Main content

Machnamh Mhic Annaidh - Tuilte

Writer & broadcaster Séamas Mac Annaidh gives his take on the stories in the news this week.

Ní raibh ceachtar againn ag obair de Luain is shocraigh muid an oíche roimh ré go dtabharfaimid lá saor ón scoil do Raphaelle s’againne is go ndéanfaimíd rud éigin taitneamhach.

Ach nuair a d’éirigh muid ar maidin bhí sé ag balcadh fearthainne amuigh. Ba léir nach mbeadh aon phicnic againn ná siúlóid sa choill. Ní raibh de rogha againn ach gabháil isteach go hInis Ceithleann – arís.

Agus maith go leor is féidir leat tamall a chaitheamh sna hollmhargaidh, ach níl aon nuaíocht ag baint leis sin. Is ar laethanta fliucha a thuigeann tú cé chomh ciúin is atá cúrsaí anseo. Ní bhíonn an phictiúrlann ar oscailt i rith an lae is ní bhíonn an iarsmalann ar oscailt de Luain ach an oiread.

Bhí an fhearthainn ag titim go trom i rith an ama. Smaoinigh mé ar An Béal Bocht agus ar Chorca Dorcha, áit a mbíonn sé ag cur de shíor. Nó sin mar a bhí sé in Inis Ceithleann. D’aithin muid go raibh sé chomh maith again pilleadh ‘na bhaile.

Ar ár mbealach ar ais go Béal Cú thug muid faoi deara go raibh cuid de na páirceanna ar maos in uisce.

Bhí áiteanna ann a raibh an t-uisce ina shruth trasna an bhóthair is níorbh fhada go dtáinig muid ar línnte uisce ar na bóithre, áiteanna ar sceith an t-uisce go hard san aer nuair a thiomáin muid tríothú, rud a chuir iontas mór ar Raphaelle.

Ar an taobh thiar de Leitir Bhriain bhí linn uisce chomh mór sin gurbh éigin dúinn moilleadh go luas na seilmide – tabhair Béarlachas ar sin má’s maith leat, ach de réir mar a thuigim is é an luas céanna a bhíonn faoi sheilmidí Gaeilge is a bhíonn faoi sheilmidí Béarla – agus bhí na soilse rabhaidh ag preabadh ar na carranna a bhí romhainn.

Bhí suim mhór ag Raphaelle anois san athrú a bhí tagtha ar an cheantar seo a bhfuil seanaithne aici air. Leag sí a leabhar Tin-tin uaithi. San áit a mbíodh bóithríní anois bhí aibhneacha, agus san áit a mbíodh páirceanna anois bhí lochanna.

Ansin go díreach agus muid ag druidim le Béal Cú bhí an t-uisce le feiceáil ag cóipeadh thar na claíocha agus ina shruth láidir ar dhá thaobh an bhealaigh.

Bhí an bóthar mar a bheadh tonnadóir [funnel] ann, an t-uisce uilig a bhailiú is a threorú aige óna cnoic máguaird, ar aghaidh san aon treo amháin, agus anseo ag imeall an tsráidbhaile bhris an tuile amach as na díoga ina rabharta domhain dorcha trasna an bhóthair i dtreo Loch Mhic nÉan,.

Bhí roinnt carranna ag fanacht ar leataobh, leisc orthu gabháil ar aghaidh. Bhí corrcheann ann a bhí sásta gabháil ar an tseans.

‘Ar aghaidh linn mar sin,’ arsa mé, agus thiomáin muid ar aghaidh go mall.
‘Fhad is nach stopann an carr sin atá romhainn, beidh muid ceart go leor.’

Bhí an t-uisce ina shruth láidir tharainn, bhí muid ábalta é a chloisteáil thíos fúinn, thart orainn, agus bhrúigh muid ar aghaidh amhail is go raibh muid i mbád agus i gceann bomaite nó dhó bhí muid ar an taobh eile agus slán sábháilte i mBéal Cú.

‘Sin an rud is iontaí dá bhfaca mé riamh’ arsa Raphaelle, ag princeam thart fá’n chisteanach. ‘Fan go n-inseoidh mé do gach duine ar scoil amárach.’

Agus bhí an ceart aici. Bhí eachtra mhór an lae i bhfad níos fearr ná aon scannán nó béile nó siopadóireacht, agus ní dhéanfaidh aon duine againn dearmad air go ceann i bhfad.

Dáta Scaoileadh:

Fad:

3 nóiméad

Seo gearrthóg ó