Main content
Sorry, this clip is not currently available

Ceann Dubhrann - eip 3

Sa chlár labhraíonn John ar an Athair Lorcán Ó Muirí, a bhunaigh Coláiste Bhríde i Rann na Feirste.

Sa chlár labhraíonn John ar an Athair Lorcán Ó Muirí, a bhunaigh Coláiste Bhríde i Rann na Feirste, agus tugann sé cuntas ar na deacrachtaí a bhí ann ag an tús. Cuid de shraith speisialta í seo ina labhraíonn Antaine Ó Donnaile le Seán Ó Duibheannaigh, nó John Ghráinne mar is fearr aithne air.

CEANN DUBHRANN 3 - TRANSCRIPT

Is é do bheatha agus tá fáilte romhat go clár eile de Cheann Dubhrann. Is mise Antaine Ó Donnaile agus beidh mé leat anseo go dtí a hocht a chlog agus mé ag caint le Seán Ó Duibheannaigh as Rann na Feirste nó John Ghráinne mar is fearr aithne air. Agus tá fáilte romhat ar ais don tríú uair, a John, chun an chláir seo.

Go raibh maith agat, a Antaine, go raibh maith agat.

Inniu, a John, ba mhaith liom díriú isteach ar Choláiste Bhríde mar is beag duine i dtuaisceart na hEireann nár mhothaigh iomrá ar Choláiste Bhríde, Rann na Feirste. Agus tá a fhios agam go bhfuil cuid mhór daoine ag éisteacht anois a bhí ar Choláiste Bhríde. Tá a fhios agam gur bunaíodh an Coláiste i naoi gcéad déag fiche is a sé. Ach cad é mar a tharla Coláiste Bhríde anseo i Rann na Feirste?

