Sorcas na nDreancaidí
Tá an sorcas lán cluichí a bhaineann le fórsaí. Caithfidh na dreancaidí an méid ceart fórsa a bheith acu chun iad féin nó rudaí eile a bhrú tríd an aer lena gcuid cleasa a chur i gcrích. Tá gunnaí móra, pióga custaird, traipéisí agus trampailíní mar chuid de na cluichí.
Sna cluichí seo, foghlaimeoidh páistí faoin tionchar a bhíonn ag fórsaí ar luas agus ar threo ruda atá ag bogadh, agus faoi na himpleachtaí a bhaineann le hathruithe i méid fórsa.
Tugann Máistir an tSorcais aischothú cuidiúil nuair nach n-éiríonn leis an pháiste.
Is féidir triail a bhaint as na cluichí gan sprioc ach ní mór don pháiste trí dhúshlán a sharú le leibheál a chríochnú. Tá 4 chluiche ar an suíomh; Carn Iontach na nDreancaidí, An Dreancaid Éachtach Eitleach, Comórtas na bPióg Chustaird agus Luascán na nDreancaidí. Nuair a bhíonn leibheál críochnaithe ag an pháiste gheobhaidh sé/ sí 'réalta' ar an bhord. Is féidir scannán a dhéanamh de na cleasa a rinneadh le 'An Finale Mór' trí na réalta a bronnadh ort a chur ar an stiallscannán.
Éiríonn na cluíchí níos deacra de réir a chéile. Bíonn smácht ag na páistí ar níos mó athróg sna cluíchí de réir a chéile fosta.