Gaeilgear an BBC

baile : Léarscáil

Cuardaigh Léarscáil na Gaeilge... Léarscáil / Liosta

  • Scoil Gheimhridh Sydney

    Do Phictiúir Léarscáile

    Scoil Gheimhridh Sydney 2011

    http://www.irishlanguageschoolsydney.org.au/

    Beidh Scoil Gheimhridh Sydney ar siúl ón 10 go 13 Meitheamh 2011. Beidh daoine ó gach áit san Astráil ag foghlaim agus ag cur snas ar a gcuid Gaeilge le chéile. Beidh ranganna spraoi ar fáil freisin - rince, amhránaíocht, feadóg stáin agus a tuilleadh.

    Le tuilleadh eolais cuir ceist ar Éilis +61 424 718 538 nó

    The Scoil Gheimhridh Sydney ( Irish language Winter School) will be held in Sydney from 10 to 13 June 2011. People from every part of Australia will be polishing up their Irish language together. Fun classes will be available as well - dancing, singing, tin whistle and more.

  • An Carn, Co Dhoire

    Do Phictiúir Léarscáile

    An Carn, Co. Dhoire

    An Carn, Co. Dhoire

  • An Ghaeilge abú i dTír Chiana!

    Do Phictiúir Léarscáile

    An Ghaeilge abú i dTír Chiana!

    An Ghaeilge abú i dTír Chiana!

  • Nikki Ragsdale le linn Sheachtain na Gaeilge 2010 i nGaeltacht San Francisco

    Do Phictiúir Léarscáile

    Gaeltacht San Francisco ar Lá Fhéile Pádraig 2010

    Nikki Ragsdale le linn Sheachtain na Gaeilge 2010 i nGaeltacht San Francisco.

  • Sceideal Sheachtain na Gaeilge 2010 i nGaeltacht San Francisco, SAM

    Do Phictiúir Léarscáile

    Gaeltacht San Francisco

    Sceideal Sheachtain na Gaeilge 2010 i nGaeltacht San Francisco, SAM

  • Scoil na Gaeilge Sydney

    Lá Fhéile Pádraig 2010

    Scoil na Gaeilge Sydney

    Scoil na Gaeilge Sydney ar Lá Fhéile Pádraig 2010 in Sydney na hAstráile

  • Irish Language School, Sydney

    Do Phictiúir Léarscáile

    An Ghaeilge i Sydney na hAstráile!

    The Irish Language School Sydney - Scoil na Gaeilge Sydney!
    Bunaíodh í ar an 16 Iúil 2007.
    Tuilleadh eolais: http://irishlanguageschoolsydney.org.au/

    Eagraíonn Scoil na Gaeilge Sydney - Inc Scoil Gheimhridh gach bliain in Sydney, An Astráil. Tagann timpeall ochtó duine fásta ó gach coirnéal den tír mhór seo chuig an scoil! Beidh an chéad scoil eile ar an 11-14 Meitheamh 2010. Bíonn rang gach seachtain in Sydney chomh maith i lár na cathrach. Beidh Fáilte Uí Cheallaigh romhaibh má atá suim agaibh freastal air.
    Eolas ó:
    Beannnacht agus beir bua,
    Éilis Hurst,
    Rúnaí,
    Irish Language School Sydney - Scoil na Gaeilge Sydney - Inc
    Postal address: 2/70 Devonshire Street, SURRY HILLS NSW 2010 Australia

  • Gaeltacht San Francisco

    Lá Fhéile Pádraig 2010

    Gaeltacht San Francisco

    Beannachtaí na Féile Pádraig 2010 ó Ghaeltacht San Francisco!

    A Chairde Gael!

    Bhí an-oíche againn Dé Máirt an 9ú Márta 2010 ag An Chuallacht i mBerkeley, anseo sa Ghaeltacht Ceantar Bhá Naoimh Phrionsias, California. Breis agus 30 duine a bhí ann. Ceol, Sean-Nós, Filíocht, Siamsa & Craic! Rogha gach bí & togha gach dí!

    Seo grianghraf ón oíche sin!

