Episode details

Available for 29 days
Is iad Ciarraí agus Maigh Eo a thabharfaidh aghaidh ar a chéile i gCluiche Ceannais Peile na hÉireann i mbliana i ndiaidh buanna ar Áth Cliath agus an Lú i gcluichí leathcheannais an deireadh seachtaine. Tá Seán Ó Gallchóir agus Pól Ó Gribín i gcuideachta Fhearghail Mhig Uiginn leis na cluichí sin a chíoradh, chomh maith le bua Chill Mhantáin ar an Dún i gcluiche ceannais Chorn Tailteann. I ndiaidh níos mó ná mí de shacar gan stad i Meiriceá Thuaidh, tá an corn faoi fhad láimhe ag an cheithre fhoireann atá go fóill san iomaíocht i gCorn Sacair an Domhain i ndiaidh cluichí ceathrú ceannais an deireadh seachtaine. Tá na cluichí sin, chomh maith leis na conspóidí is deireannaí, faoi chabidil ag Marcas Ó Buachalla. It’s Kerry and Mayo that will face each other in this year’s All-Ireland Football Final after their respective wins over Dublin and Louth in the weekend’s semi-finals. Fearghal Mag Uiginn is joined by Seán Ó Gallchóir and Pól Ó Gribín with their analysis of the games, as well as of Wicklow’s win over Down in the Tailteann Cup Final. After more than a month of non-stop soccer in North America, the remaining four teams are within arm’s reach of the cup after the weekend’s quarter-finals. Marcus Ó Buachalla joins us with his analysis of those games, as well as the latest controversies.
Programme Website