Blas - Machnamh Mhic Annaidh 1
Writer Séamas Mac Annaidh casts a critical eye over the stories and personalities making the news.
Bhí mé amuigh ar mo choiscéim thar dheireadh na seachtaine. De Sathairn agus de hAoine rinneadh ár n-oidhreacht ailtireachta a chéiliúradh agus tugadh deis do dhaoine cuairt a thabhairt ar réimse leathan foirgnimh saor in aisce.
In Inis Ceithleann, mar shampla bhí Halla an Bhaile, Teach na Cúirte agus Halla na Maisiún uilig ar oscailt don ghnáthphobal. I mBéal Cú, an áit a bhfuil cónaí orm chuir Máiréad O’Dolan fáilte roimh cuairteoirí chuig Teach an Stáisiúin, an seanstáisiún iarnróid a bhfuil cónaí uirthi ann ó droideadh an SLNCR i 1957. Bhí an-spórt ag daoine ag gabháil thart ó háit go háit ag iarraidh cuairt a thabhairt ar an oiread sin acu in aon lá amháin.
Deis iontach a bhí ann, agus is deireadh seachtaine é a mbainim an-sult as i gcónaí. Dhá rud a chuir olc orm i mbliana, áfach. Bhí cead againn cuairt a thabhairt ar Dhaimhinis, sin oileán ar Loch Éirne ar a bhfuil ballóga mainistreach agus cloigtheach iontach, ach dúradh sa leabhrán eolais go mbeadh ar dhaoine a mbealach féin a dhéanamh ann ó tharla nach mbeadh bád Roinn na Timpeallachta ar fail. Ár mbealach féin a dhéanamh…?
Agus ansin bhí an National Trust ann. Tá Florencecourt House, Crom Castle agus Castlecoole acu i bhFear Manach agus is féidir leat cuairt a thabhairt orthu seo lá ar bith i rith an tsamhraidh ach an táille a íoc ag an gheata.
Ghlac an National Trust páirt sa cheiliúradh oidhreachta seo, ach ar lig siad isteach muid saor in aisce, nó ar leathphraghas fiú? Baol ar bith. Is iomaí duine a chuir fáilte roimh cuairteoirí ar na laethanta speisialta seo, ach thapaigh an National Trust an deis poiblíocht a fháil gan aon rud a thabhairt ar a shon.
Agus mé ag caint ar fhoirgnimh mhaorga bhí dá halla ar an teilfís tráthnóna Shathairn. Bhí náisiúnachas a cheiliúradh sa dá áit. Sa Royal Albert Hall i Londain bhí oíche dheiridh na bProms, ceolfhoireann, ceoltóirí agus an lucht éisteachta uilig ag gabháil do Land of Hope and Glory; agus sa Halla Cois Cuain i mBéal Feirste bhí ardfheis de shaghas eile ar bun a thug le fios dúinn nach bhfuil deireadh le dóchas agus glóir sa tír seo go fóill ach an oiread.
Ach níl an dóchas céanna sa Mheánoirthear. Chuir mé suntas i litir ó Ambasáid Israeil san Irish Times de Sathairn – urlabhra ag iarraidh an t-ionsaí a rinneadh ar an bhád Turcach an Mavi Marmara a chosaint. Bhí roinnt mhaith pointí aige san argóint ach ansin rinne sé an argóint ar fad a chailliúint nuair a dúirt sé gurb é Hamas an t-aon dream a bhain tairbhe as an eachtra.Is trua nár smaoinigh siad ar sin sular ionsaigh siad an bád.
Agus nach ait mar atá Israel anois ag bagairt ar an Túirc, a rá go dtacóidh siad leis na Coirdínigh atá ag cur troda ar rialtas na Túirce in oirthear na tire sin. Is fada suim agam i gcúrsaí na Túirce nó is iomaí samhradh atá caite agam ann ag obair mar mhúinteoir Béarla i gcampa samhraidh.
Tá toghchán na huachtaránachta ina ábhar mór cainte i rith an ama. Tá an chuma ar an scéal go ndeanfaidh David Norris iarracht eile gabháil san iomaíocht. Aisteach go leor chuala mé an tuairim seo ag daoine i gcaifé i Sligeach thart fá choicís ó shin.
Bhí mé ag cúl éisteacht leo. Sin rud a dhéanann scríbhneoirí, an dtuigeann tú. Agus má théann David Norris san iomaíocht ní fhada go mbeidh Dana ina dhiaidh. Ní fiú di seasamh gan Norris a bheith mar iomaitheoir aici.
Ach seo an rud, sula ndéanann David Norris a sheasamh a fhógairt go poiblí beidh sé ar an Late Late Show de hAoine, ardán an-tábhachtach aige agus beidh RTÉ abalta a shéanadh nach bhfuil siad ag tabhairt cothrom na Féinne do na hiomaitheoirí eile, ó tharla nach bhfuil Norris san iomaíocht (…go dtí seo.). Bhí David Norris ‘ar saoire’ ó d’éirigh sé as an rás i mí Lúnasa. Nach méanar dó.
Ní mór do David Norris cuimhniú, áfach, má mhaireann tú ar na meáin chumarsáide, gur féidir leis na meáin chumarsáide tú a scriosadh chomh maith. Sin an botún a rinne Cathal Ó Searcaigh. Agus uh-oh, seo mé ar an raidió chomh maith. Caithfidh mise bheith cúramach!
Fad:
Seo gearrthóg ó
Tuilleadh gearrthóg ó Blas
![]()
Cá bhFuil na Duilleoga?—Dáithí Ó Muirí
Fad: 02:54
![]()
An Geimhreadh Te
Fad: 02:42
![]()
Eachtra Mhór Snowy
Fad: 02:02
![]()
Lá Fhéil' Bríde—Dáithí Ó Muirí
Fad: 01:05





