé oíche amháin ar shiúl as baile agus bhí sé ag cearrbhachas i rith na hoíche go dtí gur chaill sé an phingin dheireanach ina sheilbh. Tháinig sé chun an bhaile ar maidin le bodhránacht an lae agus é briste brúite agus gan pingin rua ar a thús ná ar a dheireadh.
Agus ar a theacht isteach chun tí dó sa bhaile, fuair sé scaifte ban, cuid ban na comharsa, istigh agus iad ag giollacht ar a bhean. Bhí a bhean i ndiaidh duine clainne a bheith aici in am inteacht fríd an oíche agus eisean ar shiúl ag cearrbhachas.
Dúirt bean de na mná leis go mb’fhearr dó a ghabháil agus sagart a fháil a bhaistfeadh an leanbh. Agus ar ndóighe, dúirt an Cearrbhach gur sin an saothar ba lú a thiocfadh leis a dhéanamh. Agus d’imigh sé, ag tarraingt ar an tsagart nó ag tarraingt ar theach an tsagairt, cé acu a bhí an sagart istigh nó nach raibh.
Nuair a chuaigh sé giota den bhealach, chonaic sé fear óg ag tarraingt air. Agus d’aithin sé ar chruthaíocht an fhir óig gur stráinséir a bhí ann. Agus nuair a tháinig sé féin, mar Chearrbhach agus an fear óg seo in araicis a chéile, bheannaigh an Cearrbhach don fhear óg agus bheannaigh an fear óg dó. Bheannaigh an Cearrbhach an fear óg ó mhullach a chinn go barr a choise. Agus chonacthas dó ar bhuille a dhá shúl ariamh agus nach bhfaca sé fear a bhí chomh dóighiúil agus chomh gnaíúil leis. Bhí sé iontach deas.
Dúirt an fear óg leis: ‘Tá tú ag gabháil fá choinne sagairt,’ ar seisean, ‘a bhaistfeas do leanbh duit.’
‘Tá. Sin an áit a bhfuil mé ag gabháil,’ arsa an Cearrbhach. ‘Ach ba mhaith liom fios bheith agam: cad é mar atá a fhios agatsa cá bhfuil mé ag gabháil nó cad é an gnaithe atá agam?’
‘Ó,’ arsa an fear óg: ‘Mise Dia. Agus má philleann tú liomsa anois, baistfidh mise do leanbh duit.’
‘Bhuel, ní phillfinn a shaothar orm,’ arsa an Cearrbhach. ‘Nó más tú Dia, socraigh ceann atá tú a chaitheamh liomsa. Nuair atá mo chuid comharsanach á rolladh féin i só an tsaoil, cá bith rud atá mise ag titim ar gcúl achán lá a bhfuil ag teacht orm. Mar sin dó,’ ar seisean le Dia, ‘ní bheidh a dhath agamsa nó ag mo leanbh le déanamh leat.’ Agus shiúil sé leis.
Chuaigh sé giota beag eile agus níorbh fhada go bhfaca sé stráinséir eile fir ag tarraingt air. Agus nuair a tháinig sé féin agus an stráinséir a fhad le chéile, d’amharc sé ar an stráinséir – d’aithin sé go hiontach maith gur stráinséir a bhí ann, nach duine de lucht na háite a bhí ann.
Agus chonacthas dó nach bhfaca sé ariamh ina shaol fear a bhí chomh míofar leis. Críonglach d’fhear chráite ard chromshlinneánach agus é buí meirgeach agus na cnámha ag gabháil fríd an chraiceann aige.
‘Tá tú ag gabháil fá choinne sagairt a bhaistfeas do leanbh duit,’ arsa an stráinséir.
‘Sin an áit a bhfuil mé ag gabháil arsa an Cearrbhach. ‘Ach cad é mar atá a fhios agatsa cá bhfuil mé ag gabháil?’
‘Mise an Bás,’ arsa an fear eile. ‘Agus ní thig neach chun tsaoil agus ní fhágann neach an saol i nganfhios domsa. Casadh Dia ort, thoir ansin, an bealach,’ ar seisean, ‘sular casadh mise ort agus tháirg sé do leanbh a bhaisteadh agus dhiúltaigh tú é. Leoga,’ ar seisean,’ d’fhéadfadh a chomhairle a ghlacadh. Ach má philleann tú liomsa anois, beidh mise i mo charas Chríost ag do leanbh.’
