Main content

Blas - Machnamh Mhic Annaidh - Cúrsaí Fisice

Writer Séamas Mac Annaidh casts a critical eye over the stories and the personalities making the news.

Bhí mé ag coimhead ar Sebastian Vettel ag deireadh na seachtaine, é ag scúirdiú trí Singapore amhail is go raibh Jedward sa tóir air. An tiománaí is gaiste ar an domhain. Shíl mé go mbeadh gach duine ag caint air, agus craobh an domhain ionann is buaite aige arís don dara bhliain as a chéile.

Ach ábhar eile a bhí ag déanamh iontais do na daoine thart orm ar an bhus go Béal Feirste oíche Domhnaigh - na torthaí aisteacha a bhí faighte ag na heolaithe atá ag obair in ollsaotharlann CERN san Eilbhéis.

D’fhógair siadsan gur chuir siad gráinníní beaga fó-admhacha ag triall ar shaotharlann eile san Iodáil is gur shroich siad a sprioc sula raibh siad ag dúil leo. Nó bhí na gráinníní seo níos gaiste ná Usain Bolt, níos gaiste ná Sebastian Vettel, níos gaiste ná an solas féin.

Neutriní an t-ainm atá ag eolaithe ar na gráinníní gasta seo, agus ba iad seo a chuir na daoine ag caint. Nó is é an t-iontas is mó fá seo go bhfuil na torthaí seo ón Eilbhéis ag teacht salach ar theoiricí Albert Einstein, an té a d’fhógair gurb é an solas an rud is gaiste ar an tsaol seo, sa chruinne fiú!

Bhí mo chomh-thaistealaithe ar an bhus uilig den tuairim go raibh gach ar scríobh Einstein riamh anois caite i dtraipéisí ag na torthaí seo is nárbh fhada go mbeadh sé ar chumas an uile dhuine againn gabháil ag taisteal tríd an am mar a dhéanann an Dochtúir Who.

Ach cad é an cur amach a bhí ag na daoine seo ar an bhus ar Einstein agus a chuid teoiricí, abair sin liom.

Bhí aithne agam féin ar bhean-aisteoir, Agnes Bernelle, a raibh cónaí uirthi in aon sráid le Einstein sula dtáinig na Naitsithe i réim, ach ní hionann sin is a rá go bhfuil aon tuiscint agam ar chúrsaí fisice. Ach glacaim leis gur ginias a bhí ann, agus fágaim faoi lucht na heolaíochta ciall agus tairbhe a bhaint as a chuid oibre.

Ach bhí na taistealaíthe chomh tógtha faoi na féidireachtaí nua taistil seo. Tuigim daofa, nó braithim in amanna ar an bhus nach bhfuil an chlog ag bogadh ar chor ar bith, go bhfuil mé caillte i bpoll dubh ama.

Níor mhiste do dhuine ar bith a bheith ag brionglóidí agus turas fada bus rompu, ach níor chóir dúinn a cheapadh go ndéanfaidh na torthaí aisteacha seo, a bhfuil saineolaithe CERN féin in amhras fúthu, níor chóir dúinn a cheapadh go mbainfidh siad na cosa de chóras iomlán na fisice fiú má chruthaítear go bhfuil siad fíor amach anseo,

Rinneadh athruithe ar ghramadach na Gaeilge, d’athraigh Cumann Luthchleas Gaeil riail 42 s’acu ach is mar an gcéanna i gcónaí iad. Tá athrú tagtha ar fhocail an aifrinn, ach is é an searmánas céanna i gcónaí é. Fiú má thugtar cead do na sagairt pósadh is í an eaglais chéanna i gcónaí í.

Ní bheidh sé ar ár gcumas choíche am-thaisteal a dhéanamh, ach amháin ar an ráta chun tosaigh atá fúinn faoi láthair, agus fiú má tá corrdhuine fós sa tír seo ar mhaith leo gabháil siar chuig na drochlaethanta, ní tharlóidh sé.

Mar a thuigeann tú fá’n am seo, chuir an bhaothchaint seo ar fad isteach orm, go raibh na daoine aineolacha seo uilig ag caint go líofa fá rud nach bhfuil aon chur amach acu air. Thuig mé nárbh fhiú domh a dhath a rá, áfach. Ní éisteoidís liomsa. Ach ansin smaoinigh mé ar charachtar ó Star Trek fadó. Scottie. D’éisteoidís leis. Agus má tá sibh ag éisteacht leis seo anocht, seo an rud a deireadh sé: ‘But Captain, ye cannae change the laws o’ physics.
Quod erat demonstrandum, tá súil agam.

Dáta Scaoileadh:

Fad:

4 nóiméad

Seo gearrthóg ó