Machnamh Mhic Annaidh - Babaí dhobhareich
Writer Séamas Mac Annaidh casts a critical eye over the stories and the personalities making the news.
Bhí mé ag cúl-éisteacht le daoine i gcaife ar an Ómaigh an lá faoi dheireadh. Bhí siad ag iarraidh teacht ar ainm don hippo a rugadh sa zú i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo caite nó tá moltaí a lorg ag an zú.
Is féidir le duine ar bith moltaí a sheoladh isteach chuig an leathanach Facebook s’acu. Ach ní mór don ainm dúchas Afraiceach an hippo a léiriú. Agus ba é an deacracht a bhí ag mo chairde ar an Ómaigh nach raibh an oiread sin cur amach acu ar dhúchas na hAfraice, rud nár thuig siad go dtí gur thosaigh siad ag plé na ceiste.
D’ainmnigh siad polaiteoirí ó Mugabe go Mandela, ach is hippo baineann í seo. Thagair siad do chúrsaí spóirt, do na reathaíthe iontacha ón Aetóip agus ó Chéinia, ach ní shamhlófá hippo mar reathaí deich míle méadar choíche.
Bhí cur amach áirithe acu ar cheoltóirí ón Afraic, ach arís eile ní thagann íomhá an hippo agus an ceol chun tosaigh san intinn ag an aon am amháin.
Luaigh duine acu cúrsaí tíreolaíochta. Cad é fá abhainn, mar shampla? Níle na hÉgipte nó an Zambesí? Níor thaitin sin leo ach an oiread. Nó sliabh? Ach ní raibh ach dá shliabh ar eolas acu. Table Mountain na hAfraice Theas nó Kilimanjaro
Bhraith mé go raibh an díospóireacht seo ag gabháil ó mhaith. D’éirigh mé agus d’fhág mé acu é. Seans go bhfuil siad ag gabháil dó go fóill nó nuair a rinne mé suíomh an zú a sheiceáil ní raibh moltaí ar bith ann ón Ómaigh.
Ach seo an rud. Thagair bunús na moltaí do theangacha na hAfraice. Bhí léar mór moltaí ann ó dhaoine a raibh cur amach éigin acu ar Swahili agus teangacha Afraiceacha eile. Ba é an rud is mó a chur iontas orm fá seo ná gur ó dhaoine óga a raibh sloinntí Gaelacha orthu a tháinig na moltaí seo uilig. Cad é mar a chuir siad eolas ar Swahili? An raibh daoine de bhunadh na hAfraice in aon rang leo nó an raibh siad ag freastail ar ranganna oíche Swahili? Ba chomhartha é seo go raibh an t-ilchultúrthas ag gabháil ó neart go neart sa tír is bhraith mé gur shiomból bhreá í an hippo óg seo don ré nua seo atá romhainn.
Ach de réir mar a rinne mé mo mhachnaimh ar an cheist bhuail smaoineamh eile mé is shocraigh mé gurb é an t-ainm a mholfainn féin ná Google.
Nó ní Swahili atá ag na daoine óga seo a mhol na hainmneacha áilne sin uilig ach ríomhaire.
Agus má cheapann tú gur ainm amaideach é Google le haghaidh hippo féach an t-ainm atá ar mháthair an hippo seo. Heidi! Chuala tú i gceart mé. ‘Sé Heidi ainm an mhátharhippo, ainm a bhaineann le cailín óg san Eilbhéis, na mílte mile ar shiúil ón Zambesi agus an Limpopo, ó Kilimanjaro agus Nelson Mandela.
Ba bhreá liom fios a bheith agam cé a thug an t-ainm sin uirthi … agus cén fáth!
Feachtas Facebook zú Bhaile Átha Cliath
Fad:
Seo gearrthóg ó
Tuilleadh gearrthóg ó Blas
![]()
Cá bhFuil na Duilleoga?—Dáithí Ó Muirí
Fad: 02:54
![]()
An Geimhreadh Te
Fad: 02:42
![]()
Eachtra Mhór Snowy
Fad: 02:02
![]()
Lá Fhéil' Bríde—Dáithí Ó Muirí
Fad: 01:05





