Gaeilgear an BBC

baile : ailt : Oideachas / Irish Interest : Turas Naomh Pádraig

Turas Naomh Pádraig

Is suíomh é seo atá dírithe ar pháistí idir 7 agus 11 bliain d'aois. Cé go bhfuil na hacmhainní seo dírithe ar pháistí, bainfidh daoine fásta sult fosta as an eispéireas idirghníomhach faoi shaol agus saothar Naomh Pádraig, ardéarlamh na hÉireann.

Tá an suíomh seo ag teacht le Curaclam Thuaisceart Éireann ag Eocharchéim 1 & 2, ag díriú ar ‘An Domhan Thart Orainn’ agus tá nascanna le ‘’Teanga agus Litearthacht’, ‘Forbairt Phearsanta agus Comhthuiscint’ agus ‘Na hEalaíona’. Is acmhainn solúbtha é an suíomh seo, agus is féidir le páistí é a úsáid leo féin, i ngrúpaí, le haghaidh plé ranga nó gníomhaíochtaí cláir bháin.

Is féidir le tuismitheoirí páirt a ghlacadh san eispéireas lena bpáistí. Le haghaidh sonraí de ghníomhaíochtaí eile, tabhair cuairt ar ár leathanach Nascanna: http://www.nicurriculum.org.uk/irish_medium/

Tugtar sraith turas foghlama don fhoghlaimeoir óg; ina measc siúd tá gearrthóga beochana, cluichí, tráthanna ceisteanna, físeáin agus gníomhaíochtaí agus moltaí as líne le foghlaim ghníomhach a chur chun cinn agus le forbairt Scileanna Smaointeoireachta agus Cumais Phearsanta.

Bain sult as Turas Naomh Pádraig

NIS - íomháLe tacaíocht ón Chiste Craoltóireachta Gaeilge

BBC © 2014Níl an BBC freagrach as ábhar atá ar shuíomhanna seachtracha idirlín.

Is fearr amharc ar an leathanach seo le brabhsálaí gréasáin atá suas chun dáta agus atá cumasaithe do stílbhileoga cascáideacha (CSS). Cé go mbeidh tú in ann ábhar iomlán an leathanaigh seo a fheiceáil sa bhrabhsálaí atá agat faoi láthair, ní bheidh cáilíocht na rudaí a fheicfidh tú chomh maith agus a thiocfadh leo a bheith. Iarrtar ort smaoineamh ar bhogearra do bhrabhsálaí a uasghrádú nó ar stílbhileoga cascáideacha (CSS) a chumasú más féidir.