    Ádh mór,
    Nikki (Ragsdale),
    Gaeltacht San Francisco

  • An Fhuinneog Ghaelach

    Do Phictiúir Léarscáile

    Gaeilge san Astráil

    An bhfuil tú ag iarraidh Gaeilge a fhoghlaim san Astráil?
    Bunaíodh Cumann Gaeilge na hAstráile i Melbourne sa bhliain 1991-92.
    More information on where to learn Irish in Australia: http://www.gaeilgesanastrail.com

  • Gaeilge Manchester

    Do Phictiúir Léarscáile

    Gaeilge i Mainchinn!

    An Ghaeilge i Mainchinn!
    Irish language classes for all levels in Manchester...autumn 2011.

    Free Irish language classes for adults (8.00 - 9.00 p.m.) Tuesdays, at St.Kentigern’s Social Club, Fallowfield.

    Tuilleadh eolais: http://www.milg.org.uk/classes.htm

  • Rang Gaeilge Memorial University Talamh an Éisc, Ceanada

    Do Phictiúir Léarscáile

    Gaeilge i dTalamh an Éisc!

    Beannachtaí na Féile Pádraig 2010 ó Thalamh an Éisc!
    Rang Gaeilge Bhríd i dTalamh an Éisc, Ceanada.
    Bríd’s Irish class in Memorial University, Canada.
    Also follow Letter from Canada with Bríd Ní Fhachtna.
    And learn about the unusual English spoken there: http://www.bbc.co.uk/irish/video_audio/player/863/gaeilge/

  • Maigh Nuad / Maynooth

    Do Phictiúir Léarscáile

    Maigh Nuad / Maynooth

    Baile Ollscoile is ea Maigh Nuad atá lonnaithe i dtuaisceart Chontae Chill Dara. Is ann atá Ollscoil Náisiúnta na hÉireann, Maigh Nuad, agus Coláiste Pontaifiúil Naomh Phádraig (an chliarscoil náisiúnta). Suite ag dhá ceann phríomhshráid an bhaile tá Caisleán Mhaigh Nuad agus Teach Carton, áiteanna inar chónaí Diúic Laighin fadó. Bhí an caisleán ina dhaingean ag pearsa clúiteach de chuid na séú haoise déag, Tomás Mac Gearailt, 10ú hIarla Chill Dara, nó Tomás an tSíoda mar ab fhearr aithne air. Gabhadh an caisleán i 1535, tar éis éirí amach an Iarla. Tá an baile féin díreach lastigh d’imeall iartharach na Páile.

    Maynooth is a university town located in north County Kildare. It hosts the National University of Ireland, Maynooth, and the Pontifical University of St Patrick’s College (the national seminary). The town has, at either end of the main street, Maynooth Castle and Carton House: two former seats of the Dukes of Leinster. The castle was a stronghold of the 16th century historical figure Thomas FitzGerald, 10th Earl of Kildare better known as Silken Thomas. The castle was overrun in 1535, after the rebellion of the Earl. The town is just inside the western edge of The Pale.

    Pictiúr le Máirtín Ó Préth
    Picture sent in by Máirtín Ó Préth

  • Stáisiún Bhaile an Mhargaidh / Bellarena Stations
    Stáisiún Bhaile an Mhargaidh / Bellarena Stations

    Stáisiún Traenach Bhaile an Mhargaidh le Binn Fhoibhne sa chúlra
    Bellarena Railway Station with Binevanagh in the background.

    Íomhá curtha isteach ag John Forrest
    Image sent in by John Forrest

  • Sráid i Lios na gCearrbhach / A Street in Lisburn

    Do Phictiúir Léarscáile

    Sráid i Lios na gCearrbhach / A Street in Lisburn

    Tá Lios na gCearrbhach i gContae Aontroime.
    Lisbrun is in Co. Antrim.

    Íomhá curtha isteach ag Robert Wilkinson
    Image sent in by Robert Wilkinson.

