Gaeilgear an BBC
Iomlán éisc le searmúla agus cúscús á dhéanamh ag Éamonn Ó Catháin.
Iomlán éisc gríosctha ar an dóigh Mharócach le searmúla agus cúscús
Comhábhair
Aon iasc iomlán, glanta – deargán, mar shampla
Duilleoga labhrais
Salann, piobar
1 triopall mór de lus an choire (“peirsil arabach” a thugann Éamonn air)
Roinnt taespúnóg gairleoige
1 phiobar dearg mór, na síolta bainte as agus é gearrtha go garbh
1 chillí bheag dhearg, gearrtha go mion
1 taespúnóg cainéil
3 thaespúnóg cuimín
1 taespúnóg sinséir
1 phaicéad cúscúis
Uisce
Dhá spúnóg bhoird sú úr liomóide
Ola olóige
Modh
Cuimil ola olóige, salann agus piobar ar fud an éisc agus taobh istigh fosta: cuir na duilleoga labhrais taobh istigh den iasc. Cuir faoin ghríoscán é ar feadh 4-5 bhomaite ar gach taobh.
Leis an Chermoula a dhéanamh, tosaigh le lus an choire, cuir roinnt taespúnóggairleoige, an piobar dearg gearrtha, an chillí dhearg, an cainéal, an cuimín, an sinséar, stealladh maith sú liomóide agus stealladh maith ola olóige ann. Measc le chéile iad.
Fliuch an cúscús le huisce, lig dó borradh, agus ansin téigh i bhfriochtán ar theas íseal é. Nuair a bheidh an t-uisce uilig súite isteach ag an chúscús, cuir san oigheann é go ceann roinnt bomaití leis an chócaráil a chríochnú. Blaistigh le lus an choire úr, salann, cainéal agus cúpla meall ime nó stealladh den ola olóige.
Nuair a bheidh an t-iasc réidh, cuir amach ar an phláta láithreach é. Cuir an searmúla air agus cuir an cúscús ar an taobh.
Bookmark this page:
BBC © 2014Níl an BBC freagrach as ábhar atá ar shuíomhanna seachtracha idirlín.
Is fearr amharc ar an leathanach seo le brabhsálaí gréasáin atá suas chun dáta agus atá cumasaithe do stílbhileoga cascáideacha (CSS). Cé go mbeidh tú in ann ábhar iomlán an leathanaigh seo a fheiceáil sa bhrabhsálaí atá agat faoi láthair, ní bheidh cáilíocht na rudaí a fheicfidh tú chomh maith agus a thiocfadh leo a bheith. Iarrtar ort smaoineamh ar bhogearra do bhrabhsálaí a uasghrádú nó ar stílbhileoga cascáideacha (CSS) a chumasú más féidir.