Parent and teacher notes for An Sorcas Ceolmhar an Irish language music site for key stage 2.

Cábán na Cumadóireachta



Anois beidh an deis agat fuaimrian a dhéanamh d'fhíseán gairid. Fiosraigh faoin dóigh a n-athraíonn an ceol an t-atmaisféar atá ag clár teilifíse nó ag scannán. Chomh maith leis sin foghlaimeoidh tú cad é mar is féidir codanna éagsúla den cheol a chur le chéile chun scór saibhir ceolmhar a dhéanamh.

I ndiaidh físeán a roghnú caithfidh tú an ceol a roghnú.

Is meascán de cheol nua-aimseartha atá ag Máire. Is ceol clasaiceach de chuid an lae inniu atá ag Áine. Tá rac-cheol ag Somhairle agus is meascán de cheol tíre/tradisiúnta agus ceol domhanda atá ag Éamonn.

Tá gach físeán rannta i gceithre roinn:
• tús
• lár 1
• lár 2
• deireadh

Tá an ceol rannta i gceithre chuid:
• an fonn (dotaí dearga)
• ceol cúlra (dotaí corcra)
• dord (dotaí glasa)
• cnagadh (dotaí buí)

Cliceáil ar na dotaí chun an rogha uirlisí a fheiceáil, cliceáil ar shaighead dearg le réamh-éisteacht leis an cheol agus cliceáil ar 'Cur Leis' chun ceann acu a chur leis an fhuaimrian. Is féidir cur leis an cheol in ord ar bith.

Úsáid na saighid ghlasa le héisteacht le gach cuid den fhuaimrian gan leis féin.

Cliceáil ar na soilse os cionn an oirceastra leis an fhuaim a bhaint de na codanna éagsúla den fhuaimrian agus beidh tú in ann an éifeacht a dhéanann na codanna éagsúla ar an cheol a chloisteáil.

Is féidir leat na píosaí ceoil atá déanta agat a shábháil sa dóigh is go dtig leat iad a lódáil arís.

Má tá sé deacair agat tús a chur leis an obair is féidir leat 'lódáil' a bhrú chun píosa a roghnú a bhfuil cuid de déanta cheana féin nó is féidir leat an leibhéal furasta den chlár a roghnú.

> Gabh chuig Cábán na Cumadóireachta





BBC © 2014Níl an BBC freagrach as ábhar atá ar shuíomhanna seachtracha idirlín.

Is fearr amharc ar an leathanach seo le brabhsálaí gréasáin atá suas chun dáta agus atá cumasaithe do stílbhileoga cascáideacha (CSS). Cé go mbeidh tú in ann ábhar iomlán an leathanaigh seo a fheiceáil sa bhrabhsálaí atá agat faoi láthair, ní bheidh cáilíocht na rudaí a fheicfidh tú chomh maith agus a thiocfadh leo a bheith. Iarrtar ort smaoineamh ar bhogearra do bhrabhsálaí a uasghrádú nó ar stílbhileoga cascáideacha (CSS) a chumasú más féidir.