
Ceann Dubhrann - eip 9
Sa chlár seo míníonn John cuid de na focail agus de na pisreogaí a bhí ag a mhuintir fadó nach bhfuil chomh coitianta inniu.
Sa chlár seo míníonn John cuid de na focail agus de na pisreogaí a bhí ag a mhuintir fadó nach bhfuil chomh coitianta inniu. Is sraith speisialta í seo ina labhraíonn Antaine Ó Donnaile le Seán Ó Duibheannaigh, nó John Ghráinne mar is fearr aithne air.
Antaine Ó Donnaile speaks to Irish speaker and folklorist Seán Ó Duibheannaigh, or John Ghráinne, who explains turns of phrase and superstitions that were common long ago.
CEANN DUBHRANN 9 - TRANSCRIPT
Is é do bheatha agus tá fáilte romhat ar ais chun an chéad chlár eile sa tsraith seo Ceann Dubhrann ina mbeidh mé fhéin agus John Ghráinne ag plé gnéithe éagsúla den saol agus den chultúr a bhíodh agus atá go fóill i Rann na Feirste agus tarlaíonn sé go bhfuil mé go fóill ag taobh an chipín anseo agus go raibh maith agat arís as clár eile a dhéanamh, a John.
Go ndéana a mhaith duit a Antaine.
Bhal sin focal deas a fuair mé uait tá cúpla seachtain ó shin, an focal cipín, sin an boss nó an gaffer. Cá háit nó cá has a dtáinig an focal sin?
Bhal, ní thiocfadh liom a inse duit carb as é nó cá háit a dtáinig sé as ach tá sé agamsa ó rinne slat cóta dom, chuir mé ariamh ó tháinig ann domh, agus i ndiaidh mé an baile a fhágáil agus a dhul go hAlban agus ansiúd agus anseo, i gcónaí gcónaí chluinfinn; coinnigh do shúile ar an chipín! agus is é an cipín ar ndóighe an fear atá ag amharc i do dhiaidh agus ag amharc an bhfuil tú ag obair nó an bhfuil tú i do thost ná b’é a chuir as na hoifige thú mura beidh sé sásta duit agus ar ndóighe, tá ciall leis an fhocal cipín. Cipín ... Tá an focal cipín againn agus tá an focal bacáin againn anois nuair a chuirfidh tú bó ar téad cuirfidh tú téad uirthi, cuirfidh tú rópa mór fada uirthi agus ansin cuirfidh tú an rópa ar chloigeann na bó agus cuirfidh tú an bacán - sáifidh tú sa talamh é agus ar ndóighe, ní thig leis an bhó ach a ghabháil an oiread seo síos ná suas sa chuibhreann. Tá an bacán ansin agus tá an cipín ar an dóigh chéanna. Ar ndóighe, tá an cipín i bhfad níos lú ná an bacán. Thig leis an bhacán agus caithfidh an bacán a bheith iontach trom agus iontach láidir ná tá an bhó láidir ach dhéanfaidh cipín ar bith a shúil a choinneáil ar an sclábhaí atá ag iarraidh bheith ag obair agus ag iarraidh bheith ag coimheád an chipín san am chéanna. Is é an cipín ... tá an cipín ina sheasamh ansin agus tá an t-ainm ag an chipín go bhfuil sé do do choimheád, is cuma cá háit a rachaidh tú agus tá ciall leis an chipín. Tá an cipín sáite sa talamh agus tá seisean ina sheasamh ar an talamh do do choimheád. Sin an t-ainm a thug muid i gcónaí air agus fiú amháin chluininn cuid de na daoine thart anseo ag caint ar an athair ná ar an mháthair, agus idir shúgradh agus dáiríre, bhal, cineál ag magadh a déarfadh siad, bhal, dá mbeadh a fhios ag an chipín sin ní bhíodh sé sásta, lena n-athair cionn is go raibh an t-athair ag amharc ina ndiaidh.
Nó b’fhéidir fear ag caint ar a bhean chéile?
