Tá ceithre ghníomhaíocht i gCistin an Cheoil. Cliceáil ar chlár roghanna Cáit na Cistine chun iad a imirt. Ná déan dearmad! Is fearr na leibhéil a dhéanamh san ord ceart.
1. Bímis ag fiosrú
Ba mhaith le Cáit na Cistine tú a bheith ag foghlaim faoi na fuaimeanna sa chistin.
Cliceáil ar na rudaí atá ar na seilfeanna chun an fhuaim a dhéanann siad a chluinstean. Éist le Cáit na Cistine agus í ag cur síos ar fhuaim agus ansin cliceáil ar an rud a dhéanann an fhuaim sin.
Bainfidh Cáit na Cistine triail as agus inseoidh sí duit má bhíonn an ceart agat.
Tá cuidiú ar fáil ach brú ar an chnaipe 'Leid' ag barr an scáileáin ar dheis.
2. Ag cnagadh leis an cheol
Seo é Gearóid an Glantóir, róbat nite na soithí. Cóipeáil rithim na ndánta a deir sé.
Baineann Gearóid an Glantóir úsáid as rithim ar leith chun cuidiú leis na plátaí a chur ar an raca. Éist leis an rithim sna dánta agus ansin buail an spásbharra chun an rithim a chóipeáil.
Má éiríonn leat na plátaí a chur ar an raca leis an rithim bainfidh tú boinn. Beidh tú in ann na boinn a úsáid leis na rithimí a théann le hamhráin ar an júcbhosca a chluinstean. Is popamhrán atá sa chéad amhrán, ansin tá amhrán punc ann agus ansin amhrán snagcheoil.
Is féidir leat líon na mbonn atá de dhíth ort a sheiceáil ach amharc ar an áiritheoir ag barr an scáileáin ar chlé.
3. Bímis ag Jeamáil
Úsáid an spásbharra chun an rithim a dhéanann Ruairí an Cócaire a chóipeáil.
Is é Ruairí an Cócaire ar chlé. Is tusa an cócaire ar dheis. Roghnaigh an dath is maith leat do do chaipín.
Éist leis an rithim agus ansin tar isteach ag an am ceart. Tá soilse ann le cuidiú leat.
Tá deich bpíosa ceoil ann. Baineann gach ceann acu le seánra éagsúil ceoil. Ní bheidh ar fáil ag an tús ach Rac-cheol, Snagcheol agus Ceol Domhanda. Nuair a chríochnóidh tú na leibhéil sin beidh tú ábalta triail a bhaint as Popcheol, Ceol tíre/traidisiúnta agus Ceol Domhanda.
Ansin beidh Hip hap, Reggae, Ceol Clasaiceach agus Fuaimrianta le déanamh.
4. Bímis ag cruthú
Cruthaigh rianta rithime le dul le píosaí éagsúla ceoil.
Tá trí rogha agat:
• Cruthaigh rianta nua
• Úsáid rianta atá déanta agus sábháilte agat cheana féin
• Úsáid rithimí atá déanta ag Cáit na Cistine duit
Roghnaigh luais éagsúla, ansin roghnaigh seánra ceoil ón liosta.
Cliceáil ar na rudaí ag bun an scáileáin leis an fhuaim a dhéanann siad a chluinstean. Cliceáil ar 'taifead' chun fuaim a roghnú do do chócaire.
Cliceáil ar an spásbharra agus cuir do chócaire a chruthú fuaime. Is féidir leis an chócaire 8, 12 nó 16 bhuille i ngach barra a sheinm, ag brath ar an cheol atá roghnaithe agat.
Ansin beidh tú in ann an rian rithime atá cruthaithe agat a sheinm. Mura bhfuil tú sásta leis is féidir tosú arís.
Agus tú sásta le do chuid oibre, is féidir leat cócairí eile a úsáid le rithimí eile a chur léi. Is féidir leat suas le ceithre chócaire éagsúla a úsáid.
Is féidir leat suas le trí rian rithime a shábháil.