Gaeilgear an BBC
Císte Ola Olóige
Císte Ola Olóige
Comhábhair
180g plúr
2 thaespúnóg giosta nó púdair bhácála
Pinse salainn
225g siúcra
3 uibhe
An craiceann ó aon liomóid amháin
60ml bainne
180ml ola olóige úríon
100g almóinní tóstáilte, gearrtha, calógacha
Sméara dubha, fraocháin gorma, sútha craobh
Mil
Modh
Téigh an t-oigheann go mbíonn sé ag 180 céim agus cuir im agus plúr i stán císte. Measc an plúr, an púdar bácála agus an salann le chéile.
Bain úsáid as greadtóir leictreach leis an siúcra agus na huibheacha a mheascadh le chéile i mbabhla mór go dtí go n-éiríonn an meascán geal. Ansin suaith isteach meascán an phlúir le meascán na n-uibheacha. Cuir an craiceann liomóide isteach agus measc. Cuir an bainne isteach agus ansin an ola olóige. Measc go maith.
Ansin cuir na halmóinní tóstáilte gearrtha isteach agus aistrigh an taos seo isteach sa stán nó i múnla císte. Cuir é seo san oigheann ar 180/190 céim go ceann 40 bomaite ar a laghad. Is féidir scian a shá isteach ann lena thástáil – ba cheart go mbeadh sé tirim ar theacht amach dó.
Tiontaigh an císte amach. Cuir fromage blanc agus sméara dubha, fraocháin gorma agus sútha craobh ar a bharr. Doirt beagán meala ar na caora.
Bookmark this page:
BBC © 2014Níl an BBC freagrach as ábhar atá ar shuíomhanna seachtracha idirlín.
Is fearr amharc ar an leathanach seo le brabhsálaí gréasáin atá suas chun dáta agus atá cumasaithe do stílbhileoga cascáideacha (CSS). Cé go mbeidh tú in ann ábhar iomlán an leathanaigh seo a fheiceáil sa bhrabhsálaí atá agat faoi láthair, ní bheidh cáilíocht na rudaí a fheicfidh tú chomh maith agus a thiocfadh leo a bheith. Iarrtar ort smaoineamh ar bhogearra do bhrabhsálaí a uasghrádú nó ar stílbhileoga cascáideacha (CSS) a chumasú más féidir.