  • Sráid i Loch Bricreann / A Street in Loughbrickland

    Do Phictiúir Léarscáile

    Sráid i Loch Bricreann / A Street in Loughbrickland

    Curtha isteach ag A. Cupples
    Sent in by A. Cupples

  • Lee Fields, Cork

    Do Phictiúir Léarscáile

    Lee Fields, Corcaigh

    Íomha curtha isteach ag Frank Cawley.

    Image sent in by Frank Cawley.

  • Rinn Duain/ Hook Head

    Do Phictiúir Léarscáile

    Tonnta, Rinn Duain / Waves at Hook Head

    Rinn Duain, Contae Loch Garmain, áit a bhfuil an teach solais is sine san Eoraip. Tá sé go fóill ag obair, ach anois tá sé go hiomlán uathoibrithe. Tá sé suite ar bhealach isteach chuan Phort Láirge, agus tá fáilte roimh chuairteoirí.

    Hook Head, County Wexford, is the site of Europe’s oldest lighthouse, which is still in operation but is now fully automated. It is situated at the entrance of Waterford harbour, and is open to visitors.

    Íomha curtha isteach ag Seán Mac Cathmhaoil
    Image sent in by Seán Mac Cathmhaoil.

  • Bantry Bay, Cork

    Do Phictiúir Léarscáile

    Bád i mBá Bheanntraí / A Boat in Bantry Bay

    Bá Bheanntraí, Co. Chorcaí
    Bantry Bay, Co. Cork

    Curtha isteach ag Shelly Morgan
    Sent in by Shelly Morgan

  • Muileann an tSáile/ Saltmills

    Do Phictiúir Léarscáile

    Fáilte go Muileann an tSáile / Welcome to Saltmills

    Muileann an tSáile, áit álainn i Loch Garman.

    Saltmills, a beautiful place in Wexford

    Curtha isteach ag Naomi Ní Cheallaigh
    Sent in by Naomi Ní Cheallaigh

  • Glucksman Ireland House, Nua Eabhrac

    Do Phictiúir Léarscáile

    Áras Glucksman na hÉireann / Glucksman Ireland House

    Fáilte romhat go h-Áras Glucksman na hÉireann, lár-ionad an léinn Ghaelaigh in Ollscoil Nua Eabhrac. Cuireann Áras Glucksman na hÉireann cúrsaí ar fáil sa chultúr Gaelach agus Gael-Mheiriceánach agus cothaítear an chuid is fearr de staidéar na hÉireann agus staidéar ar scaipeadh na nGael.

    Glucksman Ireland House, the center for Irish and Irish-American Studies at New York University. Glucksman Ireland House provides access to Irish and Irish-American culture and fosters excellence in the study of Ireland, Irish America, and the global Irish Diaspora.

    Curtha isteach ag Áras Glucksman na hÉireann
    Sent in by Glucksman Ireland House

  • Newcastle

    Do Phictiúir Léarscáile

    An Trá, An Caisleán Nua/ The Beach, Newcastle

    Is baile mór i gContae an Dúin é An Caisleán Nua. Tá sé suite i ndeisceart an chondae taobh le Muir Éireann.

    Newcastle is a large town in south County Down, overlooking the Irish Sea.

    Curtha isteach ag Robbi McMillen
    Sent in byRobbi McMillen

  • Donaghadee / Domhnach Daoi

    Logainmneacha

    Donaghadee / Domhnach Daoi

    Ciallaíonn Domhnach “teach pobail a tógadh go luath”, go háirithe ceann a bhunaigh Naomh Pádraig. Is ainm pearsanta é Daoi, is dócha, ach síleann daoine áirithe go gciallaíonn sé “amadán”.

    Domhnach means an early church, especially one which was founded by Saint Patrick. Daoi is probably a personal name, though some people think that it means “fool”.

