Machnamh Mhic Annaidh - Bloomsday
Séamas Mac Annaidh ag caint faoi James Joyce, Bloomsday agus cad chuige go bhfuil sé buíoch don údar.
Deirtear in amanna gurb é Ulysses le James Joyce buaicphointe na húrscéalaíochta, go ndearna Joyce foirm an úrscéil a fhorbairt is a thabhairt i dtreo na foirfeachta agus gur chóir do scríbhneoirí eile a bheith buíoch de. Agus tá mé buíoch de James Joyce, ach ar chúis eile ar fad mar a thuigfidh tú ar ball beag.
Anois, níl aon duine de mo mhuintir luaite in Ulysses, bíodh gurb as Baile Átha Cliath do mo mháthair. Níl cóip de Ulysses sa teach agam, ná aon leabhar eile le James Joyce, mar a tharlaíonn sé. Agus scríobh cara liom scigaithris ar Ulysses uair amháin agus thug sé Useless air.
Ach nuair a chuimhnigh mé go raibh Bloomsday ag druidim linn arís rinne mé na seilfeanna a ransú féachaint an raibh a dhath ar bith le Joyce agam féin, agus i ndeireadh na dála d’aimsigh mé cóip den ghearrscéal chlúiteach The Dead sa bhailiúchán Modern Irish Short Stories a chuir Frank O’Connor le chéile is a bhí mar théacsleabhar agam ar scoil, fadó, fadó.
Tosaíonn an scéal sin The Dead le hainm an chailín aimsire, sin Lily, agus tá nóta breactha agam taobh leis an ainm sin: ‘funereal flower.’ Sin tús maith do scéal dar teideal ‘The Dead.’ Caithfidh gurb é an múinteoir s’againn a thug an nod sin dúinn. Nó is cinnte nach smaoineoinn féin ar a leithéid agus mé sna déaga.
Tá an line cáiliúil ‘snow is general all over Ireland’ i measc na línte cáiliúla eile atá sa ghearrscéal sin, agus tá nóta eile breactha agam taobh leis: ‘a symbol of paralysis.’
Seans gurb é sin an rud a bhí i gceist ag James Joyce, níl barúil agam. Ach más amhlaidh gurb é, ní iontas ar bith é go mbíonn an lucht acadúil ag déanamh spraoi le scríbhínní Joyce. Nó nuair a luígh James Joyce isteach ar Ulysses chum sé úrscéal a raibh an oiread sin den imeartas seo ag gabháil ar aghaidh ann gur féidir le gach duine againn an leabhar a léamh agus ní bheidh an scéal céanna léite ag aon duine againn.
Gach seans go ndearna James Joyce prácás den úrscéal mar fhoirm liteartha.
Seans gurb é sin an fáth nach bhfuil cóip den leabhar sa teach agam.
Ach tá mé faoi chomaoin ag James Joyce, mar sin féin, ach ar chúis eile ar fad.
Níl sé éasca do bheatha a thabhairt i dtír ar an scríbhneoireacht agus bíonn tréimhsí ann nuair a bhím ag brath go mór ar an chárta creidmheasa.
Sin mar a bhí an scéal roinnt blianta ó shin. Ach ansin tharla sé, lá amháin, go raibh mé istigh i siopa earraí dara láimhe agus thosaigh mé ag póirseáil trí bhocsa seanchártaí poist féachaint an mbeadh cinn ar bith ann ó Inis Ceithleann, mo bhaile dúchais.
Ní raibh, agus leoga is beag an rud suimiúil a bhí sa bhocsa, mheas mé, go dtí gur thug mé an marc poist a bhí ar cheann acu faoi deara – TRIESTE. Anois, ní raibh aon eolas agam mar gheall ar Trieste ach an méid seo, go raibh James Joyce ina chónaí ann ag tús an chéid seo caite. D’amharc mé ar an chárta. Cárta gan phictiúr a bhí ann ón bhliain 1905 agus é seolta go Londain. Thosaigh mo lámh ag crith. Cárta poist chuig foilsitheoir a bhí ann, cárta ó dhuine a raibh cnuasach filíochta scríofa aige, agus an t-ainm a bhí sínithe ar an chárta ná Jas. A. Joyce. Bhí mé cinnte go raibh seoid aimsithe agam. Ní raibh ach punt ar an chárta ach bhí eagla orm go n-aithneodh an siopadóir cad é a bhí ann. Mar sin de roghnaigh mé cúpla ceann eile agus thug mé iad uilig don siopadóir. Ceithre phunt ar chúig chárta. Sin an praghas a ghearr sé orm. Cheannaigh mé iad agus amach liom faoi dheifir.
Roinnt míonna i ndiaidh sin bhí ceant mór i mBaile Átha Cliath agus chuir mé an cárta poist isteach ann.
D’íoc duine nó dream éigin €12,000 air.
Sin dóigh amháin le do chuid airgid a dhéanamh ar an litríocht.
Mar sin de ná habradh mo chara go bhfuil James Joyce ar dhóigh ar bith useless. Bíodh Bloomsday faoi mhaise agat, agus tá súil agam nach mbeidh an sneachta go forleathan sa tír!
Fad:
Seo gearrthóg ó
Tuilleadh gearrthóg ó Blas
![]()
Cá bhFuil na Duilleoga?—Dáithí Ó Muirí
Fad: 02:54
![]()
An Geimhreadh Te
Fad: 02:42
![]()
Eachtra Mhór Snowy
Fad: 02:02
![]()
Lá Fhéil' Bríde—Dáithí Ó Muirí
Fad: 01:05





