Is áis staire í Inniu agus Inné do pháistí 5-7 bliain d'aois.


Déan sráid Éadbhardach ó 1900-1910 a thaiscéaladh. Cuir ceisteanna ar dhaoine ar an sráid, bailigh earraí agus fuaimeanna le tuilleamh a fháil amach futhu.

Is é sprioc na ngníomhaíochta seo ná tuiscint a fhorbairt faoi dhaoine a mhair san am atá thart agus foghlaim faoi na hathruithe a tháinig ar an saol le himeacht aimsire. Déantar comparáid idir saol an lae inniu agus saol na tréimhse Éadbhardaí.

Tugann Fear an Tí sa Halla Ceoil miniú ar an sprioc atá leis an ghníomhaíocht; fuaimeanna a bhailiú agus amhrán faoi na fuaimeanna sin a chluinstin sa Halla Ceoil. Cliceáil ar an chnaipe ag bun an scáileáin ar dheis leis intreoir sin a scipeáil.

Cliceáil ar na daoine ar an sráid le gníomhaíochtaí a dhéanamh.

Le gach carachtar is féidir:

•Ceisteanna a chur - taispeántar na ceisteanna ag barr an scáileáin ar dheis; cliceáil ar an charachtar leis an cheist a chur.

•Earraí a bhailiú - má thagann íomhá de mhála taistil ar earra cliceáil air lena bhailiú.

•Fuaimeanna a bhailiú - má thagann íomhá de chluas ar earra cliceáil air lena fhuaim a bhailiú.

•Grianghraif a ghlacadh - cliceáil ar an cheamara agus ansin cliceáil áit éigin ar an scáileán.

Léiríonn caiseal ag bun an scaileáin gur féidir cluiche a imirt.

Cliceáil ar an tram le dul ar ais chun an Halla Ceoil le hamhrán a chluinstin ina bhfuil na fuaimeanna atá bailithe agat.

Cliceáil ar an mhála taistil ag bun an scáileáin le dul chuig an mhúsaem, a mbeidh na grianghraif agus na hearraí a bailíodh ar taispeáint.

Sa mhúsaem, cuir an luchóg thar ghrianghraf nó thar earra le leagan níos mó a fheiceáil.

Seosamh

Bhíodh giollaí siopa le feiceáil go minic i mbailte sa ré Éadbhardach. Bhíodh orthu earraí a iompar ó shiopaí chuig tithe na gcustaiméirí. Caithfidh Seosamh na gluaisteáin nua-aimseartha a sheachaint agus é ag dul ó áit go háit ar a rothar lena chiséan lán d'earraí grósaera.

Cuidíonn an ghníomhaíocht seo le paistí dáimh a bheith acu le páistí óga sa ré Éadbhardach a raibh orthu obair a dhéanamh.

Cití

Tá bréagáin ghalánta ón tréimhse seo ag Cití: fonsa adhmaid gur féidir rolladh ar an talamh, agus béirín bréige úr.

Labhair le Cití, faigh amach faoina cuid bréagáin agus bailigh na fuaimeanna.

Cailín tí

Is cailín tí í Dolly agus bíonn sí ag obair i dteach mór. Ba mhaith léi na gléasanna is úire sa chistín agus an leithreas úr sa seomra folctha a thaispeáint duit! Cuir ceisteanna uirthi faoin obair a dhéanann sí sa teach agus bailigh fuaimeanna ar fud an tí.

Léiríonn an ghníomhaíocht seo an tionchar a bhí ag athruithe teicneolaíochta agus faisin ar an saol baile ag tús an 20ú haois.

Bean Parker

Tabhair cuairt ar an Siopa Grósaera. Sa ré Éadbhardach cheannaíodh daoine bia chóir a bheith gach lá de bhrí nach raibh mórán reiteoirí ann. Cuireadh páistí chun na siopaí le hearraí a cheannach.

Sa ghníomhaíocht seo cuirtear béim ar an difríocht idir siopaí Éadbhardacha agus na hollmhargaí atá againn inniu.

Tá cluiche meáite le himirt sa siopa. Déan milseáin a mheá le meá shean-aimseartha.

