Gaeilgear an BBC

hide-

puipéadóireacht puppetry
easurramach irreverent
siamsaíocht entertainment
geáitsí antics

baile : ailt : Siamsaíocht : Compántas Amharclainne Fibín

Compántas Amharclainne Fibín

Is compántas neamhghnách amharclainne é Fibín. Bunaíodh Fibín i gConamara i 2003 agus an phríomhaidhm atá aige ná seóanna dramaíochta d’ardchaighdéan a chur ar fáil i nGaeilge do pháistí scoile, do dhaoine óga, agus do dhuine ar bith a bhfuil grá aige don Ghaeilge agus a bhfuil tuiscint ar ghreann aige.

Meascann muintir Fibín drámaíocht agus puipéadóireacht le chéile le seó beoga sárchorraitheach a chruthú, ina dtugann na puipéid léargas easurramach dúinn ar stair agus ar pholaitíocht na hÉireann. Tá ábhar foghlama go leor i measc ábhar an ghrinn fosta, mar tá na scéalta agus na seónna seo bunaithe – a bheag nó a mhór - ar an fhírinne!
Is compántas óg ceannródaíoch é Fibín atá ag obair le siamsaíocht oideachais den scoth a chruthú do pháistí trí mheán na Gaeilge. Ach mar atá le feiceáil sa ghearrthóg seo, ní chaithfidh Gaeilge a bheith ar do thoil agat le taitneamh a bhaint as a ngeáitsí!



Amharc ar shuíomhanna eile an BBC sa rannóg seo:
BBC NI Learning
BBC Entertainment

NIS - íomháLe tacaíocht ón Chiste Craoltóireachta Gaeilge

BBC © 2014Níl an BBC freagrach as ábhar atá ar shuíomhanna seachtracha idirlín.

Is fearr amharc ar an leathanach seo le brabhsálaí gréasáin atá suas chun dáta agus atá cumasaithe do stílbhileoga cascáideacha (CSS). Cé go mbeidh tú in ann ábhar iomlán an leathanaigh seo a fheiceáil sa bhrabhsálaí atá agat faoi láthair, ní bheidh cáilíocht na rudaí a fheicfidh tú chomh maith agus a thiocfadh leo a bheith. Iarrtar ort smaoineamh ar bhogearra do bhrabhsálaí a uasghrádú nó ar stílbhileoga cascáideacha (CSS) a chumasú más féidir.