Sa ghníomhaíocht seo tugann an t-imreoir cuairt ar aimsir na clochaoise chun cuidiú le beirt pháiste féasta a ullmhú. Tá dualgais éagsúla le chur i gcrích: bia a sheilg, an uaimh a mhaisiú agus tine a lasadh. Tugann an bheirt pháiste ó aimsir na clochaoise treoir don imreoir.
Cliceáil ar an teilifís ag bun an scáileáin sa seomra suí le tús a chur leis na cluichí.
Tabhair cuidiú do pháistí na clochaoise ullmhú don fhéasta mór.
Tá sé thasc ann:
•Mála a dhéanamh
•Iascaireacht
•Sléa a dhéanamh
•Seilg Mamait
•Tine a lasadh
•Uaimh a mhaisiú
Caithfidh cliceáil ar an chlár adhmaid ag barr an scáileáin ar chlé leis na gníomhaíochtaí a thosnú.
Caithfidh na gníomhaíochtaí ar fad a chur i gcrích le dul chuig an fhéasta.
Deán an cúlra a thaiscéaladh agus cliceáil ar rudaí atá faoi cheilt sna driseacha. Inseoidh na páistí faoi na rudaí atá aimsithe agat agus gheobhaidh tú léargas ar an saol in aimsir na clochaoise.
Déanamh Uirlisí
Cliceáil ar cheann den dá ghníomhaíocht ar an chlár adhmaid:
Sleá a Dhéanamh:
Caithfidh an páiste sleá láidir agus géar a dhéanamh le heitilt tríd an aer.
Is tábhachtach an t-ábhar cuí a úsáid. Bhíodh adhmaid chrua ag déantóirí sleá in aimsir na clochaoise (bhí adhmaid na fuiseoige in úsáid go dtí aimsir na meánaoise). Chuireadh siad barr géar ar an sleá, agus in amanna barr breochloiche le huirlis níos fearr a dhéanamh.
Tá réimse ábhar ar an urlár.
Caithfear cliceáil ar ábhar agus é a tharraingt chuig an sleá.
Déan trí shleá le cleachtadh a dhéanamh ar an sleá a chaitheamh leis an sprioc a scaoileadh. Déan an sleá a tharraingt sa treo ceart agus cliceáil arís chun é a scaoileadh.
Mála a Dhéanamh
Déan mála atá mór agus láidir go leor le deich gcloch mór a iompar.
Bhí málaí úsáideach in aimsir na clochaoise le bia mar chaora agus cnónna a iompar abhaile.
Tá réimse ábhar ar an urlár.
Caithfidh an páiste cliceáil ar an ábhar atá roghnaithe aige agus é a tharraingt chuig an mála.
Tastáil neart an mhála. Cliceáil ar na clocha agus déan iad a tharraingt chuig an mála. Má bhriseann an mála, caithfear tosú arís.
Cliceáil ar an chnaipe ag barr an scáileáin ar dheis le dul ar ais chuig páistí na clochaoise agus gníomhaíocht eile a dhéanamh.
Bailiú Bia
Cliceáil ar cheann den dá ghníomhaíocht ar an chlár adhmaid:
Iascaireacht
An dtig leat éisc a ghabháil agus iad ag léim as an uisce?
Beidh neart éisc de dhíth do threibh chlochaoise a bhfuil ocras orthu. Bí ar d'fhaichill ar an iolar áfach - tá cíocras air agus beidh sé réidh le do chuid éisc a ghoid.
Cliceáil ar na héisc agus iad ag léim amach as an uisce leis an oiread iasc agus is féidir a cheapadh.
Muna gceaptar go leor iasc caithfear tosú arís.
Cliceáil ar an íomhá ag barr an scáileáin ar dheis le mhamat a sheilg.
Cliceáil ar an chnaipe ag barr an scáileáin ar dheis le dul ar ais chuig páistí na clochaoise agus gníomhaíocht eile a dhéanamh.
Seilg Mhamait
An féidir leat mamat a sheilg agus é a thiomáint isteach sa pholl clábair? Níl sé furasta!
As mamat amháin bhaineadh teaghlach clochaoise a sáith bia ar feadh roinnt lá, agus thugadh mamat neart agus fuinneamh dóibh agus iad ag maireachtáil i saol a bhí crua agus dúshlánach. Leis an ainmhí ollmhór seo a sheilg bhíodh ar dhaoine a gcuid scileanna agus intleachta a úsáid agus bhíodh comhoibriú an-tábhachtach.
Tiomáin an mamat chuig poll clábair sa talamh chun é a cheapadh.
Cuir an luchóg ar an taobh clé den mhamat chun é a thiomáint ar dheis.
Cuir an luchóg ar an taobh deis den mhamat chun é a thiomáint ar chlé.
Nuair atá an mamat sa pholl, cliceáil ar na sleánna chun iad a chaitheamh leis an mhamat.
Cliceáil ar an chnaipe den iasc ag barr an scáileáin ar dheis le hiascaireacht a dhéanamh.
Cliceáil ar an chnaipe ag barr an scáileáin ar dheis le dul ar ais chuig páistí na clochaoise agus gníomhaíocht eile a dhéanamh.
Cur Síos Tine
An féidir leat tine mhór a chur síos agus a lasadh?
Bhíodh uaimheanna in aimsir na clochaoise iontach dorcha agus fuar. D'úsáid muintir na clochaoise tine le solas agus teas a sholáthar, le bia a chócaráil agus le hainmhithe a choinneáil ar shiúl.
Roghnaigh píosaí admhaid foirstineacha agus tarraing chuig an teallach iad le tine a chur síos. Bíonn píosaí adhmad tirime níos fearr ná cinn atá fliuch.
Nuair atá go leor adhmaid ar an tine, cliceáil ar an dá chloch agus bhéarfaidh siad splanc leis an tine a lasadh.
Leis an tine a chothú:
•Cuir maidí breise uirthi.
•Clicéail ar chailín na clochaoise agus séidfidh sí uirthi.
Má mhúchtar an tine, nó má bhíonn sí ró-bhríomhar, caithfear tosú arís.
Maisiú na hUaimhe
Déan pictiuir le ballaí na huaimhe a mhaisiú.
D'úsáid daoine in aimsir na clochaoise cré, súiche, gréisce agus plandaí lena gcuid pictiúirí féin a dhéanamh. Dhéanadh siad na péinteálacha ar bhallaí na huaimhe le cipíní, le méara agus le pillíní déanta d'fhionnadh nó de chaonach. Tá péinteálacha uaimhe cáiliúla i Lascaux sa Fhrainc agus in Alamira sa Spáinn.
Cliceáil ar íomhá ar an bhalla ar chlé agus tarraing chuig an bhalla tosaigh í. Cliceáil ar an phailéad le dath a roghnú.
Cliceáil ar an chnaipe de mhéar ar an chlár adhmaid agus roghnaigh dath leis na híomhánna a dhathú.
Cliceáil ar chnaipe na huirlise le cuma shnoíodóireachta a chur ar na péinteálacha.
Déan na péinteálacha a chur i gcló.
Cóisir
Agus na tascanna ar fad críochnaithe is féidir dul chun an fhéasta!