Cuidíonn an ghníomhaíocht seo le páistí amscála imeachtaí lae a thuiscint. Cuireann siad imeachtaí ar amlíne insan ord ina dtarlaíonn siad, amhail freastal ar scoil agus amharc ar an teilifís.
Déanann Biombal, an moncaí, an páiste a threorú tríd an chluiche.
Is féidir carachtar a chruthú don chluiche:
Is féidir na rudaí seo a leanas a roghnú:
•Stíl gruaige
•Dath gruaige
•Dath na súl
•Éadaí
•Dath craicinn
Caithfidh an páiste lá iomlán a léiriú ar an amlíne le taispeáin cad é a dhéanann sé ó éiríonn sé ar maidin go dtéann sé a luí. Caithfidh cliceáil ar phictiúr agus é a tharraingt chun é a chur ar amlíne.
Le pictiúr atá ar an amlíne a athrú, cliceáil air agus tarraing chuig áit eile ar an amlíne é. Is féidir leis an pháiste an amlíne críochnaithe a chur i gcló agus amharc ar scannán beoite faoin lá. Cliceáil ar na bananaí le dul ar ais.