    Íomhá curtha isteach ag Chris Black
    Picture sent in by Chris Black

  • Loughbrickland / Loch Bricreann

    Logainmneacha

    Loch Bricreann / Loughbrickland

    Ciallaíonn Bricreann “le Bricriú”. Bíonn Bricriú sna seanscéalta faoi Chú Chulainn agus an Táin. Fear droch-chroíoch, mioscaiseach a bhí ann. Tá crannóg sa loch, ach níor tógadh í sin go dtí an cúigiú haois, i bhfad i ndiaidh aimsir na Tána.
    This means “The Lake of Bricriú”. Bricriú was a character in the old tales about Cú Chulainn and the Táin. He was a wicked man who enjoyed stirring up trouble. There is a crannóg (an artificial island) in the lake but it was built hundreds of years after the time of Bricriú.
    Image sent in by A. Cupples

  • Port na Blagh / Port na Bláiche

    Do Phictiúir Léarscáile

    Radharc Phort na Bláiche / View over Port na Blagh

    Port na Bláiche in iar-Thuaisceart Dhún na nGall.
    Port na Blagh - a village in Northwest Donegal.

    Grianghraf le Ian Orr.
    Image sent by Ian Orr.

  • Rinn Mhic Giolla Rua / Warrenpoint

    Logainmneacha

    Rinn Mhic Giolla Rua / Warrenpoint

    Ciallaíonn rinn “ros” nó “píosa talún a ghobann amach san fharraige.” Is sloinne é Mac Giolla Rua, ar ndóigh.

    Rinn means a spit or point of land which sticks out into the sea. Mac Giolla Rua is the surname Mc Elroy or Mc Ilroy.

  • An Tuaim / Toomebridge

    Logainmneacha

    An Tuaim (Droichead na Tuama) / Toomebridge

    Ciallaíonn tuaim “áit adhlactha de chuid na bpágánach”, nó “tulach adhlactha.” Ní fios cá raibh an Tuaim.
    Tuaim means a pagan burial place, or a burial mound. We do not know where the burial mound was.

  • An Bhanna / the River Bann

    Logainmneacha

    An Bhanna / the River Bann

    De réir na saineolaithe, bandia a bhí i mBanna. Tá seanscéal béaloidis faoi chailín darbh ainm Banna a chuaigh chuig tobar naofa ach chuir sí isteach ar na spridí san uisce agus tháinig siad amach as an tobar agus bháigh siad í agus is ar an dóigh sin a cruthaíodh an abhainn!
    According to the experts, Banna was a goddess. There is an old folktale about a girl called Banna who went to a sacred well but she disturbed the spirits in the water and they came out of the well and drowned her, thus forming the river in the process!

  • Port Chluain Eoghain / Portglenone

    Logainmneacha

    Port Chluain Eoghain / Portglenone

    Ciallaíonn an t-ainm seo “caladh mhóinéar Eoghain”, “an áit a mbíonn báid ag teacht i dtír ag móinéar Eoghain.”

    “The landing place of the meadow of Eoghan.”

  • Muine Mór / Moneymore

    Logainmneacha

    Muine Mór / Moneymore

    Ciallaíonn muine scrobarnach nó toir.
    This means the big thicket or bushes.

  • Machaire Fíolta / Magherafelt

    Logainmneacha

    Machaire Fíolta / Magherafelt

    Má nó áit réidh an chiall atá le machaire, ar ndóigh. Is ainm é Fíolta.
    Machaire means ‘a plain’ or ‘a flat place’. Fiolta is a name.

  • Garbhachadh / Garvagh

    Logainmneacha

    Garbhachadh / Garvagh

    Ciallaíonn an t-ainm seo ‘gort’ nó ‘páirc’ atá garbh.
    Garbhachadh means ‘rough field’.

  • Dún Geimhin / Dungiven

    Logainmneacha

    Dún Geimhin / Dungiven

    Ní fios go díreach cad is brí leis an fhocal ‘geimhin’ - síltear go bhfuil baint aige le seithí nó craicne.

    The first part of this name means fortress but the second element is unclear. It may be connected to skins or hides.

  • Dún Droma / Dundrum

    Logainmneacha

    Dún Droma / Dundrum

    Ciallaíonn an t-ainm seo an dúnfort nó caisleán atá ar dhroim nó ar chnoc fada.

    This name means the fortress or castle which is on a ridge or long hill.

