Gaeilgear an BBC

baile : ailt : Ealaíona / Irish Interest : Breandán Ó Doibhlin

Breandán Ó Doibhlin

Is ceannródaí i gcritic na Gaeilge é Breandán Ó Doibhlin. Bhunaigh sé Scoil Chritice Mhá Nuad, a chuir corr i gcinniúint léirmheastóireacht litríocht na Gaeilge.

Rugadh Breandán Ó Doibhlin i gContae Thír Eoghain sa bhliain 1931, agus d’fhreastail sé ar Choláiste Cholmcille i nDoire. Fuair Ó Doibhlin oiliúint mar shagart i gColáiste Phádraig Mhá Nuad agus sa Róimh. Tar éis dó iar-chéimeanna a chur i gcrích i bParas agus i mBaile Átha Cliath, ceapadh mar Ollamh le Fraincis é i gColáiste Phádraig Mhá Nuad.

Fáisceadh Scoil Chritice Mhá Nuad as an tuiscint a fuair Ó Doibhlin nuair a scríobh sé a chéad úrscéal, Néal Maidine agus Tine Oíche (1964), nach raibh treoir leitheoireachta nó scoil chritice ar bith ann don Ghaeilge. Chonacthas don Doibhlinneach gur chuir sé sin bac ar leitheoirí litríocht na Gaeilge. Bhunaigh sé an Scoil Chritice in éineacht le scoláirí agus sagairt a bhí i Má Nuad. Thuill an scoil aitheantas mar acmhainn tábhachtach léirmheastóireachta. Breathnaigh ar an ghearrthóg seo ina labhraíonn Breandán Ó Doibhlin faoina shaothar féin agus faoi Scoil Chritic Mhá Nuad.

Chuir Ó Doibhlin creat nua ar ‘Irisleabhar Mhá Nuad’, iris a bunaíodh i 1898. Mar gheall ar an chreat nua sin, dhírigh an t-irisleabhar ar léirmheastóireacht litríocht na Gaeilge ó 1966 ar aghaidh. Chuaigh critic liteartha nua na Fraince go mór i bhfeidm ar Ó Doibhlin, agus d’úsáid sé gnéithe dí ina shaothar féin. Thug sé treoir iomlán úr do chritic liteartha na Gaeilge, ag tosú leis an leabhar ‘Litríocht agus Léitheoireacht’ (1973). Rinne sé na smaointe sin faoin léirmheastóireacht a fhorbairt nuair a scríobh sé ‘Aistí Critice agus Cultúir’ i 1974. Tá iarrachtaí móra déanta ag Ó Doibhlin critic na Gaeilge a fheabhsú ó shin i leith, le dhá eagrán eile de ‘Aistí Critice agus Cultúir’ agus ceithre imleabhar de ‘Manual de Litríocht na Gaeilge’.
Sa ghearrthóg seo, labhraíonn Breandán Ó Doibhlin ar thábhacht litríocht na Gaeilge.

Bhí tionchar nach beag ag litríocht tíortha eile, ar nós na Fraince, na hIodáile agus na Gearmáine, ar shaothar chruthaitheach Uí Dhoibhlin. Chuaigh a chuid taistil tríd an Eoraip i bhfeidhm ar a shaothar féin, ó thaobh na fealsúnachta de ach go háirithe. Dá thoradh sin, ní leabhair mhionchúiseacha iad ‘Néal Maidine agus Tine Oíche’ agus ‘An Branar gan Cur’ (1979). Is file é an Doibhlinneach chomh maith, agus d’éisígh sé a chéad chnuasach dáin, ‘Amhráin Dóchais’, i 1970.

D’aistrigh Moinsíneoir Ó Doibhlin ‘Pensées’, leis an fhealsamh Fraincise, Pascal, agus fabhalscéalta an fhile La Fontaine, go Gaeilge, mar aon le saothair eile. Bhí aidhm ag Ó Doibhlin a chruthú gur féidir na saothair mhóra chlasaiceacha, agus saothair mhóra fealsúnachta, a chur i bhfriotal tríd an Ghaeilge. Chreid agus creideann sé go fóill go bhfuil an dearcadh ann an Ghaeilge a bheith teoranta mar theanga agus gan cumas rudaí móra a phlé. Measann Ó Doibhlin gur chuir an dearcadh sin bagairt roimh Athbheochan na Gaeilge.
Sa ghearrthóg thíos déanann Breandán Ó Doibhlin machnamh ar Athbheochan na Gaeilge:

Thug Breandán Ó Doibhlin a dhícheall thar na blianta leis an seanchoibhneas cultúrtha idir an Fhrainc agus Éire a athbhunú, rud a thuig sé a chuirfeadh le litríocht na Gaeilge. Is iomaí duais atá bainte amach Ó Doibhlin ón Fhrainc as ucht na hoibre sin. Rinneadh Commandeur de la Légion d’Honneur de, agus tá sé ina Uachtarán ar Choláiste na nÉireannach i bParás. Labhraíonn Ó Doibhlin faoin aitheantas sin sa ghearrthóg seo:

Tugann Breandán Ó Doibhlin comhairle do scríbhneoirí úra sa ghearrthóg seo, agus tugann sé léargas ar an mheas atá aige ar mhór-scríbhneoirí na Gaeilge:

NIS - íomháLe tacaíocht ón Chiste Craoltóireachta Gaeilge

BBC © 2014Níl an BBC freagrach as ábhar atá ar shuíomhanna seachtracha idirlín.

Is fearr amharc ar an leathanach seo le brabhsálaí gréasáin atá suas chun dáta agus atá cumasaithe do stílbhileoga cascáideacha (CSS). Cé go mbeidh tú in ann ábhar iomlán an leathanaigh seo a fheiceáil sa bhrabhsálaí atá agat faoi láthair, ní bheidh cáilíocht na rudaí a fheicfidh tú chomh maith agus a thiocfadh leo a bheith. Iarrtar ort smaoineamh ar bhogearra do bhrabhsálaí a uasghrádú nó ar stílbhileoga cascáideacha (CSS) a chumasú más féidir.