Gaeilgear an BBC

hide-

Uncail SAM = Stáit Aontaithe Mheiriceá Abbreviated to SAM and affectionately referred to as Uncle SAM.

baile : ailt : Siamsaíocht : Comhairleoirí

Comhairleoirí

Is dráma i seacht radharc é Comhairleoirí, scríofa ag Dave Duggan, duine de bhuaiteoirí an Ghradaim Stewart Parker do scríbhneoireacht úr i nGaeilge. Tá an dráma dírithe ar shaol chomhairleoirí polaitíochta óga (beirt bhan agus beirt fhear) i rannóg úr stáit dar teideal ‘An Roinn d’Iomlánú, Chomhar agus Éifeacht’. Tá a sprioc féin ag gach aon chomhairleoir...ach cé chomh héasca is atá sé a thabhairt faoi deara cén áit a luíonn a ndílseacht? Craolfar Comhairleoirí anseo gach lá idir an 14-20 Feabhra 2011.

14 Feabhra 2011 An Chéad Chruinniú
Bualann na Comhairleoirí lena chéile don chéad uair.

15 Feabhra 2011 Tóg chun an Oileáin mé
Tá ionad úr á oscailt ag an Aire d’Iomlánú, Chomhar agus Éifeacht amuigh ar Loch nEathach agus tá óráid an Aire á scríobh ag an cheathrar Comhairleoirí. An mbainfidh siad an t-oileán amach in am?

16 Feabhra 2011 Dialann Físe
Tá dialann físe le scannánú ag na Comhairleoirí do suíomh idirlín inmheánach. Cé a dhéanfaidh é a stiúradh? Seo chugainn coimhlint cumhachta!

17 Feabhra 2011 Scannal
Tá ráfla ann gur fhan comhairleoir thar oíche in aon seomra leis an Aire!

18 Feabhra 2011 Pléascadh
Tá an carrchlós druidte ag na péas mar go bhfuair siad rabhadh buama a bheith i ríomhaire glúine...ach is le duine dena Comhairleoirí an ríomhaire céanna!

19 Feabhra 2011 Cuairt Uncail SAM
Cuirtear moill ar na Comhairleoirí ar an bhealach ón aerphort go Stormont agus iad greamaithe i ndlúthchonbhua Uachtarán Stát Aontaithe Mheiriceá. Glacann siad aicearra ach an mbeidh siad níos gaiste?

20 Feabhra 2011 An Gar
Tá Diarmuid agus Cyril - an bheirt Chomhairleoirí fireann - i dteach tábhairne le chéile… caithfidh go bhfuil gar de dhíth ar dhuine acu!

NIS - íomháLe tacaíocht ón Chiste Craoltóireachta Gaeilge

BBC © 2014Níl an BBC freagrach as ábhar atá ar shuíomhanna seachtracha idirlín.

Is fearr amharc ar an leathanach seo le brabhsálaí gréasáin atá suas chun dáta agus atá cumasaithe do stílbhileoga cascáideacha (CSS). Cé go mbeidh tú in ann ábhar iomlán an leathanaigh seo a fheiceáil sa bhrabhsálaí atá agat faoi láthair, ní bheidh cáilíocht na rudaí a fheicfidh tú chomh maith agus a thiocfadh leo a bheith. Iarrtar ort smaoineamh ar bhogearra do bhrabhsálaí a uasghrádú nó ar stílbhileoga cascáideacha (CSS) a chumasú más féidir.