Bhuel, inseoidh mé sin duit chomh maith agus a thig liom. Sílim gurb é an dóigh a bhí ann, bhí coláiste in Ó Méith. Agus bhí ag gabháil ar aghaidh go hiontach maith, sílim, i dtús ama. Níl a fhios agam cá fhad a mhair an choláiste ansin nó cá fhad a bhí sí ann. Ach bhí sí ag gabháil ar aghaidh go maith go dtí thart fá samhradh naoi déag fiche a cúig. Agus is dóigh liom go raibh an Ghaeilge ag éirí tana thart fá Ó Méith an t-am sin agus nach raibh an tAthair Ó Muirí iontach sásta den chineál Gaeilge nó den méid Gaeilge a bhí ann.
Ach ó chuaigh siad de chineál a chur a gcomhairle i gceann a chéile, cuid acu, agus ag smaoitiú go raibh an t-am acu a bheith ag smaoitiú ar áit inteacht, abair, a raibh an Ghaeilge níba láidre agus a mbeadh níos mó seans aici mairstin. Agus smaoitigh siad cén áit i dTír Chonaill a mb’fhearr an choláiste a bhunú.
Anois, san am, ní raibh an Sagart Ó Muirí iontach eolach ar an pháirt seo den tír ar chor ar bith - anuas bealach Rann na Feirste. Agus ní raibh a fhios aige ach bhí sé ag cur fáisnéise thall is abhus chomh maith agus a thiocfadh leis agus ag fáil amach cén áit a mb’fhearr dó aghaidh a thabhairt le coláiste a bhunú. Agus moladh cuid mhór áiteacha dó.
Ach bhí fear ina chónaí i mBéal Feirste, Seán Mac Maoláin, fear a rugadh agus a tógadh i nGleanntaí Aontroma. Agus bhí eolas maith aige féin, ag Seán agus ag an Athair Ó Muirí ar a chéile. Agus bíodh a fhios agatsa gur shíl an tAthair Ó Muirí cuid mhór de Sheán Mac Maoláin. Bhí meas aige ar a chuid cainte. Bhí muinín aige as an rud a rachadh isteach ina cheann.
Agus nuair a bhí iomlán ráite agus déanta, thug an tAthair Ó Muirí leis a charr agus chuaigh sé go raibh sé i mBéal Feirste. Agus cá bith comhrá a bhí idir é féin agus Seán chuaigh sé féin agus Seán i gceann an turais anuas go Gaeltacht Thír Chonaill. Mhol Seán Mac Maoláin don Athair Ó Muirí theacht go Rann na Feirste.
Dúirt sé go raibh saibhreas Gaeilge i Rann na Feirste nó go raibh barúil mhaith aige sin air sin. Agus cad chuige nach mbeadh barúil mhaith aigesean air? Bhí Seán Mac Maoláin pósta ar bhean as Doire na Mainséar – Anna Phádaí Chónaí. Agus d’fhág sin go raibh eolas iontach maith ag Seán Mac Maoláin ar lucht na háite - anois, go háirithe muintir Dhoire na Mainséar. Agus tá, Doire na Mainséar – sin baile atá ag críochántacht le Rann na Feirste anseo.
Ach ar scor ar bith, tháinig an tAthair Ó Muirí go Rann na Feirste. Bhí sé ag caint leis na daoine. Bhreathnaigh sé an áit agus fá dheireadh thiar thall shocair sé ar Choláiste Bhríde Rann na Feirste a bhunú ar Chnoc Chloch na bhFaoileog ar an taobh thoir de Rann na Feirste anseo fá Charraig an Choill.
Chuaigh sé isteach chuig Johnny Shéamaisín – ba le Johnny Shéamaisín Cnoc Chloch na bhFaoileog. Agus fuair sé áit choláiste ar Chnoc Chloch na bhFaoileog ó Johnny Shéamaisín.
Anois, sílimse gur thart fán Fhéile Bríde a bhí ansin, laethe na Féile Bríde, b’fhéidir. Agus chuaigh an tAthair Ó Muirí agus chuir sé cos as go dtí go bhfuair sé fir agus daoine le glacadh as lámh an choláiste a thógáil. Agus fuair sé sin – Donncha Phádaí Sheáinín agus a chlann mhac. Agus chuaigh siadsan i gcionn oibre.
Anois, ba é sin, mar a dúirt mé, laethe na Féile Bríde agus bhí cúrsa sa choláiste an samhradh sin. Sin obair ghasta! Agus bíodh a fhios agat obair ghasta ar dóigh a bhí ann san am – b’fhéidir róghasta nuair a chluinfidh tú an scéal uilig. Tógadh an choláiste – ní aon obair chloiche a bhí ann – obair adhmaid is mó a bhí ann. Agus tógadh í agus cuireadh díon uirthi agus fágadh réidh í. Cuireadh urlár breá isteach inti – urlár cláraí. Agus bhí an choláiste ansin fá choinne Mí Iúil, naoi déag fiche a sé.
Bhí mé féin ag céilí sa choláiste sin agus mé i gcionn mo chúig mbliana go leith. Ní raibh mé na sé – bheinn na sé bliana gus an Samhain ina dhiaidh. Ach thug an Sagart Ó Muirí oíche mhór do lucht na háite sa choláiste – páistí agus daoine móra. Agus chruinnigh muid uilig chun na coláiste.
Agus is cuimhneach liom go fóill préataí a bheith amuigh ar an urlár aige. Agus cá bith gasúr nó girseach is gaiste a mbeadh na preátaí sin, cá bith méid preátaí a bhí fá choinne achan duine istigh sa bhosca, bhí sé pingine le fáil aige. Agus ar ndóighe, sé pingine dúinne an t-am sin, ba é sin cnag!
Ach bhí oíche mhór ann agus bhí séasúr breá an séasúr sin ar Chnoc Chloch na bhFaoileog sa choláiste. Agus d’imigh lucht na coláiste nuair a bhí an t-am thuas. Druideadh suas an choláiste mar a níthear agus chuaigh achan rud i gceart go dtí hochtú lá fichead de Mhí Eanáir, go díreach cúpla lá roimhe Lá Fhéile Bríde ar ais.
Tháinig lá gaoithe móire a bhfuilthear ag caint ó shin air agus a mbeifear le mo linnsa ar scor ar bith. Lá gaoithe móire agus tógadh an choláiste amach ón dúshraith agus cuireadh an t-urlár isteach siar amach de a bhí giota beag síos ón choláiste. Agus cuireadh cuid eile di go dtí go dtearnadh conamar di thall i gcladach Ghaoth Dobhair, trasna an ghaoith. Ní tháinig mé – is cuimhneach liom é – ní raibh mé mar a dúirt mé ach na cúig bliana cnagtha. Agus tá a oiread cuimhne agam air nó seo an lá a dtáinig an séideán millteanach sin a thóg an choláiste.
Bhí m’athair – go ndéana Dia maith ar na muirbh – m’athair agus cúpla fear de chuid na comharsana amuigh ag teannadh na súgán ar an teach s’againne nó bhí muid ag déanamh gur ag cur air a bhí sé. Agus ní raibh na súgáin teannta mar ba cheart nuair a chuaigh an choláiste trasna os ár gceann gur buaileadh cuid di thall ar chladach Ghaoth Dobhair mar a dúirt mé.

