Cuidigh leis an dreancaid an sprioc a bhaint amach.
Léimeann dreancaid ón túr síos ar chranndaí bogadaí, ar a bhfuil dreancaid eile. Brúitear an dreancaid eile seo i dtreo na sprice nó i dtreo charn na ndreancaidí.
Cuidigh leis an chéad dreancaid an t-ardán cuí a roghnú le go mbeidh an méid cheart fórsa lena léim agus le go mbainfidh an dara dreancaid an sprioc amach.
Leibhéal 1
•Is féidir athróg amháin a athrú:
•Airde an ardáin óna léimeann an chéad dreancaid.
Leibhéal 2
Is féidir dhá athróg a athrú:
•Airde an ardáin óna léimeann an chéad dreancaid.
•Méid na dreancaide a léimeann.
Leibhéal 3
Is féidir dhá athróg a athrú:
•Airde an ardáin óna léimeann an chéad dreancaid.
•Méid na dreancaide a léimeann.
Ar an tríú leibhéal, caithfidh an dreancaid landáil ar bharr charn dreancaidí gan a leagan.