Gaeilgear an BBC

baile : Léarscáil : Cuidiú Breise

Cuidiú Breise

Nuair a osclaíonn tú an léarscáil, feicfidh tú íomhá d’Éirinn ón aer.

Is féidir leat úsáid a bhaint as cliceáil agus tarraingt nó as na saigheada suas, síos, clé agus deas sa chiorcal ag barr an scáileáin ar an taobh clé le bogadh thart ar an léarscáil. Nó is féidir na saigheadeochracha ar an mhéarchlár a úsáid.

Bain úsáid as na deilbhíní sna gloiní formhéadaithe ar thaobh clé na léarscáile le zúmáil isteach nó amach.

Más maith leat amharc ar iontráil ar an léarscáil, cliceáil ar an phointín lena oscailt. Leis an iontráil a dhruidim, cliceáil ar an X thuas ar dheis ar an mhír aníos. Is féidir zúmáil isteach nó amach ar an learscáil leis an rotha scrollaithe ar an luch chomh maith.

Tá leaganacha difriúla den léarscáil ann m.sh. logainmneacha, sloinnte, ócáidí. Is féidir gach ceann acu a fheiceáil san am céanna nó iad a fheiceáil ceann ar cheann. Cuir tic sna boscaí ar bharr na léarscáile le rogha a dhéanamh eatarthu.

NIS - íomháLe tacaíocht ón Chiste Craoltóireachta Gaeilge

BBC © 2014Níl an BBC freagrach as ábhar atá ar shuíomhanna seachtracha idirlín.

Is fearr amharc ar an leathanach seo le brabhsálaí gréasáin atá suas chun dáta agus atá cumasaithe do stílbhileoga cascáideacha (CSS). Cé go mbeidh tú in ann ábhar iomlán an leathanaigh seo a fheiceáil sa bhrabhsálaí atá agat faoi láthair, ní bheidh cáilíocht na rudaí a fheicfidh tú chomh maith agus a thiocfadh leo a bheith. Iarrtar ort smaoineamh ar bhogearra do bhrabhsálaí a uasghrádú nó ar stílbhileoga cascáideacha (CSS) a chumasú más féidir.