Ó go minic, minic ach is minic a baineadh úsáid as sa dóigh sin. Ach go minic ní thugadh fear ariamh agus é ag caint ar a bhean chéile, ní dhéarfadh sé an cipín ach cifleog. Bhí an focal cifleog aige - níl a fhios agam an ndéarfadh sé, chuaigh mé fhéin is mo chifleog chuig airneáil aréir nó cifleog i gcónaí a bhíodh ar a bhean aige.
Agus cad é an chiall atá leis an fhocal cifleog? Sin duine cifleogach nó duine amscaí, nó duine nach raibh éadaí maithe air?
Bhal, ní sin go hiomlán é. An focal é fhéin cifleog, sin ball éadaí nach bhfuil mórán sílste dó, nach bhfuil mórán cúraim dó tá sé leithchaite’s tá sé smolchaite ná ní chuirfeá a choíche ar bharr d’éadach úr é ach ball éadaigh tá tú réidh le caitheamh i leataobh nach bhfuil tú ag dul a bhaint mórán úsáide níos mó as agus bhéarfadh an fear go minic - agus gan iad a bheith pósta ar chor ar bith chuirfí, an bhfuair tú cifleog go fóill? B’fhéidir dá mbeifeá ag an damhsa - an bhfuair tú cifleog go fóill? Ná tá cifleog thíos anseo tá mise ag dul a fhágáil sa bhaile anocht. Agus an bhfuil a fhios agat fríd dhream níos mó ná a dhath eile déarfaí é ach bhí an focal acu, cifleog. Mar sin dó ní hé an aon úsáid amháin a bhíodh á baint as an chifleog agus as an chipín. Bhí an cipín do do choimheád agus bhí an chifleog bhocht go neoide??? ansin ina suí ansin ach chuir tú an chifleog uirthi.
Is é agus tú réidh le í a chaitheamh uait!
Tú réidh go díreach ní raibh sí ag dul a bheith - ní raibh sí ag dul a bheith i do shaol i bhfad. Mar sin dó, bhí cúpla ciall leis an chifleog, an dtuigeann tú, mar a dúirt mé, ní raibh tú ag dul a choinneáil na cifleoige i bhfad, bhí tú réidh lena caitheamh uait ar scor ar bith agus b’fhéidir nach raibh tú ach fá choinne ach cúpla oíche a bhaint as an chifleog go dtí go dtiocfadh do bhean fhéin a raibh tú ag dul léi le cúpla bliain roimhe sin abhaile nó rud éigin mar sin
Aguis cad é a thabharfá ar do bhean fhéin?
É, ó bhal, chan é go raibh mórán - bheadh cineál d’eagla ort mórán a rá fá do bhean fhéin ach go díreach, go déarfá mo bheansa ach bhí cuid mhór den am anseo agus ní thugadh fear a hainm ar a bhean agus ní thug an bhean a ainm ar an fhear ach an fear atá anseo ó agus tá sé amhlaidh go fóill anseo dá mbeadh bean ina suí agus í ag caint ar a fear bhal bhí an fear bhí m’fhearsa a rá, ná an fear atá anseo dá mba sa bhaile a bheadh sí ina suí ag caint, bhal an fear atá anseo, agus eisean an dóigh chéanna, bhal, an bhean seo agus dá mbeadh sé ag scairteadh uirthi teacht amach fána choinne chluinfeá cá bhfuil tú mo bhean udaí? Agus is annamh a thug a n-ainm orthu ar chor ar bith, agus lean sin ar aghaidh, an bhfuil a fhios agat, níor chuir na daoine mórán iontais ansin ach dá bhfaigheadh fear na mná bás ní ainmneofaí an fear sin sa teach níos mó. Go ndeanaí Dia a mhaith, a deir siad, ar an fhear a bhí anseo, ní ainmneofaí an fear sin. Agus an bhean an dóigh chéanna go ndeanaí Dia a mhaith ar an bhean a bhí anseo, ní ainmneofaí an bhean sa teach níos mó. Anois tá cuid de sin ag imeacht anois ach tá a bheagán nó a mhórán dó fágtha ar fad.