Phill an Cearrbhach leis an Bhás. Shiúil siad leo go dtí an áit a raibh Dia ina sheasamh ag fanacht leo. Chuaigh Dia agus an Bás agus an Cearrbhach go teach an Chearrbhaigh. Bhaist Dia an leanbh agus bhí an Bás ina charas Chríost aige.
Ansin d’imigh Dia leis, ar ndóighe agus dúirt an Bás leis an Chearrbhach: ‘Nár mhór an trua gur lig tú Dia ar shiúl’ arsa seisean, ‘gan achaine a iarraidh air.’ D’imigh an Cearrbhach chomh tiubh géar agus a tháinig leis go dtí go dtáinig sé a fhad leis an áit a raibh Dia.
‘Tá mé ag iarraidh achaine ort,’ ar seisean le Dia. ‘Cad é atá tú a iarraidh? Cad é an achaine atá tú a iarraidh,’ arsa Dia.
‘Tá mé ag iarraidh achaine,’ ar seisean, ‘bua chearrbhaigh an domhain a bheith agam.’
‘Bhuel, gheobhaidh tú d’achaine,’ arsa Dia.
Phill an Cearrbhach agus é chomh sásta le píobaire. Dar leis féin, tá mé i gceart as seo suas.’ Nuair a tháinig sé a fhad leis an Bhás, chuir an Bás ceist air cad é an achaine a fuair sé ó Dhia.
‘Fuair mé achaine agus achaine ar dóigh an iarraidh seo’ ar seisean. Tá achaine agam, bua chearrbhaigh an domhain bheith agam.’
‘Bhuel,’ arsa an Bás, ‘leoga, níor iarr tú mórán d’achaine,’ ar seisean. ‘Bí ar shiúl anois agus iarr achaine eile.’
D’imigh an cearrbhach sna featha fásaigh go dtí go dtáinig sé a fhad leis – le Dia. Chuir Dia ceist air cad é a bhí sé a iarraidh anois.
‘Tá mé ag iarraidh achaine eile,’ ar seisean le Dia. ‘Agus cad é an achaine atá tú a iarraidh,’ arsa Dia. ‘Tá mé ag iarraidh achaine,’ arsa seisean, ‘bua dhochtúirí an domhain a bheith agam.’
Fuair sé an achaine sin ó Dhia fosta agus phill sé. Agus char lúcháir é go dtí sin.
Tháinig sé a fhad leis an Bhás. Chuir an Bás ceist air agus d’inis sé dó cad é an achaine a fuair sé agus baineadh stangadh as an Bhás. Agus chroith sé a cheann. Ach níor dhúirt sé a dhath ach a iarraidh ar an Chearrbhach a bheith ar shiúl:
‘Fuair tú achaine gan dóigh’ ar seisean, ‘Ach imigh anois agus iarr achaine mar is ceart.’
D’imigh an Cearrbhach go dtáinig sé a fhad le Dia agus d’iarr sé achaine ar Dhia. Dúirt Dia go dtabharfadh cad é an achaine a bhí sé a iarraidh.
‘Bím ar shiúl ag cearrbhachas,’ ar seisean. ‘Agus tig daoine agus goideann siad úllaí ó chrann atá ag fás sa gharraí cois an tí agam. Agus tá mé ag iarraidh achaine:duine ar bith a leagfas a lámh ar úlla den chrann, go ngreamóidh a lámh den úlla agus go ngreamóidh an t-úlla don chrann agus go mbeidh sé ansin go dtí gur mian liomsa é a cheann a ligean leis.’
Fuair sé an achaine sin agus phill sé. Chuir an Bás ceist air cad é an achaine a fuair sé.
‘Ní inseoidh mé sin duit féin nó do dhuine ar bith eile,’ arsa an Cearrbhach.
