Gaeilgear an BBC
Spaghettini le Gairleog, Ola agus Cillí á dhéanamh ag Éamonn Ó Catháin
Spaghettini con olio, aglio e peperoncino nó Spaghettini le Gairleog, Ola agus Cillí
Tá mé ag baint suilt as an mhias seo leis na blianta fada, ceann de na miasanna peirsile is saoire agus is simplí dá bhfuil ann, ach nuair a bhí mé sa Tuscáin ar na mallaibh, fuair mé dóigh bheag leis an oideas a bhí agam a dhéanamh níos fearr.
Is fearr liom spaghettini (pasta atá níos tanaí ná spaghetti) faoi choinne an oidis seo. Roghnaigh an branda is fearr agus is féidir. Seachain gnáthbhrandaí saora gránna an ollmhargaidh. Uch!)
Comhábhair
Spaghettini
1 chillí, na síolta bainte aisti agus í gearrtha.
Salann, piobar dubh
1 cheann gairleoige
Dos peirsile
Bainne
Modh
In áit gairleog bhrúite nó ghearrtha a fhriochadh mar a dhéanfainn de ghnáth, baineann an t-oideas seo úsáid as gairleog ina hiomláine (ar a dtugtar gairleog bhog nó gairleog mhilis), bogtha ar an phanna. Cuireann sé úmf iontach sa mhias ar fad!
Cuir na spaghettini isteach in uisce bruite agus déan cócaráil orthu ar feadh 3-4 bhomaite. Tá siad níos tanaí ná spaghetti agus beidh siad réidh go measartha gasta.
Déan an ghairleog mhilis a scalladh i mbainne te, bain an craiceann di agus cuir sa fhriochtán le hola olóige. Déan í a fhriochadh go réidh. Bain an ghairleog den phanna agus cuir roinnt cillí deirge isteach ann. Ardaigh an teas.
Gearr an pheirsil go garbh
Taom an pasta ach fág giota beag den uisce te sa phota. Is é seo an cleas Iodálach a chinntíonn go mbíonn an pasta breá te i gcónaí ach chomh maith leis sin, bíonn blaisín speisialta breise ina gcuid anlann go léir a thagann ón uisce sin.
Cuir an ghairleog ar ais sa phanna leis an chillí agus cuir níos mó ola olóige air. Bain úsáid as tlú chun an phasta a chur isteach sa phanna in éineacht leis an chillí, an ola olóige agus an ghairleog. Scaip giota den pheirsil ghearrtha air, cuir cúpla spúnóg bhoird den uisce inar ullmhaíodh an pasta isteach leis, cinntigh go bhfuil sé blaistithe mar is ceart, agus cuir amach ar phlátaí teo é.
Tá sé gasta, sárbhlasta agus tá cuma ghalánta air. Mar a fheicfidh tú, níl aon cháis pharmasán luaite. Ní le costas na cáise sin a bhaineann sé seo (cé go bhfuil an parmasán daor, gan dabht), ach leis an bhlas. Ní úsáideann na hIodálaigh parmasán le miasa pasta a bhfuil bia mara iontu, ná le miasa pasta a bhfuil cillí iontu.
Bookmark this page:
BBC © 2014Níl an BBC freagrach as ábhar atá ar shuíomhanna seachtracha idirlín.
Is fearr amharc ar an leathanach seo le brabhsálaí gréasáin atá suas chun dáta agus atá cumasaithe do stílbhileoga cascáideacha (CSS). Cé go mbeidh tú in ann ábhar iomlán an leathanaigh seo a fheiceáil sa bhrabhsálaí atá agat faoi láthair, ní bheidh cáilíocht na rudaí a fheicfidh tú chomh maith agus a thiocfadh leo a bheith. Iarrtar ort smaoineamh ar bhogearra do bhrabhsálaí a uasghrádú nó ar stílbhileoga cascáideacha (CSS) a chumasú más féidir.