Tá ... agus fiú go fóill, deir siad fear an tí agus bean an tí seo.
Deir, tá sin acu go fóill anseo bean an tí agus fear an tí agus fíor-chorruair chluinfeá fear ag rá anseo ag scairteadh ar a bhean agus ag tabhairt - tá sé róchleachtaithe léi, go díreach, ar dhóigh nach bhfuil aige ach amharc uirthi agus tá a fhios aige an smaoineamh atá ina croí agus tá sise an dóigh chéanna, mar tá a fhios aici cad é an smaoineamh atá istigh i gcroí an fhir. An dtuigeann tú, go háirithe, nuair a tá siad tamall maith i gcuideachta, agus tá a leithéid ann, is minic a chuala tú, tuigeann fear léinn leathfhocal. Agus is a dhálta sin é, ná lig an fhear mar a deir sé naoi comhrá na fiche uair a chur isteach go mín agus go mion sa scéal ar chor ar bith. Thig leis go díreach mar a dúirt an fear eile, tacóid a chur thall is abhus ann agus tuigfidh an bhean cad é atá sé a rá, agus is é sin’s ag caint ar an dóigh chéanna’s tuigfidh an fear é ó bíonn ... Chuirfeadh sé iontas ort an cineál comhrá a bíos acu fosta agus iad iontach mór le chéile agus níl baint ag sin do thitim amach ná do a dhath ar bith mar sin ar chor ar bith a mhéad agus atá siad i ngrá le chéile go minic a bíos sin.
Tá siad os a chionn sin thiocfadh leat a rá?
Ó. Tá siad os a chionn sin, tá. Á ní raibh a leithéid de rud ann agus éad. Anois má amharcann cuid de na fir ar bhean eile, tá suaitheadh sa phota. Agus sin fírinne, tchím achan lá ó níl an tsoineantacht chéanna sna daoine anois a bhí. Cibé, tá mé ag déanamh gur ag coimheád ar bharraíocht achan lá den bhocsa seo sa choirneál atá siad. Agus go síleann siad, mura bhfuil a fear crochta istigh ó mhaidin go dtí an oíche nach bhfuil am ar bith aige fána coinne. Agus dar Dia, tchítear dom gur sin dearcadh bocht. Mar sin dó, an dóigh a bhfuil an saol ina shuí anois, an lá a phósfas tú, bhal, caithfidh tú a bheith iontach cúramach cén bealach a siúlfaidh tú agus cé na daoine a chastar ort. Níl sé mórán níos fearr na príosún anois é agus ansin ...
Tá trua agam don té nach bhfuil posta atá ag éisteacht leis seo.
Bhuel, ná bíodh siad beaguchtach an dtuigeann tú ... ná an dtuigeann tú nuiar a bíos muid ag caint mar sin, bhuel labhraimid an fhírinne ach ansin go minic minic, b’fhéidir má tá cúpla duine ... má tá cúpla lánúin acu sin sa cheantar ar chor ar bith chuaigh an t-iomrá amach leis, ach tá cúpla lánúin acu sa cheantar agus níos mó ná cúpla lánúin acu ach acu fhéin atá sé le déanamh. Má tá siad seasmhach go leor agus má tá go leor muinín ag achan duine acu as an duine eile, níl fáth ar bith éada ann agus cad chuige a mbeadh? Má tá muinín agatsa as do bhean agus muinín aicise asatsa, bhal, ar ndóighe is cuma léi cá rachaidh tú.
Bhuel, bhí tú ag caint ansin, dá bhfaigheadh duine den bheirt bás sa teach nach mbeadh duine ar bith sásta an t-ainm s’acu nó an t-ainm s’aige a rá ach an fear a bhí anseo nó an bhean a bhí anseo ach ... bhí nósanna iontacha i dtithe éagsúla nuair a fuair duine bás mar shampla, nach raibh cead acu ag duine ar bith den teaghlach a ghabháil chuig airneáil. Fá cheann bliana b’fhéidir ina dhiaidh sin.
