Gaeilgear an BBC

hide-

garraíodóireacht gardening
garraíodóir gardener
fostaithe employed
Náisiúnta Ghleann Bheatha Glenveagh National Park
Páirc an Fhionnuisce Phoenix Park
timpeallacht environment

baile : ailt : Caithimh aimsire : Garraíodóireacht

Garraíodóireacht

Baineann a lán daoine sult as an gharraíodóireacht mar chaitheamh aimsire ach cad é faoi dhaoine atá fostaithe mar gharraíodóirí - an mbaineann siadsan an sult céanna as?

Anseo tá agallaimh le beirt fhear, Dónall Ó Cnáimhsí a chaith tréimhse ag obair i bPáirc Náisiúnta Ghleann Bheatha i dTír Chonaill agus Éamonn Ó Maoláin a bhí ag obair i bPáirc an Fhionnuisce i mBaile Átha Cliath.

Is as Gaoth Dobhair ó dhúchas don gharraíodóir óg, Dónall O Cnáimhsí, agus nuair a labhair sé le Róisín Ní Chéileachair bhí sé i ndiaidh sé mhí a chaitheamh ag obair i bPáirc Náisiúnta Ghleann Bheatha in éineacht le ceathrar eile. San agallamh seo cuireann sé síos ar an áit ina bhfuil sé ag obair anois agus insíonn sé di faoi na smaointe atá aige faoin timpeallacht agus faoin saol i gcoitinne.

Sa ghearrthóg seo cuirfidh tú aithne ar an gharraíodóir chiúin lách atá ag tabhairt aire do ghairdíní an Uachtaráin i bPáirc an Fhionnuisce i mBaile Átha Cliath chomh fada sin go raibh seisear uachtarán i réim lena linn! Tá sé ag obair ansin le daichead bliain anuas, agus is iomaí athrú a tháinig ar Bhaile Átha Cliath sa tréimhse sin. Chomh maith leis sin, chonaic sé cuid mhór eachtraí a bhfuil tábhacht dhomhanda leo, cuairt JFK ar Éirinn i 1963 ina measc, eachtra nach ndéanfaidh sé dearmad de choíche.



Amharc ar shuíomhanna eile an BBC sa rannóg seo:
BBC Lifestyle
Gardener’s Corner, Raidió Uladh
BBC Gardening

NIS - íomháLe tacaíocht ón Chiste Craoltóireachta Gaeilge

BBC © 2014Níl an BBC freagrach as ábhar atá ar shuíomhanna seachtracha idirlín.

Is fearr amharc ar an leathanach seo le brabhsálaí gréasáin atá suas chun dáta agus atá cumasaithe do stílbhileoga cascáideacha (CSS). Cé go mbeidh tú in ann ábhar iomlán an leathanaigh seo a fheiceáil sa bhrabhsálaí atá agat faoi láthair, ní bheidh cáilíocht na rudaí a fheicfidh tú chomh maith agus a thiocfadh leo a bheith. Iarrtar ort smaoineamh ar bhogearra do bhrabhsálaí a uasghrádú nó ar stílbhileoga cascáideacha (CSS) a chumasú más féidir.