Gaeilgear an BBC

baile : ailt : : Greim Gasta - Glasraí ar nós na hÁise

Greim Gasta - Glasraí ar nós na hÁise

Glasraí Suaithfhriochta Áiseacha le Núdail Ríse

Glasraí Suaithfhriochta Áiseacha le Núdail Ríse

Comhábhair

Núdail
Ola phis talún
Anlann oisrí
Anlann soighe
2 cheann brocailí
2 ionga gairleoige
100g cnónna caisiú
1 phiobar dearg
1 chillí dhearg
1 oinniún

Modh

Cuir na núdail isteach in uisce bruite i mbabhla agus fág iad le bogadh go ceann 4 bhomaite.
Cuir roinnt ola piseanna talún isteach i bhfriochtán teppanyaki (nó d’fhéadfá gnáthfhriochtán a úsáid).
Tosaigh leis an phiobar dhearg i slisíní, cuir na slisíní oinniúin agus gairleoige isteach, agus ansin na plúiríní brocailí, an chillí dhearg, agus dornán caisiúnna.
Nuair a bheidh na glasraí beagnach réidh cuir i leataobh iad, taom na núdail agus cuir iad ar an fhriochtán taobh leis na glasraí go ceann roinnt bomaití.
Cuir stealladh beag den anlann soighe ar na núdail.
Cuir deoir den anlann oisrí i lár gach cinn de na miasa freastail. Cuir na núdail sa mhias, maisigh le duilleoga lus an choire ar an bharr. Cuir na glasraí thart timpeall ar na núdail agus dáil amach iad.

NIS - íomháLe tacaíocht ón Chiste Craoltóireachta Gaeilge

BBC © 2014Níl an BBC freagrach as ábhar atá ar shuíomhanna seachtracha idirlín.

Is fearr amharc ar an leathanach seo le brabhsálaí gréasáin atá suas chun dáta agus atá cumasaithe do stílbhileoga cascáideacha (CSS). Cé go mbeidh tú in ann ábhar iomlán an leathanaigh seo a fheiceáil sa bhrabhsálaí atá agat faoi láthair, ní bheidh cáilíocht na rudaí a fheicfidh tú chomh maith agus a thiocfadh leo a bheith. Iarrtar ort smaoineamh ar bhogearra do bhrabhsálaí a uasghrádú nó ar stílbhileoga cascáideacha (CSS) a chumasú más féidir.