Main content

Machnamh Mhic Annaidh - An Tóirse Oilimpeach

Séamas Mac Annaidh ag labhairt faoin cheangal idir Gaelscoil Uí Dhochartaigh agus an tóirse Oilimpeach.

Bhí cuairteoir neamhghnách againn an tseachtain seo – an lásair Ghréagach, an tóirse Oilimpeach, agus mar is dual do lóchrann spréigh sé solas i ngach áit. Bhí an t-ádh orainn gur tharla an chuairt seo ar laethanta saoire, rud a d’fhág go raibh idir óg agus aosta amuigh le fáilte a chur roimhe. Tharla go raibh mé féin ag gabháil trí Mhuileann an tSiáin i dTír Eoghain tamall i ndiaidh a hocht maidin de Máirt. Maidin deas gréine a bhí ann, bhí na sluaite amuigh ar dhá thaobh na sráide, agus bhí na daoine uilig ag caint is ag gáire le chéile.

Bhí mise ar mo bhealach go dtí an Srath Bán, áit a raibh ceiliúradh faoi leith ar siúil ag muintir an bhaile. In Amharclann na Caolsráide bhí bricfeasta ann - fáiltiú dóibh siúd a ghlac páirt i gcuairt an lóchrainn ar an bhaile – na maoir, lucht otharchairr agus na páistí scoile.

Bhí páirt faoi leith ag na páistí ó Ghaelscoil Uí Dhochartaigh sa cheiliúradh seo. Chuir siad dráma nua-scríofa ar an ardán a léirigh tábhacht an chomhoibriú foirne sna Cluíchí Oilimpeacha. Ní raibh ach seachtain ag na múinteoirí leis an dráma a ullmhú leis na páistí, is chuir siad obair mhór isteach ann. Ach seo an scoil a léirigh leagan iontach An Béal Bocht roimh an Nollaig agus bhí siad breá ábalta chuige.

Mé féin a scríobh an script agus caithfidh mé a rá gur éirigh thar cinn leo. Agus is cinnte go raibh lá ag na páistí nach ndéanfaidh siad dearmad de a choíche. Bhí atmasféar iontach ar an bhaile le haghaidh cuairt an lóchrainn agus ba bhreá an rud go raibh an scoil ábalta páirt chomh lárnach sin a bheith acu sa chéiliúradh seo.

Tá an spiorad Oilimpeach beo inár measc. Is iad seo na chéad Chluíchí Oilimpeacha a mbeidh aon tuiscint ag páistí óga na Gaelscoile sin orthu. Ach cá bhfios nach mbeidh duine nó beirt acu seo ag glacadh páirte sna Cluíchí Oilimpeacha iad féin sna blianta atá amach romhainn.

Anois, is fada na tráchtairí eacnamaíochta ag caitheamh anuas ar an Ghréig. Bíonn cuid acu ag moladh go dtógfaí balla dóiteáin thart ar an Ghréig sa dóigh is nach scaipfidh cibé galar atá ar bhainceanna na Gréige chuig bainc eile ar fud na hEorpa. Tuigeann muintir na hEorpa go gcaithfidh siad an euro a chosaint agus tá muintir na Breataine thar a bheith sásta gur chloígh siad le sterling. Tá gach duine anuas ar an Ghréig bhocht.
Ach nuair a lasadh tine in Athens roinnt seachtainí ó shin is nuair a cuireadh an tóirse Oilimpeach inár dtreo lasadh solas atá ag méadú inár measc i rith an ama. Níl a fhios agam an raibh maidin chomh ghealgháireach riamh acu i Muileann an tSiáin. Tá dóchas agus dea-thoil a scaipeadh ag an lóchrann Gréagach seo.

Tá súil agam go mbeidh Cluíchí iontacha ann i mbliana, tá mé cinnte go mbeidh, agus idir an dá linn beidh Euro 2012 againn ón Phólainn agus ón Ucráin.

Mar sin de, fiú mura mbíonn an ghrian ag taitneamh tá mé cinnte go mbeidh samhradh ar dóigh againn. Ar aghaidh leis na Cluíchí mar sin!

Dáta Scaoileadh:

Fad:

3 nóiméad

Seo gearrthóg ó