‘Bhuel, tchím go díreach, arsa an Bás. ‘Ach fuair tú achaine amháin,’ ar seisean ‘nach bhfóir rómhaith do mo ghnóithese. Fuair tú achaine, bua dhochtúirí an domhain bheith agat. Agus,’ ar seisean, ‘ní fhóireann sé sin domhsa, rud nach bhfóirfeadh. Anois,’ arsa seisean, ‘dhéanfaidh mé margadh leat fán achaine sin. Teach ar bith a rachaidh tú isteach ann agus tú ag dochtúireacht agus duine tinn ann, má bhímse i mo shuí ag ceann na leapa, ná leigheas an duine sin. Lig an duine sin liom nó mura ligfidh, beidh tú féin liomsa ina áit.
Ach má bhím i mo shuí ag cos na leapa, thíos ar íochtar na leapa, thig leat an duine sin a leigheas. Níl mé ag iarraidh ort gan é á dhéanamh. Leigheas an duine sin.’
‘Tchím,’ arsa an Cearrbhach. ‘Tá mé breá sásta den mhargadh sin.’
Ansin d’imigh an Bás leis lena ghnóithe féin agus d’imigh an Cearrbhach a dh’imirt chárdaí. Bhí sé ag imirt cárdaí agus ag cearrbhachas go dtí gur bhain sé an méid airgid a chaill sé ariamh agus i bhfad i bhfad níos mó – tuilleadh lena chois. Bhí sé ag imirt go dtí an deireadh a bhí air ní bhainfeadh duine ar bith a d’imreodh cárdaí leis.
Ansin stad sé d’imirt na gcárdaí agus chuaigh sé a dhochtúireacht. Agus bhí – chuaigh a ainm a fhad agus nach dteachaigh a chos dá mhéad agus a bhí sé ag leigheas daoine. Ag leigheas daoine achán lá go dtí go bhfuair sé ainm mór agus lena chois sin go dtearn sé a shaibhreas. Bhí sé ag déanamh a shaibhris achán lá a gcuirfeadh sé a cheann ina léine.
Nuair a bhí sé ag leigheas agus ag leigheas leis, bhí sé ag smaoineamh cad é an margadh a rinne sé leis an Bhás agus go raibh sé ag fáil ar shiúl leis go hiontach maith. Ní raibh an Bás ina shuí ag ceann na leapa in áit ar bith a raibh sé ag gabháil isteach. Bhí an Bás i gcónaí, má bhí sé ansin ar chor ar bith, bhí sé ag cos na leapa.
Ach d’éirigh fear uasal, iontach saibhir thall sa Spáinn, d’éirigh sé iontach tinn. Agus tugadh dochtúirí ar dhroim dochtúirí chuige ach ní raibh dochtúir ar bith ábalta ar é a leigheas. Tugadh na dochtúirí ab fhearr sa Spáinn ann ach ní raibh dochtúir ar bith ábalta ar é a leigheas.
Sa deireadh nuair a bhí an fear uasal seo ag gabháil sa déanach, tháinig daoine muinteartha dó. Agus nuair a chonaic siad an dóigh a bhí air, mhol siad dona bhean scéal a chur go hÉirinn fá choinne an Chearrbhaigh Mhic Cába. Agus má bhí leigheas i ndán dó ar chor ar bith go leigheasfadh an Cearrbhach é.
Gléasadh bád agus cuireadh foireann uirthi agus seoladh go hÉirinn agus fuair siad an Cearrbhach. Agus thug siad leo chun na Spáinne é. Ach nuair a chuaigh an Cearrbhach isteach chun an tseomra sa teach a raibh an fear tinn ann thall sa Spáinn, fuair sé an Bás ina shuí ag ceann na leapa. Baineadh stangadh as an Chearrbhach. Ní raibh a fhios aige cad é ba cheart dó a rá nó a dhéanamh. Bhí a fhios aige go raibh sé féin ag gabháil a fháil bháis dá leigheasfadh sé an fear eile.
Chuir an Bás cár air, cár – strabhas. Agus chuir an Cearrbhach strabhas air leis an Bhás. Anois níor léir do dhuine ar bith ach amháin an Cearrbhach, níor léir dó an Bás. Agus shíl siad uilig go raibh sé ag cur cáranna ar an fhear a bhí ina luí tinn.
Agus chuir bean an fhir uasail ceist ar an Chearrbhach:
‘An dtig leat m’fhear céile a leigheas?’ ar sise.
Chroith an Cearrbhach a cheann. ‘Ní thig liom,’ ar seisean. ‘Tá mé buartha.’
