Machnamh Mhic Annaidh - Dátheangachas
Writer and broadcaster Séamas Mac Annaidh has his own entertaining view on bilingualism.
One day for recreation is gan éinne beo im’chuideachtán, I spied a charming fair maid, ina haonar ina suí i siopa istigh, she was singing like an angel is mé ag éisteacht lena bhinnghuth … …
A oiread liom féin - just like me
Bíonn an t-amhrán macarónach ar fáil go coitianta sa Ghaeilge. Macaroni bread is often found in Gaelic kitchens. Aithneoidh an té atá dátheangach nach ionann an dá insint sna hamhráin seo. The person with two tongues will realise the two breads are not the same. Tuigfidh an Gaeilgeoir brí iomlán an amhráin, ach ní bhfaighfidh an Béarlóir an blas ceart air. The Gael will really dig the bread while the English speaker will not get the true taste of it at all. Is d’aonturas a dhéantar seo ar ndóigh. Of course this is all done for one journey.
Is minic go mbaintear úsáid as an dátheangachas ag ócáidí poiblí. The use is often removed from two-tongue-ism at public occasions. Nuair a labhrann an Taoiseach sa Dáil, mar shampla, When the Chieftain speaks in an astronomical conjunction, as an example, nó ag ócáidí liteartha, or at literal occasions.
Tuigim go bhfuil an dátheangachas a phlé againn anocht. I understand that two-tongue-ism is our discussion tonight. Anois, now, ba mhaith liom a chur in iúil duit, I would like to bury in July, nach bhfuil mé i bhfách leis, that I am not with him in a hole where a lobster is found mar is minic go mbíonn an lámh in uachtar ag an Bhéarla, as English usually gets the hand in cream, agus go mbíonn an Ghaeilge thíos leis, and the Gaelic is down with him.
Cur i gcás, put in a case, go mbíonn léamh filíochta ann, that there is a reading of minstrelsy, má dhéanann an file a chuid filíochta a léamh sa dá theanga ní mór dúinn éisteacht le gach dán faoi dhó, if the poet reads his minstrelsy in the two tongues we must listen to each fate under two, gan trácht, without traffic, ar réamhrá ina ndéanann sé cúlrá an dáin a thabhairt, on a pre-say in which he does give talkback of the fate. Agus ó tharla go mbíonn teorainn ama leis an léamh, And since a time border is with the reading, má theastaíonn ón fhile réimse leathan dá chuid saothair a chur in ár láthair, if the poet requires to put a wide range of his exertion in our presence, ní mór dó thiontú ar theanga amháin, he must turn on one tongue, leis seo a chur i gcrích, to put this in an end. Agus bíonn an lámh in uachtar ag an leagan Béarla arís. And the knocking down English has the hand in cream again.
Tá an teanga Gaeilge casta go leor gan teanga eile a chur léi. The Gaelic tongue is twisted enough without putting another tongue to it. Má fhágann muid an t-aistriú faoi na Dubhghaill ach go háirithe. Especially if we leave the moving house under Google.
Fad:
Seo gearrthóg ó
Tuilleadh gearrthóg ó Blas
![]()
Cá bhFuil na Duilleoga?—Dáithí Ó Muirí
Fad: 02:54
![]()
An Geimhreadh Te
Fad: 02:42
![]()
Eachtra Mhór Snowy
Fad: 02:02
![]()
Lá Fhéil' Bríde—Dáithí Ó Muirí
Fad: 01:05