Éamonn

Tháinig gluaisteáin ar an saol sna 1880í, ach b'annamh a bhí siad le feiceáil ar na sráideanna fiú sa tréimhse 1900-1910. Labhair le Éamonn faoina charr nua, faoin tiomáint ag tús an fhichiú haois agus faoin spórt nua faiseanta, rásaíocht ghluaisteán. Labhraíonn sé fosta faoin tiomáint i gceantar tuaithe, áit á mbíonn daoine níos cleachta le capaill ná le carranna.

Léiríonn an ghníomhaíocht seo na hathruithe a tháinig ar iompar le céad bliain anuas.

Pictiúrlann Iontach Leictreach Fletcher

Ba rud úr an phictiúrlann sa ré Éadbhardach. Ag tús an fhichiú haois bhí an cineál úr siamsaíochtaí sin ag dul in iomaíocht leis an halla ceoil agus leis an aonach. Amharc ar scannán ar an scáileán mór agus cuir ceisteanna ar úinéir na pictiúrlainne faoi na scannáin.

Sa ghníomhaíocht seo, foghlaimeoidh páistí faoi scannáin a rinneadh níos mó ná céad bliain ó shin agus faoi na difríochtaí idir na scannáin sin agus scannáin an lae inniu.

Vladimir

Bhíodh aontaí taistil le feiceáil go rialta i mbailte i Sasana roimh an Chéad Chogadh Domhanda. Bhíodh daoine ar nós Vladimir ón Rúis, a bhfuil meaisín láidreachta aige, ag obair ag an aonach.

Labhair le Vladimir le fáil amach faoin aonach agus faoina shaol sa Rúis sular thosaigh sé ag obair ar an aonach.

Tá cluiche ann - bain triail as cnónna cócó a leagan.

HALLA CEOIL

Sa halla ceoil is féidir na fuaimeanna a bailíodh a chur le chéile le hamhrán a chumadh. Tá beirt réalta ceoil ón ré Éadbhardach réidh leis an amhrán a rá, agus is féidir póstaer ar a bhfuil d'ainm a chur i gcló.

Cliceáil ar an tram le dul chuig an halla ceoil.

Éist le fear a tí ag cur fáilte romhat nó cliceáil ar an chnaipe ag bun an scáileáin ar dheis lena scipeáil.

Cliceáil ar phóstaer le ceoltóir a roghnú.

Cliceáil ar na hearraí agus tarraing chuig ceann den cheithre spás ag bun an scáileáin iad leis na fuaimeanna a bhailigh tú a chur isteach san amhrán.

Cliceáil ar an chnaipe ag barr an scáileáin ar dheis leis an amhrán a chasadh.

Cuir d'ainm sa bhosca le é a chur ar phóstaer sa halla ceoil.

Ansin éist leis an amhrán agus leis na fuaimeanna a roghnaíodh. Ceoltar vearsaí faoi na fuaimeanna a roghnaíodh.

Tugtar dhá rogha:

Cum amhrán

Cliceáil ar an rogha seo le héisteacht le hamhrán arís. Is féidir ceoltóir eile a roghnú agus fuaimeanna éagsúla a chur le chéile le hamhrán difriúil a chumadh.

Déan Póstaer

Is féidir póstaer ón Halla Ceoil a chur i gcló le d'ainm air.





BBC © 2014Níl an BBC freagrach as ábhar atá ar shuíomhanna seachtracha idirlín.

Is fearr amharc ar an leathanach seo le brabhsálaí gréasáin atá suas chun dáta agus atá cumasaithe do stílbhileoga cascáideacha (CSS). Cé go mbeidh tú in ann ábhar iomlán an leathanaigh seo a fheiceáil sa bhrabhsálaí atá agat faoi láthair, ní bheidh cáilíocht na rudaí a fheicfidh tú chomh maith agus a thiocfadh leo a bheith. Iarrtar ort smaoineamh ar bhogearra do bhrabhsálaí a uasghrádú nó ar stílbhileoga cascáideacha (CSS) a chumasú más féidir.