Bhuel, bhí cead agat a ghabháil chuig airneáil, ní raibh a dhath ina éadan sin ach ní raibh duine ar bith ag gabháil chuig damhsa ná dá rachfá isteach i dteach airneáil agus fidil a bheadh ann agus duine a bheadh ag bualadh port ar fhidil, chuirfí an fhidil sin i leataobh ann chomh tiubh géar agus a dhall tú an doras. Ní raibh ar feadh bliain iomlán agus dá dteifeá chuig damhsa nó dá dteifeá in áit ar bith a raibh fidléireacht nó ceol ní raibh tú ag sílstean a dhath den té a fuair bás. Sin an dearcadh a bhí anseo. Ní raibh urraim agat fá choinne an té a fuair bás agus chonacthas domsa agus tchítear dom go fóill go raibh sin - ar ndóighe tá sin marbh anois níl sin amhlaidh anois - ach níl sé mórán blianta ó stad sé. Agus bhí sé iontach crua i dteach a raibh an t-aos óg ann ag éirí amach agus b’fhéidir go raibh a máthair mhór istigh acu nó an athair mór agus go raibh sé suas go maith i mblianta agus an t-am aige an bás a fháil b’fhéidir, má tá a leithéid de am ann, agus fuair an duine sin bás. Agus b’éigean don aos óg a bhí lán croí agus aigne agus a gcroí ag gabháil amach ar a mbéal suí istigh sa teach bliain iomlán. Ar ndóighe, bhí, rachadh siad go teach na comharsan ag airneáil agus rachadh siad ansiúd agus anseo ag airneáil fríd an bhaile ach gan port fidle a chluinstin. Níl crá croí ná buaireamh intinne ná a dhath mar sin a bhí á gcoinneáil gan éirí amach ach bheadh cúlchaint orthu fríd an phobal. Chan ar an bhaile ach fríd na bailte. An bhfuil a fhios agat, cé a chonaic mé ag an damhsa a leithéid seo de oíche a leithéid seo agus gan a hathair nó gan a máthair marbh ach b’fhéidir sé mhí nó b’fhéidir a seacht nó a hocht de mhíonnaí, ach ní raibh an bhliain ann agus bhí sí náirithe go deo. Anois ní raibh mórán céille leis, gnás a bhí ann, cinnte.
Bhuel, tá a fhios agat, nuair a fuair fear bás, an raibh ar an bhean s’aige éadaí dubha a chaitheamh as sin amach?
Ní raibh. Ní raibh éadaí dubha ar bith acu. B’fhéidir go raibh éadach dubh acu, bhí siad á chaitheamh ar an lá agus dubh creidim a bhí sé, ach ní bhfuarthas éadach áirid ar bith fá choinne a chaitheamh am faire nó am tórraimh nó i ndiaidh am faire nó i ndiaidh am tórraimh. Ba é an t-éideadh a bhí acu i gcónaí an t-éideadh a chaith siad. Insan am a bhfuil muid ag caint air ní raibh mórán de éadaí bléascacha ar bith ag gabháil! Cha bheadh ag gabháil ach éadach dubh uilig náprúin agus seál beag agus - bhuel, bheadh an seál beag cineál breac – agus ... ach ní chaithfeá an seál beag ach má bhí tú ag dul amach má bhí tú ag dul chun siopa ná má bhí tú ag dul chun aonaigh ná áit ar bith. Is annamh a chaithfí seál beag sa teach. Éadach dubh a bhí acu ar scor ar bith ná chóir a bheith agus éadach fada síos go dtí na murnáin. Ní fhaca mé éadach gairid ar mhná tí ariamh agus na fir an dóigh chéanna - geansaí dubh agus b’fhéidir veiste agus i bpóca an veiste a d’iomprochódh siad an píopa go minic nuair a bhí siad ag gabháil go teach an airneáil. Is iomaí áit ann a mbeadh siad sásta nach mbeadh le déanamh acu ach a méar a chur i bpóca a veiste agus bhí leaba sa chisteanach mar a dúirt mé agus ní raibh las againne ná na rudaí seo fá choinne an phíopa ar chor ar bith. Agus go minic rachadh siad go dtí an leaba agus tharraingeodh siad duilleog amach as as faoin leaba. Cocháin a bhí sa leaba. Agus tchíonn tú go bhfeicim go fóill chomh deas agus a dhéanadh siad suas duilleog den chochán sin agus chuireadh siad sa tine é agus dheargfadh siad an píopa. Tháinig an cogadh ansin agus d’éirigh an tobaca gann agus tá mise ag inse duit go raibh corr-sheanduine curtha chun a sheanbhaile an t-am sin! Chasfaí ort é agus bheadh sé gan toit tobaca aige agus mura mbeifeá iontach cúramach rachfá thart leis ar an scéal. Níor mhaith duit a chur ag argáil bheadh sé iontach briste seá ...
