Main content
Níl an ghearrthóg seo ar fáil faoi láthair

Machnamh Mhic Annaidh - Comhartha Uaillbhreasa(!)

Is aoibhinn le Séamas Mac Annaidh an comhartha uaillbhreasa...!

Ta a fhios agat cad é an rud é comhartha uaillbhreasa – an comhartha sin ag deireadh focail a chuireann iontas in iúil. Is comhartha é a bhfuil an-tábhacht leis. Bhí mé ag amharc ar an cheoldráma Oklahoma! (le comhartha uaillbhreasa) ar an teilifís ar na mallaibh agus chuimhnigh mé nár éirigh go maith leis an seó seo go dtí gur chuir siad an comhartha uaillbhreasa sin leis. Bhí cuma leamh ar an ainm gan é.

Nach iontach an rud é comhartha uaillbhreasa!

Anois, tá mise chomh sean sin gur chuimhin liom an t-am nuair a tugadh Emmerdale Farm ar Emmerdale. Fuair siad réidh leis an focal ‘farm’ agus d’athraigh siad íomhá an chláir. Cleas simplí ach cleas an-éifeachtach ag an am chéanna.

Is é an cheist atá ann an bhfuil cláracha eile ann gur féidir linn a n-ainmneacha a chiorrú le cuma níos fearr a chur orthu?

Cad fá The X-Factor? The X?
Songs of Praise? Nár leor é Praise?
Ach cad é a dhéanfá le Coronation Street?
É a athrú go Coronation, nó é a athrú go Street?
Nó Sex and the City?
An dtabharfá The City air? Emmm.
Desperate nó Housewives?
The Hairy Bikers – Hairy nó Bikers?
The Weakest Link? The Weakest, nó The Link?
Fawlty Towers? Fawlty nó Towers?
Fawlty le comhartha uaillbhreasa – Fawlty!
The Antiques Roadshow?

The Antiques? Níl na láithreoirí chomh haosta sin, an bhfuil? Chonaic mé leabhar bleachtaireachta sa leabharlann ar na mallaibh agus bhí teideal an-chliste air, mheas mé –Antiques Roadkill.

Who do you think you are?
You are?
You think?

Ach níl sé chomh simplí sin i ndáiríre. Tá ainmneacha áirithe nach féidir leat a ghearradh siar – Dr. Who, Blue Peter, The Simpsons. Nach aisteach an tábhacht a atá leis an focal The in The Simpsons? Gan trácht ar The Flintstones.

The Old Grey Whistle Test – cé a smaoinigh ar sin mar ainm ar chlár? Clár ceoil a bhí ann, mura gcuimhníonn tú é. Is dócha go bhféadfaimid Old Grey a thabhairt anois air.

B’iad sin na ceisteanna a bhí do mo chrá le cúpla lá anuas agus mé i mo luí agus ulpóg orm. In amanna nuair a bhíonn tinneas orm tosaíonn m’intinn ag obair ar luas mhire agus bainim an-tairbhe as an fhiabhras nó tagann ábhar maith scéalta chugam, ach an iarraidh seo ní raibh ach an amaidí seo ag gabháil thart i mo chloigeann.

Thóg mé cúpla paracetymol agus chuir sin an lasáir sa bharrach ar fad nó thosaigh mé ag smaoineamh ar chláracha a raibh ainmneacha goiride orthu agus de splanc thuig mé go gcaithfidh go raibh ainmneacha fada orthu lá den tsaoil ach gur gearradh siar iad le himeacht na mblianta nó le teacht léiritheora nua.

Neighbours mar shampla. B’fhéidir gur Noisy Neighbours a bhí air i dtosach, nó Nosey Neighbours fiú.

The Nosey Neighbours Nextdoor Nightly Show.

Bhí mé cráite ag na ceisteanna seo. Agus ag an cheann seo ach go háirithe – Cad é an t-ainm a bhíodh ar an chlár seo Blas fadó?

An Blas Glas? An Blas Gasta, Blasta Gasta, Blasféimniú? Bíonn blas ar an bheagán?

Is maith liom an t-ainm cibé – agus amach anseo nuair a thagann fonn ar dhuine éigin an chlár a athnuachán ní bheidh le déanamh acu ach comhartha uaillbhreasa a chur leis – Blas!

Go díreach mar sin!

Fad:

4 nóiméad

Seo gearrthóg ó