Gaeilgear an BBC
Clafoutis aux Myrtilles (Clafoutis le Fraocháin Gorma) á dhéanamh ag Éamonn Ó Catháin
Clafoutis aux Myrtilles (Clafoutis le Fraocháin Gorma)
Comhábhair
250ml bainne
80g plúr
125g siúcra
Aon phinse den salann mara
5 ubh
Úscra fanaile nó 25g siúcra fanaile
60g im, ina chiúbanna fuaraithe
500g fraocháin gorma
Modh
Déan meascán an Clafoutis; is ionann é, a bheag nó a mhór, agus fuidreamh crêpe: téigh an bainne agus an t-im i bpota. Cuir 3 ubh, 2 bhuíocán uibhe agus 125g siúcra i mbabhla agus gread le chéile.
Doirt an bainne te agus an t-im isteach. Measc go maith iad. Cuir an t-úscra fanaile agus pinse den salann mara isteach.
Criathraigh an plúr isteach i mbabhla, measc go mall agus go maith. Grátáil beagán craicinn liomóide isteach ann.
Lena linn sin, téigh uisce agus siúcra le chéile i bpota le sioróip a dhéanamh do na fraocháin gorma. Nuair a bheas an tsioróip réidh, cuir na fraocháin inti.
Faigh stán císte. Cuir im agus plúr ar bhun agus ar thaobhanna an stáin. Cuir meascán na bhfraochán ar an bhun. Ansin doirt meascán an Clafoutis ar a bharr agus bácáil in oigheann réamhthéite go ceann 30-40 bomaite ag 180 céim.
Bookmark this page:
BBC © 2014Níl an BBC freagrach as ábhar atá ar shuíomhanna seachtracha idirlín.
Is fearr amharc ar an leathanach seo le brabhsálaí gréasáin atá suas chun dáta agus atá cumasaithe do stílbhileoga cascáideacha (CSS). Cé go mbeidh tú in ann ábhar iomlán an leathanaigh seo a fheiceáil sa bhrabhsálaí atá agat faoi láthair, ní bheidh cáilíocht na rudaí a fheicfidh tú chomh maith agus a thiocfadh leo a bheith. Iarrtar ort smaoineamh ar bhogearra do bhrabhsálaí a uasghrádú nó ar stílbhileoga cascáideacha (CSS) a chumasú más féidir.