Agus ba ghnáth leis na mná a bheith ag ól na bpíopaí fosta?
Ó a Dhia inniu. Bhí mná ag ól de na píopaí agus bíodh a fhios agat ar ndóighe bhí an focal againn – bean gan leithsceál gan scíste, bean gan píopa gan leanbh. Agus bíodh a fhios agatsa gur sin an mhuintir a dtiocfadh. Agus píopaí cailce uilig a bhí ag gabháil. Agus an bhfuil a fhios agat nach bhfuil sé ach cúpla bliain ó shin a tháinig an fear seo thíos ón dara doras dom isteach agus tháinig sé ar tuairim is dhá dhuisín de phíopaí úra nach raibh i mbéal an duine riamh curtha sa talamh thíos faoi sheanteach atá thíos ansin. Creidim gur sin nuair a rachfá chun an tsiopa an t-am sin gheofá, am faire, gheofá an oiread seo píopaí agus b’fhéidir nár baineadh úsáid as na píopaí sin uilig agus níl a fhios agam cé acu pisreogaí a bhí ann nó cad é a bhí ann ach ní chuirfí píopa ar bith ar ais. Bheirfí amach iad agus chuirfí sa talamh iad. Agus má bhí – seo na píopaí úra – agus na píopaí a bhí i mbéal daoine agus a bhí ar a chaitheamh, bheirfí sin lá an tórraimh, ba é sin páirt den tórramh, bheirfí sin lá an tórraimh chun na reilige agus nuair a bhí an duine curtha insan uaigh fágadh na píopaí síos ar an uaigh. Nó chuir mé fhéin, nár aifrí Dia orm é, ach chuaigh mé suas agus mé i mo ghasúr – ag caitheamh i nganfhios- chuaigh mé suas an áit a raibh a fhios agam go rabhthar i ndiaidh fear a chur an lá sin. Chuaigh mé suas, bhí me ag dul chun na faoiside ar scor ar bith i ndiaidh thabharfainn tá mé ag déanamh ceann de na chéad fhaoisidí a rinne mé i ndiaidh thabharfainn an chéad chomaoineach chuaigh mé chun na reilige agus thug mé liom cúpla píopa ó uaigh a bhí ann agus bhí mé ag dul thart ag glaoch ar dhaoine go bhfuair mé giota tobac go ndearna mé mé fhéin chomh tinn le madadh. Bhí an-ghreann ar an ghabháil an t-am sin. Ach tá tú ag caint ar fhairíocha. Nuair a bhí muid óg, bhuel, má bhí seanduine, mar b’fhearr i bhfad é ná cuid de na bainseacha atá ag gabháil anois, inár suí go maidin ag gabháil do chleas agus muileann na thine agus cleas an choirce agus cleas an chnaipe agus thart an bhróg agus cuid mhór de na cleasannaí sin, inár suí go maidin. Ach níl a leithéid de cheol amhlaidh anois, agus ansin ba ghnáth an paidrín a rá ar a dó dhéag san oíche agus faoi Dhia nuair a d’éirigh mé fhéin aníos agus cibé a thug ar dhaoine piocadh orm, chuir do mo chur ar an phaidrín agus an chéad chúpla ... an chéad phaidrín a dúirt mé níl sé i bhfad ar shiúl ó seo an teach ar dhúirt mé ann é. Chuir siad ceist orm an ndéarfainn an paidrín agus ó bhí mé cineál cotach agus dúirt mé go mb’fhearr liom gan é a rá agus dúirt siad liom gur shíl siad gur shíl siad go ndéanfainn gar daofa agus nuair a tháinig mé an dá rud agus a ghlacadh chuaigh mé i gcionn an phaidrín agus bhí sé furasta go leor. Bhí deireadh