Machnamh Mhic Annaidh - Filí
Writer & broadcaster Séamas Mac Annaidh casts a critical eye over the stories & personalities making the news.
Filí. Is dream faoi leith iad. Dream leocháileach teasaí.
Ní nach ionadh agus iad ag plé le mothúcháin an-phearsanta ar dhóigh atá an-phoiblí.
Is minic go mbíonn imní agus féin-amhras orthu agus coinníonn siad súil ghéar ar a chéile. Chuaigh filí áirithe leis an ól nuair a bronnadh an duais Nobel ar Shéamus Heaney is dearfainn gur éirigh cuid acu as an scríobh ar fad.
Agus anois tá duais mhór eile buaite ag file. Tá Micheál D. Ó hUiginn tofa mar Uachtarán na hÉireann, agus ní nach ionadh, tá ar a laghad file amháin atá míshásta faoi seo. Banfhile éigin i Sasain – ní chuimhin liom a hainm – a scríobh colún sa Guardian agus amhras uirthi mar gheall ar chaighdeán na filíochta atá scríofa ag Michael D.
Caithfidh mé a admháil nár léigh mé aon fhilíocht leis an Uachtarán nua-thofa riamh. Ní gá domh a rá nár léigh mé aon fhilíocht dar scríobh an bheanfhile Shasanach. Deirim an méid sin ar mhaith le tú a chur ar do shuaimhneas – ná bí buartha – níl sé i gceist agam comparáid a dhéanamh idir an bheirt fhile. Ní dhearna mé a leithéid ó d’fhreagair mé cheist ar an pháipéar Ard-Leibhéil mar gheall ar an Ríordánach agus an Direánach, breis agus triocha bliain ó shin anois.
Ach seo an rud a dhéanfaidh mé. Inseoidh mé scéal beag fá’n uachtarán nua-thofa, fear nár casadh orm ach an t-aon uair amháin, agus seo an rud a tharla.
Caithfidh go bhfuil sé breis agus fiche bliain ó shin anois ó bhí an beirt againn ag labhairt ag Scoil Samhraidh Oliver Goldsmith i Meathas Troim [Edgeworthstown] i gCo. Longphort. Bhí na meáin chumarsáide faoi chaibideal, agus bhí mise ag labhairt mar gheall ar na hathruithe a bhí ag teacht ar chraoladh na Gaeilge i dTuaisceart Éireann, ag míniú go dtáinig athrú mór ar íomhá na Gaeilge nuair a thosaigh an BBC ag gabháil di. Bhí roinnt mhaith daoine anseo a dúirt: Má tá an Ghaeilge maith go leor le haghaidh an BBC, caithfidh go bhfuil an Ghaeilge maith go leor dúinne chomh maith.
Caithfidh go bhfuil mise ag dul anonn in aois ach is maith is cuimhin liom go raibh an t-am ann nuair nach raibh aon Ghaeilge ar an BBC agus ní raibh TG4 ann ach an oiread.
Ar ndóigh ba é Michael D. a chinntigh go mbeadh TG4 ann.
Ach ní chuige sin atá mé. Is dócha go raibh Michael D. ag caint mar gheall ar na meáin idirnáisiúnta chumarsáide ach le fírinne, ní chuimhin liom. Is é an rud is cuimhin liom, agus is é seo ábhar mo scéil, go raibh muid inár suí i dteach tábhairne i ndiaidh na cainte nuair a tháinig seanduine isteach. Seanghníomhaí de chuid ghluaiseacht an lucht oibre a bhí ann, duine a bhí gníomhach i bhfichidí agus i dtriochaidí an chéid seo caite. Nócha dó bhliain d’aois a bhí an seanduine seo agus dúirt sé linn gur shiúil sé cúpla míle isteach go Meathas Troim ar mhaithe le buaileadh le Micheal D. Nó sin an meas a bhí aige air.
Agus b’fhéidir gurb é sin an fáth go raibh an bua ag Michael D. sa toghchán, go raibh meas seanbhunaithe ag daoine air.
Nó, má cuirim ar dhóigh eile é, is beag an duine againn a shiúlfadh go Meathas Troim ar mhaithe le héisteacht leis an bhanfhile Shasanach sin dá mbeadh sí ag reic a cuid filíochta ann!
Fad:
Seo gearrthóg ó
Tuilleadh gearrthóg ó 17/11/2011
![]()
Agallamh le Neil Martin
Fad: 05:38
Tuilleadh gearrthóg ó Blas
![]()
Cá bhFuil na Duilleoga?—Dáithí Ó Muirí
Fad: 02:54
![]()
An Geimhreadh Te
Fad: 02:42
![]()
Eachtra Mhór Snowy
Fad: 02:02
![]()
Lá Fhéil' Bríde—Dáithí Ó Muirí
Fad: 01:05






