Main content

Machnamh Mhic Annaidh - An Carghas

Join Lucinda Glynn for in-depth interviews, debate and great conversation on BBC Radio Ulster's Irish language magazine.

Tá tráth an Charghais buailte linn arís. Leithscéal mhaith agam gan airgead a chaitheamh ar shóláistí.

Ach tá ciorraithe déanta agam cheana féin. Ba ghnách liom an Irish Times a cheannach trí nó ceithre lá in aghaidh na seachtaine ach anois is ar an Sathairn amháin a cheannaím é.

Seans nach cúrsaí airgid amháin atá taobh thiar den chinneadh sin ar ndóigh. Cailleadh cuid de na colúnaithe a raibh dúil mhór agam iontu – Brendan MacWilliams a scríobh WeatherEye fá chúrsaí aimsire – George Kimball a scríobh colún spóirt fá chúrsaí dornálaíochta agus eile, gan ach beirt a lua. Ba é an bua a bhí ag na colúnaithe seo go raibh siad eolach agus spreagúil. Níl babhta dornálaíochta feicthe agam ar an teilifís ó bhí Mike Tyson i mbarr a réime, ach léigh mé colún George Kimball gach seachtain nó bhí sé mar a bheadh seanchaí ann – bhí mioneolas an spóirt aige – agus ní raibh aon ‘dúirt bean liom go ndúirt bean léi’ ag baint leis na scéaltaí a d’inis sé. Bhí sé féin i látháir ag na hócáidí a ndearna sé trácht orthu, is bhí aithne phearsanta aige ar na daoine a luaigh sé.

Fáth eile nach gceannaím an Irish Times gach lá gur féidir liom é a léamh ar an idirlíon.

Agus seo anois muid tagtha chuig croí-lár na ceiste. Má’s ag caint ar throscadh nó staonadh atá muid tuigim go mba chóir domh teorainn a chur leis an mhéid ama a chaithimse ar an idirlíon.

Tharla sé an lá faoi dheireadh go raibh crosfhocal Béarla a dhéanamh agam – agus bhí focal eile de dhith orm ar earc nó newt – agus ní ag caint ar an uasal Gingrich atá mé – focal trí litir a thosaigh le E agus a chríochnaigh le T. Bhí a fhios agam go bhféadfainn an foclóir a thógáil agus toiseacht le E-A-T, E-B-T, E-C-T go dtí go dtáinig mé ar an fhocal, ach ní dhearna mé sin. D’fhág mé an crosfhocal ar leataobh agus chuaigh mé chuig Wikipedia le haghaidh alt ar earcanna.

Chonaic mé go raibh cosaint dlí ar shaghasanna áirithe agus chuimhnigh mé ansin go raibh an chosaint chéanna ar an bhuaif natterjack. Chuaigh mé ar aghaidh agus léigh mé alt mór orthu sin chomh maith.

Tá daoine sa cheantair seo go mór trína chéile mar gheall ar bhagairt na fracála agus bhuail an smaoineamh mé go mb’fhéidir go mbeadh na h-earcanna agus na buaifeanna natterjack mar chosaint againn ina choinne.

Tháinig an smaoineamh sin ón chlár teilifise Hustle a chríochnaigh ar an BBC de hAoine seo caite, an sraith is fearr dá bhfaca mé leis na blianta.

Sa chlár seo bhíodh foireann grifters i gcónaí ag iarraidh an lámh in uachtar a fháil ar dhaoine móra le rá a bhí ag tromaíocht ar ghnáthdhaoine, agus is ba le cleasaíocht a rinne siad sin de ghnách. I gclár amháin bhí rún ag tógálaí ionad óige a leagadh agus bhí cead pleanála faighte aige ó pholaiteoir cam a fuair airgead i gclúdach donn uaidh. Bhuel, bhí na bulldozers ag teannadh ar an áit nuair a thug duine éigin buaifeanna natterjack faoi deara sa ghairdin agus b’éigin don tógálaí stop a chur lena chuid oibre mar gur léir gur áit ghoir ag na buaifeanna natterjack a bhí ann, bhí an oiread sin acu sa ghairdin.

Ba é fírinne an scéil, ar ndóigh, gurb iad na grifters a d’fhág na buaifeanna sa ghairdin leathuair a chloig roimhe sin.

Agus ba é an rud a bhí a fhiosrú agam ná an bhféadfaimid úsáid a bhaint as chleas den chineál chéanna le stop a chur leis an fhracáil – dá mbeadh neadacha ag traonaigh ann, nó feileacháin rí-thábhachtach, nó an buaif natterjack é féin.

Agus ansin chuaigh mé ar aghaidh chuig –

Tuigim mar sin go gcaithfidh mé srian a chur leis an mhéid ama a chaithim ar an idirlinn.

Agus, ar eagla go gcuirfeá féin do chuid ama amú air, ‘sé eft an focal eile atá ar earc.

Dáta Scaoileadh:

Fad:

4 nóiméad

Seo gearrthóg ó