ag gabháil ar aghaidh ag achan duine agus nuair a bhí deireadh uilig ráite ní raibh a fhios agamsa cad é a déarfainn. Dúirt mé an Gníomh Dóláis, agus d’éirigh mé anall chun cónra. Bhí mé ar mo dhá ghlúin ar chathaoir os cionn na cónra. D’éirigh mé anall chuig an chónra shuigh mé cois na tine agus bhí siad uilig’s a gceann crom acu, tá a fhios agat, ag urnaí. Nuair a b’fhada ó chuaigh mé gan labhairt thóg siad a gceann agus fuair siad mise i mo shuí ag caitheamh tobac de chois na tine! Ach bhí sin ag an phaidrín ina dhiaidh sin. Dúirt mé paidríneacha go leor ina dhiaidh sin.
Bhuel tá an comhrá seo, tá sé ag éirí rud beag uaigneach, b’fhéidir. Agus cuireann sin scéal atá agat i gcuimhne dom, sin, Banríon an Uaignis. An mbeifeá sásta an scéal sin a inse dúinn?
Maise, beidh, ó tharla gur iarr tú orm é. tá mé ... Scéal iontach maith atá ann, fosta, an dtuigeann tú Banríon an Uaignis, agus nuair a bíos muid á inse anseo, an dtuigeann tú, an áit a bhfuilimid ag caint air, níl sé i bhfad ar shiúl. agus is é mar a théas an scéal, Bhí caisleán ag fear de fhoireann an Iarlaigh, ar an Charn Bhuí thíos anseo agus fear múinte mómhar cneasta macánta a bhí ann ach bhí a mhuintir uilig marbh agus bhí sé fágtha leis fhéin. Bhí ór aige agus bhí airgead aige agus bhí dúiche mhór thalaimh aige ach níor pósadh ariamh é ina óige ná mar a dúirt sé fhéin, níor casadh an cailín óg ariamh air a raibh sé ábalta taitneamh a thabhairt di. Ach bhí sin maith go leor ... Bhí tobar ag taobh an chaisleáin ach ní thógfadh duine ar bith uisce sa tobar ná bhí siad a rá go raibh umhach ag taobh an tobar agus go raibh cailín óg ina cónaí san umhach agus go raibh sí le feiceáil go luath ar maidin agus mall tráthnóna ag tógáil uisce sa tobar. Mar sin dó ní rachfadh duine fá bhúir asail den tobar ach níor chreid an fear uasal an scéal seo ar chor ar bith, dúirt sé nach raibh ansin ach amaidí chainte. Ach lá dá raibh an fear uasal amuigh ag seilg chun an chnoic tháinig bailc throm fearthainne agus rois toirní agus b’éigean dó dul ar foscadh fá shliabh ach in áit é a ghlanadh suas siúd é an lá ag cur air agus d’fhan an fear uasal san áit a raibh sé go dtí go deir sé ??? go díreach go raibh sé ag druidim anonn leis an tráthnóna ansin thug sé aghaidh ar an Charn Bhuí agus ar ndóighe bhí coim na hoíche ann nuair a fuair sé an fad sin. Cad é a tchí sé ach an cailín óg dóighiúil seo a ba deise a chonaic sé riamh ar bhuille a dhá shúil ag imeacht on tobar le stóp uisce. Ghéaraigh sé a choiscéim agus tháinig sé a fhad léi. Chuir se ceist uirthi c’ainm a bhí uirthi ná cá raibh sí ina cónaí? Bhuel, arsa sise, Banríon an Uaignis m’ainm agus is é m’áit chónaí ná an Carn Buí. Nach mb’fhearr duit fhéin agus domsa, arsa seisean, bualadh suas le chéile, agus thógfadh achan duine againn cian