‘Is mór an trua,’ arsa an bhean, ‘gur chuir mise fá do choinne go hÉirinn agus tú a thabhairt anseo chun na Spáinne nó nach dtig leat a dhath níos fearr a dhéanamh ná a theacht anseo a chur cáir air.’
Ansin d’oscail sí coire óir a bhí i dtaobh an tseomra agus dúirt sí leis:
‘Bhéarfaidh mé an t-ór sin uilig duit má thig leat m’fhear céile a leigheas.’
Ar ndóighe, chlaochlaigh an saol. Shanntaigh an Cearrbhach an t-ór. Agus d’amharc sé ar an ór agus dúirt sé leis an bhean:
‘Ó cuir scéala amach,’ ar seisean, ‘agus faigh ceathrar de bhuachaillí urrúnta láidre le theacht isteach anseo chugamsa.’
Fuarthas sin agus gan a bheith i bhfad fá dtaobh dó nó bhí an fear a bhí ina luí tinn an t-am seo ag gabháil sna smeachanna deireannacha.
Tháinig an ceathrar buachaill isteach. D’iarr an Cearrbhach orthu fear a ghabháil chuig achán phosta den leaba – tá ceithre phosta ar an leaba. Chuaigh fear chuig achán phosta. Agus d’iarr sé an leaba a thógáil glan ón urlár suas agus í a thiompó thart agus cosa na leapa a chur thuas agus ceann na leapa a chur abhus. Agus rinne siad sin agus ar ndóighe, d’fhág sin an Bás ag cosa na leapa agus cead ag an Chearrbhach an fear a bhí tinn a leigheas.
Ar ndóighe, chuir an Cearrbhach a lámha i mála bheag a bhí leis mar a bíos le dochtúirí. Thug sé luibh íocshláinte don fhear thinn. Agus d’éirigh sé sin de léim amach breá folláin, líon lán folláin agus é chomh maith agus a bhí sé aon lá riamh.
Ansin fuair an Cearrbhach na fir óga seo lena chuid óir a thabhairt go dtí an bád. Agus ar an bhealach síos agus an Cearrbhach ag siúl ina ndiaidh, fuair an Bás greim sceadamáin air.
‘Tá tú agam anois,’ arsa an Bás. ‘Bhris tú do mhargadh.’
‘Ó, a charas Chríosta dílis,’ arsa an Cearrbhach. ‘Tabhair spás beag domh go dté mé go hÉirinn agus go ranna mé mo chuid óir ar mo chuid daoine maithe muinteartha nó níor mhaith liom aon duine bheith ag allfraid nó ag troid fá dtaobh de mo shaibhris i ndiaidh mo bháis.’
‘Bhuel, bhéarfaidh mé an spás beag sin duit,’ arsa an Bás. ‘Ach coinnigh cuimhne go mbeidh mise go hÉirinn sna sála agat.’
Tháinig an Cearrbhach go hÉirinn agus ar ndóighe, an oíche a tháinig sé go hÉirinn, bhain sé an teach amach agus bhí daoine istigh. Shuigh sé a chaint agus a chomhrá agus a dh’inse fá na héachtaí agus fá na hiontais a chonaic sé sa Spáinn. Agus shuigh sé ansin gur dhóigh an choinneal go dtí an t-orlach. Ba é sin an gléas solais a bhí acu, coinnle. Agus bhí an choinneal dóite go dtí an t-orlach.
Thug sé leis an t-orlach agus d’fhág sé an t-orlach – na coinnle – ag colbha na leapa. Agus go díreach nuair a bhí sé a shoipriú féin sa leaba, fuair an Bás greim sceadamáin air.
‘Tá tú agam anois,’ ar seisean.
‘Ó, a charas Críosta dílis,’ ar seisean, ‘ar ndóighe, ní bhfuair mé faill mo thiomna a dhéanamh go fóill. Tabhair spás beag domh agus níl mé ag iarraidh ach spás beag go díreach go dtí go raibh orlach na coinnle sin dóite.’
‘Bhuel, gheobhaidh tú sin,’ arsa an Bás.
Ansin chuir an Cearrbhach séideog ar an choinneal gur chuir sé as í.
‘Bhuel, sin,’ ar seisean, ‘coinneal nach ndóitear go cionn a sheacht mbliana.’