Cad é an díon a bhí ar an choláiste?

Is é - felt. Agus an bomaite a d’éirigh sé, an bomaite a bhog sé agus bhí foscladh faoin choláiste. Bhí foscladh faoi agus nuair a fuair an ghaoth foscladh, nuair a fuair an ghaoth isteach san fhoscladh agus ó bhog sí an choláiste ar chor ar bith, ní raibh an darna, a dhath ann ach í éirí mar a d’éireodh éan ar eiteoga!

Is é nó mar a d’éireodh seol.

Mar a d’éireodh seol go díreach! Ach shíl achan duine an t-am sin – bhuel sin deireadh leis an choláiste! Níor mhair an choláiste i bhfad! Nár mhór an trua don Athair Ó Muirí a chuaigh fán trioblóid ar mhaithe le cúrsa amháin eile a fháil amach aisti. Ach bíodh a fhios agat nach mar sin a bhí.
Fear mór uchtúil a bhí san Athair Ó Muirí. Bíodh a fhios agat, fear láidir. Fear garbh más mian leat a rá a bhí ann! Agus in áit beaguchtach a bheith air as an choláiste imeacht, tháinig sé, d’amharc sé ar áit na coláiste agus chuaigh sé díreach ar aghaidh agus fuair sé ó Phádaí Sheáinín Pheadair thíos anseo ag an Charraiceamán, fuair sé áit choláiste ansin ag taobh an Charraiceamán. Sin an talamh a bhfuil sí inniu ann. Agus bhí an choláiste sin foscailte réidh fá choinne dhá chúrsa an bhliain chéanna, Mí Iúil agus Mí Lúnasa naoi déag fiche a seacht. Agus níor cailleadh an choláiste sin ó shin.
Ar ndóighe, an choláiste atá inniu againn ann, ní hí sin an choláiste a chuaigh suas i naoi déag fiche a seacht. Tá an choláiste sin ann ar fad, an choláiste a dtabharann muid an tSeancholáiste uirthi. Ach chuaigh giota mór fada úr leis an choláiste agus chuaigh tar amuigh, taobh amuigh den choláiste. Agus tá sí ag gabháil maith anois.
Ach san am ar thóg an tAthair Ó Muirí, a bhfuair an tAthair O Muirí an choláiste sin tógtha, ní raibh sí go mór, mar a dúirt mé. Agus bhí áit dheas déanta thart ar an choláiste aige agus dúil mhór ag an Athair Ó Muirí i mbláthanna. Bhí dúil mhór i mblátha aige agus bhí sé, bheadh sé ag curraíocht sin go minic.
Agus is iomaí uair fríd an bhliain a d’fhág sé thuas Dún Dealgan agus ó tháinig sé go Rann na Feirste a dh’amharc ar na blátha sin agus ag gabháil taobh amuigh de am na coláiste ar chor ar bith. Agus bhí fear fostaithe aige i Rann na Feirste a bhí ag amharc i ndiaidh na mblátha sin agus ag amharc i ndiaidh na coláiste. Bhí sé iontach cúramach.

Tá a fhios agam an scéal seo anois. Tú féin ag scriosadh na mbláthanna, ab ea?