den duine eile. Tá mé sásta, ar acht, arsa sise. Agus cad é an t-acht é, arsa an fear uasal? Ar acht, arsa sise, nach dtugann tú aon duine choíche, muinteartha ná coimhthíoch, beag ná mór, fear ná bean, íseal ná óg, nach dtugann tú choíche aon duine go dtí an Carn Buí a fhad agus bheas mise agat. Caithfidh mise i gcónaí, arsa sise, a bheith i mo bhanríon ar an uaigneas, agus leoga arsa sise, nach doiligh duitse tú fhéin a scoitheadh ón tsaol mhór ar mhaithe liom, ná tá dúil agat i siúl agus tá dúil agat i fríd dhaoine agus arsa sise, smaoinigh go maith ort fhéin, ná bíodh a fhios agat, arsa sise, níl an t-aithreachas mall maith. Ó ar seisean, tá mise sásta mo sciar den uaigneas a bheith agam agus arsa seisean, má phósann muid, ar seisean, caithfidh mise an chuid eile de mo shaol i do chuideachta gan aon duine a thabhairt de chóir an Chairn Bhuí. Pósadh an bheirt acu agus chaith siad tamall breá i gcuideachta. Ní thug aon duine riamh acu focal searbh ná salach don duine eile. Bhí beirt chlainne acu, girseach agus gasúr agus bhí sé ráite go raibh siad ar bheirt pháistí chomh dóighiúil agus a bhí san áit. Chuaigh na blianta agus na blianta thart ach má chuaigh fhéin, ní raibh athrach ar bith ag teacht ar Bhanríon an Uaignis. Bhí sí chomh deas agus chomh dóighiúil agus a bhí sí an chéad lá a chonaic an fear uasal í ach níorbh é sin don fhear uasal é. Bhí an duine bocht ag éirí tuirseach agus bhí sé ag éirí uaigneach agus chonacthas dó ??? sé ag éirí as fríd na daoine ar ais ach chuir sé suas leis go dtí go dtáinig lá a raibh rásaí ar an Trá Bhán thall anseo. Agus bhí capall aige. Dúirt sé le Banríon an Uaignis gur mhaith leis a ghabháil chuig na rásaí. Ó ar sise, tá sin ceart go leor. Níl a dhath agamsa ina éadan sin, ar sise. Gabh chuig na rásaí, ach má tá grá agat domhsa, arsa sise, ní thabharfaidh tú duine ar bith anseo leat ar ais. Rinne siad margadh air sin agus d’imigh sé. Chuaigh sé chuig na rásaí, é fhéin agus a chapall, chuaigh siad amach sa rása agus bhain an capall an chéad duais. Tháinig sé n-abhaile agus é chomh sásta le píobaire. Chuaigh sé an dara lá agus bhain a chapall an duais an dara lá fosta, an chéad duais. Agus chuaigh sé an tríú lá agus bhain sé an chéad duais agus bhain sé an duais ar an chapall a b’fhearr insa dúiche. Ar ndóighe, chruinnigh scaifte mór thart air a dhéanamh mórtais agus a rá go raibh lúcháir iontach orthu as mar a d’éirigh leis fhéin agus lena chapall agus dúirt fear acu leis, Beidh lúcháir mhór ar do bhean nuair a chluinfeas sí seo! agus dúirt an dara duine, Bhal, b’fhéidir nach bhfuil bean ar bith aige. Ó tá bean agam, ar seisean, agus tá rud beag eile agam, tá an bhean agam is deise in Éirinn. Rinne cuid acu draothadh gáire agus dúirt duine eile, bhuel dá bhfeicfidh muid í, chreidfimid thú. Bhuail