Ar ndóighe, b’éigean don Bhás imeacht. Ach más fada an lá tig an oíche fá dheireadh. Oíche fá cheann na seacht mbliana, tháinig an Bás chuig an Chearrbhach arís agus é ag gabháil a luí. Agus fuair sé greim sceadamáin air agus thug sé tachtadh measartha dó.
‘Ach, a charas Críosta dílis,’ arsa an Cearrbhach leis an Bhás, ‘tabhair spás beag domh. Tá tart millteanach orm,’ ar seisean. ‘Tart mór. Is minic a chuala mé iomrá ar thart an bháis. Ach tá tú ag cur tart millteanach orm. An rachfá amach go dtí an crann atá ag fás amuigh ansin agus úlla a thabhairt isteach chugam agus gheobhaidh mé bás suaimhneach.’
Bhuel, bhuail trua an Bás dó. Agus chuaigh an Bás amach agus bheir sé ar an úlla ach an bomaite a bheir, ghreamaigh a lámh don úlla, ghreamaigh an t-úlla den chrann agus bhí an Bás gaibhte.
Léim an Cearrbhach amach as an leaba agus amach go dtí an crann. ‘Tá tú ansin anois,’ ar seisean leis an Bhás, ‘agus ní thabharfaidh tú níos mó thrioblóide domhsa. Beidh tú ansin go dtí gur mian liomsa tú a ligean ar shiúl.’
‘Bhuel, lig ar shiúl mé,’ arsa an Bás, ‘agus geallaim duit nach dtigim do do chóir go cionn a sheacht mbliana ar ais.’
Ar ndóighe, lig an Cearrbhach a cheann leis. D’imigh an Cearrbhach mar a bhí i gcónaí a dhochtúireacht agus é ag déanamh a shaibhris agus dóigh bhreá air. Agus chuaigh blianta thart, sílim seacht mbliana eile.
Agus tráthnóna amháin agus an Cearrbhach ag spaisteoireacht amuigh le caitheamh aimseartha agus le pléisiúr dó féin, chonaic sé gasúr beag ina shuí ar ghruaimhín an bhealaigh mhóir agus é ag caoineadh.
Chuir sé ceist ar an ghasúr cad é a bhí air nó cad é an t-ábhar caointe a bhí sé – a bhí aige. Dúirt an gasúr nach raibh cead aige a ghabháil chun comaoineach nach raibh urnaí aige agus nach ligfí chun comaoineach é.
‘Agus cad chuige,’ arsa an Cearrbhach, ‘nach dtugann d’athair agus do mháthair d’urnaí duit.’
‘Ó,’ ar seisean, ‘Tá m’athair agus mo mháthair marbh. Agus tá mise i mo dhílleachta anseo agus níl m’urnaí agam agus ní bhfaighidh mé cead a ghabháil chun comaoineach.’
Bhuail trua iontach an Cearrbhach don tachrán agus:
‘Bhuel,’ ar seisean, ‘Bhéarfaidh mise d’urnaí duit.’
Ach roimhe sin bhí an Cearrbhach i ndiaidh a rá leis an Bhás spás beag eile a thabhairt dó agus go dtí go ndéarfadh sé cúpla focal urnaí. Agus nuair a thug an Bás an spás sin dó, dúirt sé gur sin urnaí nach ndéarfadh sé go cionn a sheacht mbliana.
Ach chuaigh na seacht mbliana thart agus tháinig an tachrán seo ar ghruamhín an bhealaigh mhóir. Agus chuaigh an Cearrbhach a thabhairt urnaí dó. Agus nuair a bhí an phaidir ráite siar go deireadh ag an Chearrbhach, d’éirigh an gasúr aníos as cruthaíocht an ghasúra ina fhear mhór ard – an Bás.
Fuair an Bás greim sceadamáin air agus thacht sé tirim é. Bhí an Cearrbhach marbh. Ansin thug an Cearrbhach leis a pháca cárdaí agus d’imigh sé síos go hifreann. Agus, ar ndóighe, bhí sé, mar atá a fhios agaibh, maith ag cearrbhachas. Agus bhí sé ag cearrbhachas leis na diabhail in ifreann nár fhág sé – chóir a bheith gur dhíbir sé as ifreann iad. Ní raibh a seilbh ar bith ar Ifreann acu chóir a bheith. Agus tháinig na diabhail in Ifreann uilig le chéile agus dhíbir siad an Cearrbhach amach as ifreann. Ní choinneofaí in ifreann níos faide é.