Go díreach, ní dheánann tú dearmad de mhórán. Char mhaith do dhuine ar bith drochscéal a bheith le ceilt agat. Ach chuaigh – bhí na blátha ansin agus bhí an choláiste ansin agus ar ndóighe, bhí sé le ciall, siúd agus níor thuig muidne an cás san am, bhí sé le ciall nach raibh sé ábalta ar mhuintir na háite a ligean isteach chuig na céilithe i gcuideachta scoláirí na coláiste, ar an ábhar - ní raibh go leor fairsinge ann. Bhí sé crua go leor lucht na coláiste iad féin fairsinge a bheith acu agus gan muintir na háite ag plódú isteach a chur an fhairsinge sin amú orthu.
Ach níor stop sin dúinne agus muid ag éirí aníos measartha - dúil mhór againn sa tsiúl agus dúil mhór againn sa chuideachta. Níor stop sin dúinne gan a bheith ag gabháil go dtí an choláiste. Agus bhí an sagart ansin agus is iomaí duine a mbíonn eagla air ach bhí níos mó eagla orainne roimh an Athair Ó Muirí ná a bhí orainn roimhe gharda saighdiúra.
Bhí bata aige agus bhí sé chomh gasta le cú. Agus d’imeodh sé inár ndiaidh agus tá mé ag déanamh nach an choláiste is mó ar a - a bhí ag cur bhuartha air ach a chuid blátha. Nó níor amharc muidne cá raibh bláthanna ná cá raibh siúd ná seo ach ag slaothadar linn nuair a tháinig an rása. Agus is iomaí uair a d’fhág sé craiceann te againne.
Ach smaoitigh go mbeifeá ansin agus tú ag amharc isteach ar an chuideachta a bhí istigh agus ar an damhsa agus ar na girseacha deasa a bhí ina suí thart agus gan tú ábalta ar a ghabháil a dh’inse sin daofa, fá na bláthanna taobh amuigh den fhuinneog.
Ach chuaigh sin thart. Bhí rialacha iontach, iontach crua i Rann na Feirste an t-am sin – rialacha – anois, san am sin dá ndéarfá leideadh an fhocail i mBéarla. Leideadh an fhocail! Focal amháin Béarla fríd an chanúint, bhí tú cuirte ar shiúl chun an bhaile. Ní ghlacfadh an Sagart Ó Muirí leat má bhí focal Béarla ag gabháil a bheith úsáidte istigh sa choláiste nó amuigh sa choláiste a fhad is a bhí tú ar chúrsa na coláiste. Chuaigh tú chun an bhaile má labhair tú Béarla.
Bhí rudaí eile a thiocfadh leat a dhéanamh. Thiocfadh leat dímúineadh, thiocfadh le scoláire dímúineadh a dhéanamh. Thiocfadh le scoláire na rialacha a bhriseadh dóigh ar bith eile. Ach rinne sé rud a bhí dona go leor leo agus – bhuel bhí an oiread sin den fhear ann ar scor ar bith. B’fhéidir gur tharraing sé lámh agus gur bhuail sé le bois thú. Nó b’fhéidir gur tharraing sé cic ort agus gur iarr sé ort coimheád leis an am a bhí le theacht cad é a bhí tú a dhéanamh agus gan a bheith ag briseadh na rialacha. Ach níor chuir tú sé chun an bhaile tú as a dhath ar bith ach ag caint Béarla.
Ní raibh cead ag na scoláirí ghabháil taobh amuigh de chríoch an bhaile. Ach bhí rud eile ann. Ní raibh cead ag lucht na háite a ghabháil taobh amuigh de chríoch an bhaile chuig damhsa. Anois b’fhéidir go bhfaighfeá laigse bheag má chuaigh tú chuig céilí. Ach má chuala daoine, má chuala siad go dteachaidh tú chuig damhsa gallda agus damhsa gallda – sin damhsa nach bhfuil ina chéilí, cá bith a thug orthu an damhsa gallda a thabhairt air -damhsa gallda taobh amuigh den bhaile, má bhí bean tí ann agus scaifte lóistéir aici, tháinig an sagart an lá arna mhárach agus thug sé – bhris sé an teach mar a déarfadh siad féin. Thug sé ar shiúl na lóistéirí nó na scoláirí as an teach. Mar sin dó, bhí ban ghiorria, más mian leat a chur mar sin, ban ghiorria ag an t-aos óg Rann na Feirste seal na coláiste.

Bhuel, nár fhág sin nach raibh meas ar bith ag muintir na háite ar an tsagart é féin?

Bhuel, bhí an dá dhóigh ann. D’fhág. Sin nach raibh mórán measa ar an Athair Ó Muirí ag an t-aos óg a bhí ar shiúl ansiúd is anseo agus a gcroí ag gabháil amach ar a mbéal fá choinne cuideachta. Ní raibh meas ar bith acu air! Ach níor dhúirt sin nach raibh meas agus meas mór ag daoine nach raibh ar shiúl ag iarraidh cuideachta - daoine ar bith a bhí ag coinneáil scoláirí.
Anois níl na hamaidí a rá ach an fhírinne. Ba é teacht na coláiste - cuireadh eagar ar thithe. Feisteadh tithe. Cuireadh – fuarthas trioc isteach nach raibh acu de ghnáth. Agus ón bheagán go dtí an mórán, d’fhág siad tithe níos fearr agus níos slachtmhaire acu ná a bhí acu roimhe sin.
Mar sin dó, níl - an dtuigeann tú, thig linn amharc ar an dá dhóigh. Ní raibh fáilte ar bith go Rann na Feirste ag an Athair Ó Muirí ag an t-aos óg. Ach bhí ag duine ar bith a bhí - ní raibh fiacha ort bheith i do sheanduine – bhí daoine, daoine céillí - bhí fáilte acu roimh an Athair Ó Muirí.
Ach nuair a d’fhás an t-aos óg aníos rud beag, tá a fhios agat, nuair a tháinig ciall chucu, an raibh dúil acu san Athair Ó Muirí ina dhiaidh sin?