mothú feirge an fear uasal. Bhal, siúlaigí libh agus is gaire go bhfeice sibh í. D’imigh sé agus na fir leis agus leis an rabharta feirge a bhí air, níor smaoinigh sé riamh ar an mhargadh a bhí déanta aige go dtí go dtáinig sé ar amharc a chaisleáin agus leis sin fhéin go díreach an chéad spléachadh a thug sé thart, fuair sé a bhean agus a bheirt pháistí ina seasamh ar bhruach an tobair. Thug sé rúchladh ag déanamh go bhfaigheadh sé greim orthu sula bhfaigheadh siad ar shiúl ach bhí sé rómhall. Chuaigh siad isteach síos insa tobar. Agus ar ndóighe, beidh barúlacha go leor cad é an buaireamh a bhí ar an fhear uasal nuair a chonaic sé sin. Ach bhí leisce agus cotadh ar na fir a bhí leis ach ní raibh faill cainte ann. B’éigean daofa teitheadh ná d’éirigh an t-uisce aníos as an tobar agus chuir sé spréamh thart ar an áit agus theith siad. Ar maidin lá arna mhárach, bhí an áit uilig cumhdaithe le huisce agus an t-uisce suas os cionn an chaisleáin ní raibh caisleán ar bith le feiceáil. Ar ndoighe bhí an fear uasal buartha agus ábhar aige, agus cad é a bhí aige le déanamh. Thóg sé bothóg bheag amach ó chladach an locha giota beag agus chuaigh sé a chónaí ann. Agus tá loch an Chairn Bhuí thíos ansin ar fad ag duine ar bith a rachfas síos agus má tá lá deas soiléir ann tchífidh tú thíos ar thóin na locha scáil an chaisleáin agus an rud is truacánta den iomlán, amharcfaidh tú amach an loch agus tchífidh tú trí eala ag snámh anonn agus anall an loch agus ní an bréag sin. Sin Banríon an Uaignis agus a beirt pháistí. Ach chuaigh an fear uasal a chónaí ina bhothóg agus ón lá sin go dtí an lá a deachaigh sé i dtalamh, níor bhuail sé fhéin le mná ná le cuideachta. Thug sé aghaidh ar a ghnaithe fhéin agus thug sé a chúl leis an tsaol mhór. Sin anois Banríon an Uaignis agat.
Go raibh míle maith agat, John. Tá an clár thart arís eile. Seo an naoú clár atá déanta againne agus caithfidh mé a rá go bhfuil an t-ádh go barr bata orainne as a bheith ag éisteacht leat, agus sin focal eile a d’fhoghlaim mé uait i mbliana.
Bhuel, go ndéanfaidh a mhaith duit, a Antaine agus is beag sin den méid a thiocfadh leat a fhoghlaim dá mbeifeá ábalta ar a theacht anseo agus an geimhreadh a chaitheamh agamsa.
Nach bhfuil a fhios agam!
GLUAIS
ó rinne slat cóta dom – since I was a young child
sclábhaí – a slave, a drudge
idir shúgradh agus dáiríre – half serious and half joking
cifleog – a rag, jocular term used by a man for his partner
tá suaitheadh sa phota – there’s a stirring in the pot, there’s trouble
beaguchtach – faint-hearted, lacking in confidence
chomh tinn le madadh – as sick as a dog
mómhar – graceful
fá bhúir asail – within a donkey’s bray of, near to, “within a baigle’s gyowl of”
bailc throm fearthainne – a heavy shower of rain
Thug sé rúchladh – he rushed