Ansin chuaigh an Cearrbhach suas chun na bhflaitheas. Agus bhí geaftaí na bhflaitheas druidte roimhe. Shuigh an duine bocht ar charraig atá taobh amuigh de gheaftaí na bhflaitheas agus é ag imirt na gcárdaí leis féin. Agus bhí Naomh Peadar nó Peadar na nEochrach mar a deir siad ina sheasamh taobh istigh de na geaftaí agus é ag amharc amach ar an Chearrbhach.
Agus tháinig cineál de thrua chuige don Chearrbhach. Agus chuaigh sé a smaointiú an ndearna an Cearrbhach a dhath ar bith maith ariamh ina shaol. Agus ansin smaointigh Peadar ar an tachrán a bhí ag caoineadh ar thaobh an bhealaigh mhóir. Agus gur shíl an Cearrbhach gur tachrán a bhí ann ach go dtug sé urnaí dó.
Agus amach le Peadar. D’iarr sé ar an Chearrbhach a ghabháil isteach. D’oscail sé geaftaí na bhflaitheas dó. D’iarr sé air a ghabháil isteach agus chaith sé uaidh páca na gcárdaí. Agus tá páca na gcárdaí sin le feiceáil go dtí an lá a bhfuil inniu ann, caite thuas ansin, ar an charraig sin ag geaftaí na bhflaitheas. Agus má théid aon duine agaibhse a choíche an bealach sin agus a ghabháil isteach an bealach sin, tchífidh sibh mise agus an Cairdinéalach sa choirneál thall, giota beag taobh istigh de na geaftaí. Agus beidh a fhios agaibh ansin go bhfuil mé ag inse cnámh dein na fírinne daoibh.
Go raibh míle maith agat. Agus cá bhfuair tú an scéal sin, a John?
Bhuel. Tá mé féin ag iarraidh a bheith ag smaointiú air sin. Sílim gur ag m’athair mór, go ndéana Dia a mhaith air, a chuala mise an scéal sin. Agus é ag scéalaíocht oíche amháin, ina shuí cois na tinibh cúpla – a dhó nó trí cloigne againn inár suí thart ag éisteacht leis agus traidhfil de lucht an airneáil ina suí ansin fosta.
Is cuimhne orm – tá sé i mo shúile. Bhí féasóg fhada liath ar an duine bhocht agus bhí sé maith ag scéalaíocht. Ach bhí achán duine maith ag scéalaíocht an t-am sin. Agus sílim gur sin an chéad uair má – más – sílim tá mé chóir a bheith cinnte gur ag m’athair mór a fuair mé an chéad uair ariamh é.
Ach ar ndóighe, chuala mé go minic ina dhiaidh sin é. Chuala mé ag m’athair é agus ag mo mháthair agus acu - agus chuala m’athair mór agna athair mór féin é. Mar sin dó, thig leat bheith ag caint ar chúpla céad bliain go sásta.
Agus is dóiche gur tháinig sin isteach go Rann na Feirste leis na chéad daoine a tháinig anseo, Clann Mhig Grianna?
Déarfainnse, déarfainnse go bhfuil sin anseo ó bhí, ó tháinig na chéad daoine a chónaí go Rann na Feirste. Ní raibh mórán tithe ar an bhaile an t-am sin – teach ar an taobh thoir den bhaile agus teach ar an taobh abhus. Tá níos mó ná sin anois ann agus é a dhíobháil orthu.
Ach san am a bhfuil mé ag caint air, is dóiche, chomh dóiche lena athrach, go dtáinig na scéalta sin leis na chéad daoine a tháinig go Rann na Feirste.
Anois is gairid an t-am uilig go léir ó bhí scéalaíocht ag gabháil i Rann na Feirste. Agus scéalaíocht measartha láidir ann fosta. Ach an dream a bhí tugtha don scéalaíocht agus a raibh dúil acu sa scéalaíocht, faraor, fuair siad bás agus tá siad ar shiúl.