Nuair a d’fhás an t-aos óg aníos agus mé féin ar fhear acu sin, nuair a d’fhás an t-aos óg aníos, chuirfeá gruaig do chinn faoina chosa. Bhí a fhios agat cá bith a bhí sé a dhéanamh, go raibh sé á dhéanamh ar mhaithe leis an Ghaeilge agus ar mhaithe leis an choláiste agus nach raibh sé ar dhóigh ná ar dhóigh eile anuas ar mhuintir Rann na Feirste. Ní raibh.
Ach fuair sé scanradh in Ó Méith. Chonaic sé an Ghaeilge ag tanú agus ag imeacht. Agus chonaic sé na rudaí a bhí ag tanú na Gaeilge. Agus ní raibh ceadaithe leis ar a bhfaca sé riamh coláiste a bhunú i Rann na Feirste agus an cleas cineál céanna a éirí di. Agus chaithfeadh sé, na rudaí a rinne sé, chaithfeadh sé á ndéanamh má bhí sé ag gabháil a bheith ionraice leis na daoine agus leis féin.
Mar sin dó, ní thearn sé a dhath ar bith a raibh fuath ná a dhath ar bith mar sin ag duine ar bith air. Ach an bomaite a fuair tú ciall, agus a thit tú ar do chéill, thuig tú go maith cad é a bhí sé a dhéanamh.

Chuala mé scéal fosta go raibh sé cineál géar agus trom ar na madaí?

Och, chuala tú an scéal sin! Bhuel, inseoidh mé an scéal sin duit. Bhí sé cinnte, iontach trom ar na madaí nó bhí sé ag gabháil thart san oíche, é féin agus cuid dena chuid múinteoirí a dh’amharc an raibh na scoláirí istigh in am. Agus san am sin, bhí madadh nó beirt in achan teach i Rann na Feirste. Bhí conairt iontach mhadadh i Rann na Feirste. Níl a fhios agam cad chuige a rabhthar ag tabhairt daofa nó ní raibh a dhath ar bith acu le déanamh ach ar shiúl ag tafann.

Agus is dána achan mhadadh ina dhoras féin.

