Gaeilgear an BBC
Cuireann Éamonn Ó Catháin Sailéad de Phrátaí Teo agus Ispíní le chéile
Sailéad de phrátaí teo agus ispíní
Is sailéad thar a bheith blasta é seo. Is féidir é a ithe am ar bith den bhliain. Ní dhearna mé an béile seo do dhuine ar bith riamh nár bhain a sháith suilt as, is cuma cé chomh sofaisticiúil a chur amach ar chúrsaí bia. Bia simplí tuaithe atá ann. Chéad chúrsa den scoth a bheadh ann ach thiocfaí é a dhéanamh gan stró as iarsmaí béile eile. An bhféadfá é a ithe mar phríomhchúrsa? D’fhéadfá, gan dabht!
Comháhbair
2 phráta nó 3 phráta an duine. Is féidir prátaí a chócaráil faoi choinne an tsailéid seo nó is féidir prátaí nár itheadh aréir a úsáid, ach ná déan dearmad an craiceann a bhaint díobh cibé).
2 sheallóid
dos beag peirsile
ola phis talún
Mustard Dijon
Salann, piobar dubh
Fínéagar bán fíona, ceirtlise, nó biotáille.
Ispíní (Is fearr ispíní Toulouse nó ispíní garbha Iodálacha. Muna bhfuil siad seo ar fáil, ceannaigh an t-ispín is fearr agus is daoire agus is féidir. Ná bac leis na bréagispíní bána mílítheacha sin atá lán ceimiceán – ní dhéanfaidh siad cúis).
Modh
Bain an craiceann de na prátaí agus ansin déan cócaráil orthu go dtí go mbíonn siad “go díreach bog”. Cuir na hispíní is rogha leat isteach san uisce céanna go ceann 10 mbomaite nó mar sin lena gcócaráil – ní bheidh an oiread céanna leictreachais, oibre ná uirlisí de dhíth ort! Bain as an uisce iad agus déan iad a ghríosadh faoin ghríoscán. Nuair a bheidh na prátaí déanta, bain as an uisce iad, athúraigh iad agus déan slisíní díobh ach coinnigh an t-uisce te sin sa phota! Blasta, blasta, iontach, iontach blasta!
Déan an t-anlann fínéagair – cuir 3 spúnóg bhoird mhóra den ola olóige isteach i mbabhla mór measctha.
Cuir 1 spúnóg bhoird mhór den mhustard Dijon ón Fhrainc (ar eagla go sílfeá gur léir gur mustard Dijon ón Fhrainc atá i gceist, cuirim béim ar an Fhrainc anseo – déanann náisiúin eile mustard “Dijon” ach ní bhíonn sé mar an gcéanna, mar ní thuigeann siad nach ceart siúcra a chur i mustard Dijon). Buail isteach é (bain úsáid as forc mura bhfuil greadtóir agat) go dtí go mbíonn sé measctha mar is ceart agus ansin cuir 1 spúnóg bhoird den fhínéagar ceirtlise ann.
(Dála an scéil – má cheannaíonn tú prócaí gircíní nó oinniún nó rudaí den sórt sin, is iondúil go mbaintear úsáid as fínéagar biotáillí lena leasú. Is féidir an fínéagar a úsáid le hanlanna den sórt seo a dhéanamh i ndiaidh duit na picilí a ithe.)
Cuir sciar fial peirsile ann, agus blaistigh le salann agus le piobar. Gearr na seallóidí go mion, cuir isteach agus measc go maith.
Nuair an bia ar fad réidh, déan slisíní de na hispíní agus coinnigh te iad faoi ghríoscán ar theas íseal nó san oigheann. Cuir na prátaí slisnithe i gcriathar miotail agus tum san uisce te iad lena dtéamh arís.
Bain na prátaí den uisce, croith an t-uisce breise díobh, agus lig dóibh titim isteach san fhínéigréad sa bhabhla láithreach. Measc láithreach. Súnn na prátaí i bhfad níos mó den anlann isteach agus iad fliuch te. Is é sin is cúis leis an bhéile seo bheith chomh speisialta sin, in ainneoin nach bhfuil a lán comhábhar ann. Téann blas na seallóide agus an fhínéagar isteach go domhain i ngach slisín práta agus sin é an fáth nach féidir gan an sailéad seo a ithe ná dearmad a dhéanamh den bhlas ina dhiaidh!
Cóirigh na prátaí ar phláta agus cuir slisíní den ispín te ar a mbarr. Ith le duilleoga sailéid agus le trátaí.
Bookmark this page:
BBC © 2014Níl an BBC freagrach as ábhar atá ar shuíomhanna seachtracha idirlín.
Is fearr amharc ar an leathanach seo le brabhsálaí gréasáin atá suas chun dáta agus atá cumasaithe do stílbhileoga cascáideacha (CSS). Cé go mbeidh tú in ann ábhar iomlán an leathanaigh seo a fheiceáil sa bhrabhsálaí atá agat faoi láthair, ní bheidh cáilíocht na rudaí a fheicfidh tú chomh maith agus a thiocfadh leo a bheith. Iarrtar ort smaoineamh ar bhogearra do bhrabhsálaí a uasghrádú nó ar stílbhileoga cascáideacha (CSS) a chumasú más féidir.