
Machnamh Mhic Annaidh - An Síneadh Fada
Tugann Séamus Mac Annaidh a mhachnamh féin ar an síneadh fada.
Nuair a chuir mé tús leis an sraith seo cainteanna sé mhí ó shin bhí géarchéim na Gréige go mór i mbéal an phobail.
Agus anois, mar sin, ó tharla go bhfuil na deacrachtaí sin tagtha chun tosaigh arís, ba mhaith liom díriú ar cheist atá níos práinní, níos conspóidí, níos achrannaí fós:
An tsíneadh fada. Our Fada. Atá ar lár, go minic.
Tá a fhios agat gur chruthaigh an fear grinn Des Bishop seó ardáin fá chúrsaí Gaeilge is gur thug sé In the Name of the Fada air.
Bhuel, ag deireadh na seachtaine seoladh foclóir úr – Our Fada - ina liostáltar focail nach bhfuil sa difear eatarthu ach an síneadh fada. Fear féar, beár béar, briste bríste, an saghas sin ruda.
Rossa Ó Snodaigh agus Mícheál Ó Domhnaill a bhailigh na focail is a chuir an foclóir nua seo le chéile agus nuair a seoladh é i gCluainín i gContae Liatroma oíche Shathairn thapaigh Rossa an deis chun aird a dhíriú ar chuid de na práinncheisteanna a bhaineann le húsáid an tsínidh fhada.
Tuigeann muid uilig go bhfuil sé rí-thábhachtach go n-úsáidtear an síneadh fada leis an difear idir ‘léamh filíochta’ agus ‘filíocht leamh’ a shoiléiriú.
Ach an raibh a fhios agat go n-ardaíonn úsáid an tsínidh fhada an táille a ghearrtar ort ar do fhón póca?
Dar le Rossa, agus le roinnt daoine eile a bhí i láthair ar an oíche, gearrtar táille sa bhreis ort má úsáideann tú comhartha mar shíneadh fada ar theachtaireacht téacs ó tharla nach cuid den teanga Bhéarla é.
Má’s fíor seo, seo claonchaitheamh i gcoinne na Gaeilge, agus cheapfainn go mbeadh a leithéid seo ag teacht salach ar Bhunreacht na hÉireann agus seans go mbeadh impleachtaí ann faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta chomh maith.
Níl a fhios agam, ní saineolaí ar na cúrsaí seo mé, is ar éigin gur féidir liom fón póca a láimhseáil.
Ach má’s fíor seo, nach deis é seo do lucht na Gaeilge agus na hUltaise a bheith ag comhoibriú lena chéile nó tá comharthaí ag muintir na hUltaise nach bhfuil in aibitéar an Bhéarla ach an oiread.
Nár bhreá go bhféadfaimis comhsheasamh a dhéanamh an iarraidh seo?
Ach éist leis an deacracht a d’aithin duine de na chomhúdair, Mícheál Ó Domhnaill, i mBéal Feirste:
‘Nuair a chuaigh mé a mhúineadh sa mheánscoil b’amhlaidh nach raibh aon suim ag na daltaí an fada a scríobh. Deiridís liom gur ‘rud caighdeánach é’ agus dá réir nach raibh sé tábhachtach. Bhí féith frithúdarásach go tréan iontu agus bheartaíodar gan bacaint leis an chomhartha idirdhealaitheach riachtanach seo.’
Is é sin le rá go gceapann muintir óg an lae inniu go bhfuil siad faoi dhaorsmacht an shínidh fhada. Tá an réabhlóid ar an dé deiridh mar sin. Chuaigh daoine amach ar na sráideanna sna seascaidí lena gcearta sibhíalta a éilimh. Tugadh aitheantas do chearta na ndaoine aeracha agus na n-inimirceach. Ach ceapann muintir óg an lae inniu go bhfuil siad faoi dhaorsmacht an tsínidh fhada.
Deir na húdair go mba chóir dúinn cearta an tsínidh fhada a éilimh ach insíonn siad scéal a cuireann lagmhisneach orm.
Sa bhliain 1967 eisíodh stampaí a raibh an focal ‘Eire’ orthu in áit ‘Éire.’ D’eagraigh Gaeil feachtas chun tabhairt ar an Roinn Poist agus Teileagraif an litriú ceart a úsáid. Agus an bhfuil a fhios agat cá fhad a thóg sé orthu sin a dhéanamh?
Dhá bhliain déag! Dhá bhliain déag le síneadh fada a chur ar stampa. Sin tionchar polaitiúil na nGael duit.
Is fada ó foilsíodh foclóir chomh spreagúil.
Fad:
Seo gearrthóg ó
Tuilleadh gearrthóg ó Blas
![]()
Cá bhFuil na Duilleoga?—Dáithí Ó Muirí
Fad: 02:54
![]()
An Geimhreadh Te
Fad: 02:42
![]()
Eachtra Mhór Snowy
Fad: 02:02
![]()
Lá Fhéil' Bríde—Dáithí Ó Muirí
Fad: 01:05