Ó, is é an focal is fíre a chuala tú riamh. Agus bíodh a fhios agatsa nuair a thigeadh - ar ndóighe bhí an tAthair Ó Muirí agus achan duine eile a dtáinig isteach chun an bhaile strainséartha ag na madaí. Fuair muidne eolas ar an Athair Ó Muirí. Fuair muid eolas ar dhaoine a bhí ag teacht a fhoghlaim Gaeilge go Rann na Feirste. Ach ní raibh, ní bhfuair na madaí eolas orthu.
Agus bhí an Sagart Ó Muirí i mbarr a chéille fá seo. Agus sílimse gur mhol sé déanamh ar shiúl leis na madaí agus cá bith rud a tharla – níl a fhios agam cad é a tharla – tá barúil agam - fuair cuid mhór de na madaí bás an bhliain sin i Rann na Feirste. Agus bhí daoine á rá gur leagadh nimh fána gcoinne.
Anois níl mise ag caint ar cé a leag an nimh. Ach leagadh nimh. Thig le achan duine a bharúil féin bheith aige. Agus tá sé chomh maith an fhírinne a dhéanamh, bhí cuid mhór ag smaoitiú go mb’fhéidir nach dtearn an tAthair Ó Muirí é féin é ach go mb’fhéidir gurbh é a chuid orduithe é agus go dtearn duine inteacht go formhothaithe é le hordú an Athar Ó Muirí. Níl mé ag cur bréige air nó tá sé marbh. Níl a fhios agam cé acu a bhí sin amhlaidh nó nach raibh. Ach sin an bharúil a bhí dó i Rann na Feirste san am.
Agus dúirt duine inteacht leis: ‘Bhuel, tá aon rud amháin, ní bhfuair siad bás gan sagart ar scor ar bith.’ Agus bhí barúil mhaith aige féin cad é a bhí sé a mhaíomh leis sin.
Ach mé ag caint ar an meas a bhí ar sheansagairt. Thóg fear as an bhaile teach mór breá, teach dhá stór, thíos anseo ag taobh na coláiste, go díreach idir teach, idir an choláiste agus teach na coláiste anois. Teach mór breá. Agus nuair a bhí an teach thuas réidh aige leis an díon a chur air, an obair chloiche déanta agus é i gcionn scimeála, réidh le díon a chur air, dúirt an Sagart Ó Muirí leis go raibh sin ag milleadh amharc na coláiste, ag baint an amhairc den choláiste agus gur mhaith leis go leagfadh sé an teach sin agus é a thógáil ar shiúl amach as sin.
Anois, dá tharlódh sé é sin inniu, agus sílimse dá n-iarrfadh an Pápa é go ndéarfadh sé leis an Phápa nach raibh siad ag gabháil a dhéanamh. Sin athrú mór – bhí tú ag caint ar athruithe a tháinig ar Rann na Feirste - sin ceann de na hathruithe. Leag an fear sin, fuair sé fir a leag an teach go talamh dó agus thóg sé teach eile ar Chloch an Amhairc, thíos anseo taobh thíos dúinn, Dónall Dhonnchaidh. Thóg sé a theach ansin. Anois, nach raibh meas ar sheansagart an t-am sin?
Fear gleoiréiseach, greannmhar, cuideachta a bhí ann nuair nach raibh fiacha air a bheith ag seilg buachaillí agus cailíní ar shiúl ón fhuinneog. Ach bheadh sé istigh sa choláiste agus é ag ceol agus bhí amhrán mór dena chuid - ‘Moll Dubh an Ghleanna’!
Agus bhí píopa aige agus bhí sé trom i gceart ar an tobaca. Agus chaitheadh sé píopa agus thigeadh sé agus bhí - is cuimhneach liomsa - ní cuimhne liomsa ariamh é a fheiceáil amach ón uair atá ag léamh aifrinn gan an píopa ina bhéal aige!

Gan an píopa ina bhéal!

Ach bhí, sagart deas cuideachta a bhí ann a d’éistfeadh agus a rachadh fríd thithe. Bhí sé amuigh anseo, taobh thíos dúinn tigh Mhéabha Tharlaigh Mhóir. Bhí sé thoir ag Gráinne Phroinsias. Bhí sé fríd na tithe sin uilig go léir. Agus bhí sé ábalta theacht amach le caint bhreá gharbh rascánta cosúil le lucht na háite.

Is ea, scríobh sé féin go raibh sé i bhfách leis an Ghaeilge a fhoghlaim mín agus garbh.

Mín agus garbh. Mar a dúirt sé: ‘an muileann a mheileas de shíor, meilfidh sé mín agus garbh é.’ Agus ar ndóighe, ba aige a bhí an ceart.

Bhuel, le gabháil ar ais go dtí an tús, a John, bhí tú á rá gur chuidigh na múinteoirí mar a dúirt tú féin le bail a chur ar na tithe agus le troscán a cheannach agus seo agus siúd. Caithfidh sé go raibh, go raibh sé garbh go leor ag an am sin agus scaifte mór scoláirí istigh i dteach agus b’fhéidir gan leithreas a bheith sa teach nó gan ach tine agat le do chuid cócaireachta a dhéanamh?