Agus tá scéalaíocht ag éirí iontach iontach gann anseo anois. Níl suim ag an mhuintir óga sa scéalaíocht. Is fearr leo fiche uair ag caint ar ghnoithe an lae inniu nó cad é atá ag gabháil a tharlú amárach. Ach níl siad ag iarraidh a ghabháil ar gcúl go dtí na seancéalta nó fiú amháin an seanchomhrá.
San am a raibh mise i mo thachrán, thiocfadh le duine fáil – d’fhanfódh an fháilte a bhí romhat mura mbeadh siad ach ag amharc ort. Ach ní hamhlaidh mar atá anois. B’fhéidir go mbeannófaí duit agus go gcuirfí fáilte romhat. Ach níl an rud céanna ar chúl an fháilte sin a chuirtear romhat anois agus a bhí roimh an fháilte a chuirfeadh seanbhean nó seanduine romhat san am a raibh mise ag éirí aníos i mo ghasúr. Mar a déarfá, tá cuid mhór béil bháin ag gabháil anois agus cuid mhór cur i gcéill.
Ach níl an t-am ag daoine anois. Bhí tú á rá gur chaith muintir Rann na Feirste geimhreadh fada breá ag airneáil agus ag scéalaíocht agus ag seanchas agus d’éirigh sé dorcha go luath ag an am sin. Ach ó tháinig an solas sin, an solas leictreach agus obair achán lá agus obair rialta sa lá, ní bheadh an t-am ag daoine agus a bhí acu sa – tá a fhios agat – caoga bliain ó shin?
Ní bheadh. Níl an t-am acu a bhí acu. Ní raibh oibreacha ar bith ag gabháil caoga bliain ó shin agus níos lú ná caoga bliain. Ní raibh oibreacha ar bith ag gabháil. Ach is cuma cad é an obair a bhí ag gabháil, an t-am a bhí tringeáil earraigh ag gabháil agus na fir ag obair go crua ó dhubh go dubh, bhí faill acu san am ceannann céanna nuair a chasfaí duine orthu seasamh agus a gcaint agus a gcomhrá a dhéanamh.
Ach anois, má chastar duine – gluaisteáin agus carranna atá ag gabháil anois – agus cuirfear suas a mhéar leat. Agus sin a bhfuil a bhunadh – níl caidreamh ar bith idir na daoine anois. Go minic, do chomharsa bhéal dorais go ndéanfadh sé an rud céanna a dhéanfadh sé leis an dúchoimhthíoch – sin – tá mé ag caint ar an taos óg.
Duine ar bith atá ar dhóigh ar bith faoi na cúpla scór, sin an dóigh atá acu. Ach as sin sua, tá ó chúpla scór suas go dtí go dté tú go dtí céad agus maireann cuid acu sin, bíodh a fhios agat go bhfuil cuid mhór den tseandearcadh fágtha acu go fóill.
Agus ní bheadh a fhios agat amach anseo nach - an mhuintir óga anois - nach dtiocfadh siad agus nach bhfaigheadh siad cuid den tseandearcadh. Sílimse go mbeadh sé beo blianta agus blianta fada nó, an dtuigeann tú, níl sé marbh.
Tá mise anseo anois agus b’fhéidir go síleann cuid de mo chlann féin go bhfuil dearcaíocha cineál saoithiúil agam. Ach tá mé ag dúil amach anseo nuair a rachas na blianta thart go mb’fhéidir go mbeadh rud inteacht de na dearcaíocha sin fágtha acu. Agus ar an tséala sin thiocfadh le cuid mhór de na seanghrástaí agus de na seandóigheanna mairstean blianta agus blianta fada go fóill.
Bhuel, a John, ar an drochuair arís, tá an clár reáite. Agus go raibh míle maith agat arís as cuid den tseandearcadh a thabhairt dúinn inniu.
Go ndéana a mhaith duit, a Antaine.
GLUAIS
cearrbhach - gambler
ceiliúir imeartha a chur ar dhuine – ask someone for a game
ag gabháil in abar – getting into difficulties
in arracht – to rack and ruin
le bodhránacht an lae – at dawn
Nuair atá mo chuid comharsanach á rolladh féin i só an tsaoil – when my neighbours are living a life of luxury
achaine – request, petition
dochctúirí ar dhroim dochtúirí – doctor after doctor
tachrán – young child
traidhfil – a small number, a handful
