Machnamh Mhic Annaidh - Deartháir na gCopaleen
Writer Séamas Mac Annaidh casts a critical eye over the writers of the past.
De réir mar a théim anonn in aois is lú seans a bhíonn agam buaileadh le daoine a bhaineann le ré atá thart. Bhí an t-ádh orm nuair a bhí mé óg gur bhuail mé le Seosamh Mac Grianna, scríbhneoir, agus le Niall Ó Dónaill, foclóirí.
Ach ar an lámh eile níor casadh Séamas Ó Grianna, nó Tomás de Bhaldraithe riamh orm.
Casadh na filí Máire Mhac an tSaoi agus Máirtín Ó Díreáin orm ach níor bhuail mé riamh le Seán Ó Ríordáin.
Bhí an t-ádh orm an tseachtain seo caite buaileadh le Micheál Ó Nualláin, ealaíontóir, agus deartháir Myles na gCopaleen. Ní raibh mé ach cúig bliana d’aois nuair a cailleadh Myles na gCopaleen.
Mar sin de, bíodh is go bhfuil Micheál Ó Nualláin i bhfad níos óige ná a dheartháir, bhraith mé go raibh mé i láthair dhuine ó ré, ó aois eile. Nó bheadh Myles céad bliain d’aois i mbliana dá mbeadh sé beo.
Agus nach mé a bhí sásta. Nó mar a dúirt mé, de réir mar a théim anonn in aois is lú seans a bhíonn agam buaileadh le daoine ó thréimhsí eile.
Leoga, is dócha go measann cuid den aos óg go mbainim féin le haois eile anois.
Ach nuair a bhí mé óg bhí aithne agam ar mo sheanmháthair a rugadh sa bhliain ocht déag seachtó naoi, agus ar a deirfiúr siúd a rugadh sa bhliain ocht déag seachtó seacht. Ní thig liom gabháil níos faide siar ná sin, ach caithfidh go raibh aithne ag an bheirt sin ar dhaoine a rugadh san ochtú haois déag, roimh éirí amach seacht déag nócha hocht.
Bhí Micheál Ó Nualláin agus mé féin beirt ar an Iúr le páirt a ghlacadh i gclár teilifíse sa sraith Imeall Geal. Is fada ó bhí mé ar an Iúr, ach bhraith mé go raibh cuma bhreá ar an áit agus bhí aimsir mheirbh ann – i lár mhí na Samhna!
I ndiaidh an chláir bhí deis agam tamall a chaitheamh i gcomhluadar Mhícheáil agus ba mhaith an chomhluadar é. Bhí tréan scéalta aige, agus tuairimí suimiúla.
Seans áfach, nárbh iad greimeanna gasta fuaime na teilifíse an meán a b’oiriúnaí dá leithéid.
Le fírinne, ba chóir do dhuine éigin cúpla uair a chloig a chaitheamh ina chomhluadar agus cuid de na scéalta atá aige a thaifeadú.
Agus ní na scéalta mar gheall ar Myles na gCopaleen atá i gceist agam ach an oiread.
Tá cuid den obair sin déanta aige féin cheana féin sa leabhar a d’fhoilsigh sé ar na mallaibh, Myles – the Brother – leabhar beag slachtmhar soléite.
Tá mé ag caint ar na scéalta uilig eile, nó seo duine a mhair trí ré eile, ré atá thart, ach atá fós inár measc. Ach chomh maith leis sin is pearsa tábhachtach de chuid na haoise seo é Micheál Ó Nualláin. Agus ba chóir do dhuine éigin an taifeadú sin a dhéanamh anois – nó mar a dearfadh Myles é féin – ní bheidh a leithéid arís ann.
Fad:
Seo gearrthóg ó
Tuilleadh gearrthóg ó Blas
![]()
Cá bhFuil na Duilleoga?—Dáithí Ó Muirí
Fad: 02:54
![]()
An Geimhreadh Te
Fad: 02:42
![]()
Eachtra Mhór Snowy
Fad: 02:02
![]()
Lá Fhéil' Bríde—Dáithí Ó Muirí
Fad: 01:05