Ó a Dhia, a Antaine, an bhfuil a fhios agat cad é a deirimse anseo go minic. Déarfaidh mná tí anois agus déarfaidh daoine eile le cois na mban tí, déarfaidh siad ‘Ó tá muid marbh ag obair.’ Deirimse agus bíodh a fhios agat nach mbíonn mórán measa ar mo chuid cainte – bheirtear aghaidh ghnúise orm go minic: ‘Níl a dhath le déanamh agaibh. Tá saol díomhaoin agaibh. Níl agaibh ach a ghabháil amach go dtí an chisteanach chúil ansin agus an t-uisce te nó an t-uisce fuar a thiompó agus tá sibh i gceart. Níl fíacha oraibh bucaeid a thabhairt libh agus imeacht a chuartú tobair’ - in aimsir thirim nuair a thiocfadh an tromlach, rachadh na toibreacha tirim.
Agus d’iompair mise mé féin uisce as tobar an Ghrianáin, taobh thall – trasna an ghaoith. Bhí tobar an ghleanna thíos anseo nó mar a deir muid féin tobar Eoin Mhuiris – bhí sé tirim. Agus ar scor ar bith, bhí Eoin ag doicheall roimhe barraíocht daoine bheith ag tarraingt ar an tobar nó bhí curraíocht déanta thart fán tobar aige agus leoga bhí an aingle uilig ag tarraingt ar an tobar.
Ach is cuma. Bíodh a fhios agat - bhí obair chrua ann an t-am sin. Agus chuirtí síos pan ar an tinidh ar maidin a dhéanamh réidh bricfeasta do na lóistéirí mar a bheirtí orthu. Agus b’fhéidir nuair a bhí tú réidh le é a thógáil go bun gur thit cnap súiche isteach ann. Agus ar ndóighe, bhí uibheacha agus muiceoil agus achan rud amú.
Agus i dtaca leis na leithris dó, bhí leithris déanta giota beag maith ar shiúl ón teach. Níor mhaith leat é a dhéanamh ródheas don teach. Bheadh sé déanta giota beag ar shiúl ón teach. Agus leoga, bhí sé rófhada ar shiúl ón teach ag cuid acu corruair nuair a thiocfadh gasta orthu, go háirithe cuid mhór acu nach raibh a ngearradh ina mbolg bhí sé rófhada ar shiúl.
Agus bhí acu le ghabháil amach agus b’fhéidir oíche fearthainne. Agus bhí scáth fearthainne ag cuid acu agus bhí sé iontach saoithiúil duine a fheiceáil ag tarraingt ar an leithreas agus scáth fearthainne leis! Ach bhí cuid mhór de sin ag gabháil ar aghaidh. Ní raibh an dara suí sa bhuaile ann.
Ní raibh áiteacha ar bith againn. Bhí tithe móra, bhí tithe fada fairsing ann ach bhí siad b’fhéidir cineál aimhréiteach. Ní raibh achan rud ina áit féin mar atá sa lá sa lá atá inniu ann. Ach tá athrú mór ar Rann na Feirste ó bhí naoi déag fiche a sé ann.

Tá agus sin an chéad cheist eile atá agam mar ar an drochuair tá muid ag tarraingt arís ar dheireadh an chláir agus ní bhíonn leathuair an chloig fada go leor go minic ach sin a bhfuil againne anseo sa BBC do chláracha Gaeilge achan tráthnóna. Ach le díriú isteach ar an cheist sin, dá mbeadh an bheirt ar ais arís, dá mbeadh an Sagart Ó Muirí agus dá mbeadh Seán Mac Maoláin anseo sa lá atá inniu ann agus iad ag breathnú ar an choláiste bhreá seo, cad é a déarfadh siad, i do bharúil?

Bhuel, a Antaine, chuir tú ceist anois orm a bhfuil fairsingeacht inti. Níl a fhios agam cad é an freagra is ceart domh a thabhairt ar an cheist sin. Déarfaidh mé an méid seo leat. Dá dtigeadh siad sa lá atá inniu ann, ní raibh mórán staidéir le déanamh nuair a tháinig siad i naoi déag fiche a sé nó bhí ní raibh a dhíobháil orthu ach áit coláiste nó bhí an chuid eile beagnach ar eolas acu sula dtáinig siad ar chor ar bith. Ach tá eagla orm go gcaithfeadh siad staidéar mhór a dhéanamh inniu. Tá eagla orm go gcaithfeadh siad staidéar a dhéanamh.

GLUAIS
críochántacht, ag críochántacht le: bordering.
cnag : a blow.
muirbh = mairbh.
súgán ag teannadh na súgán : tightening the straw ropes (on the roof).
foscladh : an opening.
beaguchtach : lack of courage.
fairsinge : spaciousness.
leideadh leideadh an fhocail : a hint of the word.
dímúineadh : cheek.
conairt : a pack of dogs
formhothaithe go formhothaithe : unnoticed.
gleoiréiseach : boisterous.
aghaidh ghnúise bheirtear aghaidh ghnúise orm : I’m given ‘a dirty look.’
triomlach : dry weather.
cnap súiche : a pile of soot.
saoithiúil : peculiar.

Duration:

29 minutes