  • Daimhinis / Devenish Island

    Logainmneacha

    Daimhinis / Devenish Island

    Ciallaíonn Daimhinis oileán na ndamh nó oileán na mbó. Tá sean-chloigtheach air agus fothracha mainistreach ón dara haois déag.
    Daimhinis means ox island. There is an ancient round tower and the ruins of a twelfth century monastery.

  • Bun Abhainn Doinne / Cushendun

    Logainmneacha

    Bun Abhainn Doinne (Cois Abhainn Doinne) / Cushendun

    Bun Abhainn Doinne an leagan is coitianta i nGaeilge, cé gur léir go raibh an dá leagan ann. Tugtar na Trí Buna ar Bhun Abhainn Dalla, ar Bhun Abhainn Doinne agus ar Bhun na hAbhann.
    Bun Abhainn Doinne (the bottom of the river Donn) is the most common form of the name, though Cois Abhainn Doinne (the foot of the River Doinne) was also used. In Irish, Cushendall, Cushendun and Waterfoot are called na Trí Buna, the three bottoms.

  • Bun Abhainn Dalla / Cushendall

    Logainmneacha

    Bun Abhainn Dalla (Cois Abhainn Dalla) / Cushendall

    Bun Abhainn Dalla an leagan is coitianta i nGaeilge, cé gur léir go raibh an dá leagan ann. Tugtar na Trí Buna ar Bhun Abhainn Dalla, ar Bhun Abhainn Doinne agus ar Bhun na hAbhann.
    Bun Abhainn Dalla (the bottom of the river Dall) is the most common form of the name, though Cois Abhainn Dalla (the foot of the River Dall) was also used. In Irish, Cushendall, Cushendun and Waterfoot are called na Trí Buna, the three bottoms.

  • Port Láirge / Waterford

    Logainmneacha

    Port Láirge / Waterford

    Ciallaíonn port “caladh“ nó “cuan”, ar ndóigh, ach ní fios cad is brí leis an Láirge. Ciallaíonn Waterford “loch uisce” i Lochlannais.

    Port means a harbour or landing place but we cannot be sure of the meaning of Láirge. The English name means “water lake” in Norse.

  • Loch Cairlinn / Carlingford

    Logainmneacha

    Loch Cairlinn / Carlingford

    Ainm Lochlannach atá ann. Ciallaíonn an focal “kerling” cailleach. Is dócha go bhfuair sé an t-ainm seo mar gheall ar charraig a bhí cosúil le seanbhean.

    This is a Viking name. The word “kerling” means a hag. It probably got this name because of a rock which was shaped like an old woman.

  • Gaillimh / Galway

    Logainmneacha

    Gaillimh / Galway

    Baineann an t-ainm seo le Gall, focal a chiallaíonn “coimthíoch”. Is dócha gurb iad na Lochlannaigh na coimhthígh a bhí i gceist sa chás seo, agus ní na Normannaigh ná na Sasanaigh.

    This name means “the place of the foreigners”. The foreigners were probably the Vikings in this case and not the Normans or the English.

  • Inis Ceithleann / Enniskillen

    Logainmneacha

    Inis Ceithleann / Enniskillen

    Oileán Cheithle. Fomhórach a bhí i gCeithle. Bhí sí pósta le Rí na bhFomhórach, Balor na Súile Nimhe.

    This means The Island of Ceithle. Ceithle was a member of the mythical race called the Fomorians. She was married to the King of the Fomorians, Balor of the Poisoned Eye.

  • Baile Átha Cliath / Dublin

    Logainmneacha

    Baile Átha Cliath / Dublin

    Bhí áth ann ar an Life agus is dócha gur cuireadh cliatha ann leis an áth a dhéanamh níos sábháilte. Is ainm Gaeilge é Dubhlinn fosta ach níor bhain Gaeilgeoirí úsáid as an leagan sin riamh.

    There was a ford on the Liffey and wattles were probably put down to make the ford safer. Dubhlinn (Dublin) is an Irish name as well – it means Black Pool – but this form has never been used by Irish speakers.

  • Doire / Derry

    Logainmneacha

    Doire / Derry

    Doire Calgach an seanainm a bhí ar an áit ach ina dhiaidh sin baisteadh Doire Cholm Cille uirthi. Tugann roinnt daoine Londonderry ar an áit i mBéarla.

