Gaeilgear an BBC
Scríbhneoir, drámadóir agus file ba ea Samuel Beckett. Thuill sé ardmheas ón lucht critice mar gheall ar stíl ghonta ghruama a chuid scríbhinní.
Bronnadh Duais Nobel na Litríochta air sa bhliain 1969 as a chuid scríbhneoireachta ‘a léiríonn riocht anásta an duine i saol na nua-haoise.’ Rinne an cumann liteartha Aosdána Saoi de sa bhliain 1984, an teideal is airde san eagraíocht sin.
Sa ghearrthóg seo, déanann Alan Titley cur síos ar shaol agus ar shaothar Samuel Beckett, ar a chuid scríbhneoireachta i bhFraincis agus ar an tréimhse a chaith sé mar shaighdiúir i Rèsistance na Fraince.
Rugadh Beckett i gCarraig an tSionnaigh i mBaile Átha Cliath ar an 13 Aibreán, 1906. Creidtear gur de shliocht na Fraince é, agus gur athraíodh a shloinne ó Becquet go Beckett. Leoga bhí dáimh ag Beckett le teanga agus le príomhchathair na Fraince. Thosaigh Beckett a fhoghlaim na Fraincise nuair a bhí sé an-óg agus rinne sé staidéar uirthi ar ball ar Choláiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath. Níos déanaí ina shaol thosaigh sé a scríobh sa Fhraincis toisc gur mheas sé gur shaoraigh sé é ó stíl fileata an Bhéarla agus gur fusa scríobh ‘gan stíl’ sa Fhraincis. D’aistrigh sé go Paras, áit ar chuir sé aithne ar James Joyce, a bhí ina chara agus ina chomhairleoir ag an scríbhneoir óg agus a chuaigh i bhfeidhm go mór air.
Léirigh Beckett bua an spóirt mar aon le cumas acadúil agus é ag freastal ar Portora Royal School in Inis Ceithleann. Dá ainneoin sin, bhí uaigneas air de shíor toisc gur mhothaigh sé go raibh sé ina aonarán ar imeall na sochaí. Bhí lonn dubh ar Beckett le linn a shaoil agus is dócha go ndeachaigh sé sin i bhfeidhm ar a shaothar.
Tá clú ar Beckett as uaigneas a chuid scríbhneoireachta agus as a ghreann dubh searbh. Ní raibh drogall air déistin nó scannal a chur ar dhaoine nó geit a bhaint astu. Cháin údarais na hEaglaise Caitlicí in Éirinn téamaí a shaothair, agus mar gheall air sin dhiúltaigh cuid de na siopaí leabhair i mBaile Átha Cliath a chuid leabhar a dhíol.
Thosaigh sé a theagasc i mBéal Feirste i ndiaidh dó a chéim a chríochnú, agus ina dhiaidh sin d’fhill sé ar Choláiste na Tríonóide mar léachtóir, ach d’éirigh sé as an dá phost go tapa de bhrí gur chreid sé go raibh an obair rialta rialaithe ag cur isteach ar a chumas mar scríbhneoir cruthaitheach.
Bhí Beckett ina chónaí sa Fhrainc le linn an Dara Cogadh Domhanda, nuair a bhí an tír faoi smacht na nGearmánach. Chuir na Naitsithe déistin air agus chuaigh sé a throid leis an Fhrithbheartaíocht. Rinneadh feall ar a aonad agus bhí air teitheadh ón Gestapo go Vaucluse i ndeisceart na tíre, áit ar chónaigh sé go deireadh an chogaidh. Scríobh sé an t-úrscéal ‘Watt’ le linn na tréimhse sin. Blianta i ndiaidh an chogaidh, áfach, rinne Beckett beag is fiú dá sheal sa fhrithbheartaíocht, a rá nach raibh ann ach ‘boy scout stuff’.
Tháinig clú idirnáisiúnta ar Beckett idir 1951 agus 1953, nuair a foilsíodh trí urscéal Fraincise leis: ‘Molloy’, ‘Malone Meurt’ agus ‘L’Innommable’. Measadh é a bheith ar cheann de na scríbhneoirí is fearr san Eoraip ansin. Ach ba é an dráma ‘En attendant Godot’, nó ‘Ag fanacht le Godot’, dráma a scríobh sé taobh istigh de chúpla mí, a tharraing an moladh is airde. Léiríodh an dráma i bPáras go luath sa bhliain 1953 agus bhí níos mó ná ceithre chéad léiriú ann, in ainneoin gur mheas an lucht critice nach dtarlaíonn rud ar bith sa dráma – faoi dhó! Bhí conspóid faoi agus drochléirmheasanna ann ar dtús i Londain, ach tháinig athrú ar dhearcadh an phobail i ndiaidh do The Sunday Times léirmheas deimhneach a fhoilsiú, agus bhí ráchairt ar an dráma ina dhiaidh sin.
Lean Beckett le téama an éadóchais agus na míthuisceana sa chéad dráma eile, ‘Endgame’. Chum Beckett an drama seo sa Fhraincis chomh maith. In Endgame, agus sna drámaí eile a chum sé níos moille ina shaol, bhris Beckett gnáthrialacha na hamharclannaíochta – d’athraigh sé coincheap an phlota, na carachtrachta agus na dialóige. Ar a bharr sin, ní raibh leisc air mearbhall a chur ar dhaoine, agus bhíodh sé i gcónaí ag seachaint duine ar bith a dhéanfadh iarracht ciall chinnte a bhaint as a chuid scríbhneoireachta.
Scríobh Beckett leis go deireadh a shaoil. Fuair sé bás i dteach altranais i bPáras sa bhliain 1989.
Bookmark this page:
BBC © 2014Níl an BBC freagrach as ábhar atá ar shuíomhanna seachtracha idirlín.
Is fearr amharc ar an leathanach seo le brabhsálaí gréasáin atá suas chun dáta agus atá cumasaithe do stílbhileoga cascáideacha (CSS). Cé go mbeidh tú in ann ábhar iomlán an leathanaigh seo a fheiceáil sa bhrabhsálaí atá agat faoi láthair, ní bheidh cáilíocht na rudaí a fheicfidh tú chomh maith agus a thiocfadh leo a bheith. Iarrtar ort smaoineamh ar bhogearra do bhrabhsálaí a uasghrádú nó ar stílbhileoga cascáideacha (CSS) a chumasú más féidir.