Is cuid de bhailiúchán de shuímh idirlín i nGaeilge é An Sorcas Ceolmhar. Tá sé dírithe ar pháistí 7-11 bliain d'aois. I measc áiseanna eile d'Eochairchéim 2, tá:
- Bí Gníomhach (Saoránacht)
- Thart Orainn (Tíreolas)
- Saffari Eolaíochta (Science)
Fáilte romhaibh, Isteach libh! Fáilte romhaibh go dtí An Sorcas Ceolmhar. Is féidir libh teacht ar ghníomhaíochtaí ceoil sna vaigíní agus sna pubaill.
Is féidir libh dul ó áit go háit sa Sorcas agus na cluichí agus na gníomhaíochtaí a dhéanamh in ord ar bith is maith libh. Cliceáil ar an tsaighead ghlas chun an bealach a roghnú.
Cliceáil ar an tsaighead mhór 'Isteach' le dul isteach i vaigín nó i bpuball.
Gníomhaíochtaí
• Júcbhosca (Jukebox)
Éist le cineálacha éagsúla ceoil i vaigín Madame Vaudeville, idir rac-cheol, reggae, hip hap agus eile. Foghlaim faoi 11 seánra ceoil tríd nótaí simplí a léamh faoin cheol agus tú ag éisteacht.
• Cistin an Cheoil (Music Kitchen)
Is bailiúchán de ghníomhaíochtaí rithime agus ceoil atá i gCistin an Cheoil. Tabhair lámh chuidithe do Cait na Cistine ina cistin cheolmhar agus cnag leat i gcuideachta Gearóid an Glantóir, róbat nite na soithí. Bí ag jeamáil le Ruairí an Cócaire agus cruthaigh do rithim féin.
• Cábán na Cumadóireachta (Composing Cabin)
Roghnaigh físeán agus ansin roghnaigh fuaimrian le dul leis ón réimse ceoil, uirlisí agus rithimí atá ar fáil.
• Cábán na bhFíseán (Video Cabin)
Cliceáil ar an bhoth físeán taobh le gach vaigín agus puball le cnuasach físeán a fheiceáil.
I roinnt físeán tá cumadóirí ag caint faoi na hamhráin is ansa leo, faoin dóigh a mbíonn siad ag cumadh agus ar an rud a spreagann chun ceoil iad.
Labhraíonn ceoltóirí an bhanna 'Crúb agus Béal' faoi na huirlisí éagsúla a sheinneann siad.
Learscáil
Má théann tú ar strae nó más mian leat dul caol díreach chuig gníomhaíocht, cliceáil ar íocón na léarscála ag bun an scáileáin ar chlé.
Barra Uirlísí
Ar thaobh chlé an bharra uirlisí tá áit ann ar féidir leat taifead a choinneáil ar an áit a bhfuil tú sa Sorcas Ceolmhar. Tá íocón callaire ann ar dheis chun an fhuaim a ardú nó a ísliú.
Ag logáil isteach
Ní féidir obair a shábháil ach amháin nuair atá tú logáilte isteach. Caithfidh tú próifíl a chruthú agus beidh sin sábhailte ar an ríomhaire ar a bhfuil tú ag obair.
Roghnaigh ainm don phróifíl agus úsáid é le logáil isteach. Is féidir próifíl ar leith, nó gach próifíl a ghlanadh ach dul chuig an leathanach bainistíochta próifílí.
Cuidiú Closamhairc
Cliceáil ar an chnaipe 'mo roghanna' chun:
• téacs a mhéadú nó a laghdú agus dath an téacs, nó dath an chúlra a athrú
• téacs a chloisteáil á leamh os ard
• fotheidil a fháil ar an chuid is mó de na físeán agus ar an ábhar éisteachta.
Níl na roghanna seo ar fáil nuair atá tú sa chuid sin den suíomh 'Eolas do thuismitheoirí agus do Mhúinteoirí.'
Chomh maith leis sin, is féidir, an chuid is mó den am, dul ó áit go háit sa suíomh leis an eochairchlár.