    Doire Calgach was the old name of the place but after that it was called Doire Cholm Cille, the Oak Wood of Saint Colm Cille. Some people call it Londonderry in English.

  • Cúil Raithin / Coleraine

    Logainmneacha

    Cúil Raithin / Coleraine

    Ciallaíonn sé seo “cúil raithnigh” i nGaeilge an lae inniu. De réir an scéil, bhunaigh Naomh Pádraig séipéal anseo.
    This means “nook of ferns”. According to the story, Saint Patrick founded a chapel here.

  • Aontroim / Antrim

    Logainmneacha

    Aontroim / Antrim

    Aontreibh a bhí ann fadó, ainm a chiallaíonn “aon teach”. Tá an focal treibh gaolta leis an fhocal Breatnaise “tref”, atá coitianta go leor i logainmneacha.

    The name was originally Aontreibh, which means “one house”. The name is related to the Welsh word tref, which is common in place names.

  • An Ómaigh / Omagh

    Logainmneacha

    An Ómaigh / Omagh

    Deir na saineolaithe gur ógh (= maighdeán) an chéad chuid den ainm seo. Is ionann maigh (má) agus “machaire”, ar ndóigh.

    The experts say that the first part of this is ógh which means “virgin”. Má means “a plain”.

  • Iúr Cinn Trá/ Newry

    Logainmneacha

    Iúr Cinn Trá/ an tIúr / Newry

    Ciallaíonn an t-ainm seo “an crann iúir ag barr na trá”.

    This name means “the yew tree at the head of the strand”.

  • Béal Feirste / Belfast

    Logainmneacha

    Béal Feirste / Belfast

    Is minic a aistrítear seo mar “béal abhainn Fearsaide” ach “béal na habhann san áit a bhfuil áth gainmheach ann” an chiall cheart. Fuair an abhainn a hainm ón áth. Bhí an t-áth in úsáid ar feadh na Meánaoiseanna ach is léir go raibh an trasnú contúirteach go leor – bhí séipéal beag ann a mbíodh daoine ag urnaí ann roimh thrasnú dóibh. Tá Teampall Naomh Seoirse ar an suíomh sin anois.

    This is often translated as “the mouth of the river Farset” but it really means “the mouth of the river where there is a sandy ford”. The river got its name from the ford. The ford was in use throughout the Middle Ages but the crossing was obviously dangerous enough – there was a little chapel where people said their prayers before crossing. St George’s Church is now on that site.

  • Ard Mhacha / Armagh

    Logainmneacha

    Ard Mhacha / Armagh

    Ciallaíonn ard “áit ard” ar ndóigh, agus bandia a bhí i Macha. Bhí baint láidir aici le capaill.

    Ard means “a high place” and Macha was an ancient Celtic goddess who was strongly connected with horses.

  1. Cliceáil ar an léarscáil agus cuirfimid na comhordanáidí isteach duit




  2. Uasmhéid an chomhaid: 50MB
    Cineál an chomhaid: jpg, gif

Má bhíonn aon deacrachtaí agat, cuir r-phost chuig

Is ionann ábhar a chur chugainn agus aontú lenár dTéarmaí agus Coinníollacha

NIS - íomháLe tacaíocht ón Chiste Craoltóireachta Gaeilge

BBC © 2014Níl an BBC freagrach as ábhar atá ar shuíomhanna seachtracha idirlín.

Is fearr amharc ar an leathanach seo le brabhsálaí gréasáin atá suas chun dáta agus atá cumasaithe do stílbhileoga cascáideacha (CSS). Cé go mbeidh tú in ann ábhar iomlán an leathanaigh seo a fheiceáil sa bhrabhsálaí atá agat faoi láthair, ní bheidh cáilíocht na rudaí a fheicfidh tú chomh maith agus a thiocfadh leo a bheith. Iarrtar ort smaoineamh ar bhogearra do bhrabhsálaí a uasghrádú nó ar stílbhileoga cascáideacha (CSS) a chumasú más féidir.