Gaeilgear an BBC
Bruschetta le blasanna traidisiúnta na hIodáile déanta ag Éamonn Ó Catháin.
Piobair mheasctha ghualachghriollta le basal, ainseabhaí agus caprais, arna fhreastal le bruschetta gairleoige
Is lón simplí é seo atá il-daite sobhlasta. Tá sé lán blasanna traidisiúnta de chuid na hIodáile. Ceannaigh na hainseabhaithe is daoire agus is féidir – déanfaidh sé an-difear!
Comhábhair
Sé phiobar dhearga agus sé phiobar bhuí
Báirín amháin d’arán tuaithe de chuid na hIodáile – Pugliese nó ciabatta
Ola olóige úríon
Piobar dubh agus salann mara
3 ionga gairleoige
Dos de dhuilleoga basail
50g de chaprais
120g d’ainseabhaithe maranáidithe den scoth
Modh
Ar dtús, déan na piobair a ghríoscadh ar gach taobh go dtí go mbíonn siad dubh: leis an chraiceann a bhaint díobh, cuir na piobair isteach i mála plaisteach agus séalaigh é. Fág na piobair le fuarú.
Nuair a bheidh siad fuar go leor, cuimil na piobair le do lámha agus imeoidh an craiceann díobh. Sruthlaigh le huisce fuar iad leis na síolta a bhaint.
Cuir na piobair ghearrtha i mbabhla mór maraon leis na caprais, na hainseabhaithe, slisíní caola gairleoige, duilleoga basail agus salann is piobar. Cuir stealladh maith ola olóige orthu.
Faigh babhla eile agus cuir isteach 3 spúnóg bhoird den ola olóige, 1 spúnóg bhoird d’fhínéagar balsamach de chuid Modena na hIodáile, duilleoga sailéid agus salann mara. Measc le chéile iad.
Sula gcuireann tú an bia amach ar an tábla, gearr an t-arán ina shlisíní agus cuimil gach slisín go maith le gairleog amh, agus ansin fliuch le hola olóige. Bain feidhm as an ghríoscán leis an arán a dhonnú ar an dá thaobh, nó bain úsáid as panna gríosctha nó gnáthfhriochtán neamhghreamaitheach ar theas ard. Cuir cuid de mheascán na bpiobar ar gach píosa aráin agus cuir an sailéad taobh leis.
Bookmark this page:
BBC © 2014Níl an BBC freagrach as ábhar atá ar shuíomhanna seachtracha idirlín.
Is fearr amharc ar an leathanach seo le brabhsálaí gréasáin atá suas chun dáta agus atá cumasaithe do stílbhileoga cascáideacha (CSS). Cé go mbeidh tú in ann ábhar iomlán an leathanaigh seo a fheiceáil sa bhrabhsálaí atá agat faoi láthair, ní bheidh cáilíocht na rudaí a fheicfidh tú chomh maith agus a thiocfadh leo a bheith. Iarrtar ort smaoineamh ar bhogearra do bhrabhsálaí a uasghrádú nó ar stílbhileoga cascáideacha (CSS) a chumasú más féidir.