Main content

GAIRM: Inneachar Fuaime - Raidió/Digiteach

Inneachar fuaime/raidió:
Táimid ar thóir inneachar breise fuaime le craoladh inár sliotáin rialta raidió ar BBC Raidió Uladh agus BBC Raidió Feabhail, mar chuid dár sceideal samhraidh i mí Iúil agus mí Lúnasa, i rith na Nollag, i rith na Cásca agus ar laethanta saoire poiblí. Áireofar inneachar do shraitheanna podchraoltaí chomh maith.

Ba mhaith linn sraitheanna 30 bomaite a choimisiúnú a d’fhéadfaí sraitheanna leantacha a dhéanamh astu amach anseo. Áireoidh muid idir shraitheanna gearra agus shraitheanna fada ach ceithre eagrán ar a laghad agus deich gcinn ar a mhéid a bheith táirgthe leo. Ná bíodh inneachar na sraitheanna seo sainiúil d’aon am ar leith.

Áireofar fosta cláir aonair faisnéise 30 bomaite ar fhad a dhéanann anailís ar thráthanna suntasacha, eachtraí staire agus comórthaí nó cuimhneacháin ina measc.

Inneachar sa bhreis a bheidh san inneachar seo a chuirfeadh go maith lenár n-aschur reatha raidió agus digiteach. Is fiú smaoineamh ar an dóigh is fearr le do shraith raidió a cheangal le hábhar digiteach. Tá spéis againn i gcónaí tacú le hábhar oiriúnach do dhaltaí na nGaelscoileanna agus a dteaghlaigh, agus tá an-spéis againn i mbliana in ábhar a chuirfeadh lenár n-aschur digiteach le linn Fleadh Cheoil na hÉireann atá i mBéal Feirste i mbliana.

Níl muid ag lorg irischlár óir is é sin atá againn lenár n-irischlár suaitheanta, Blas.

Ba mhaith linn inneachar úr fuaime a fhorbairt sa choiméide agus sa drámaíocht.
Tá spéis againn i gcónaí cuidiú le forbairt scileanna agus deis a thabhairt do scríbhneoir úr nach bhfuil saothar s’acu tar éis a bheith léirithe ar raidió nó teilifís roimhe, dráma a scríobh don raidió.

Chuirfimis fáilte fosta roimh chomhléirithe le craoltóirí eile nuair is cuí.

Amharc ar bbc.co.uk/gaeilge faoi choinne ár n-aschur agus seánraí raidió reatha uile.

Fad an tsliotáin: 30 bomaite (7:30i.n. - 8i.n. Luan-Déardaoin ar BBC Raidió Uladh/BBC Raidió Feabhail/BBC Sounds).

Séasúr sliotán:
Iúil ⁊ Lúnasa (10 x Sliotán 30’); tréimhse saoire na Nollag (8 x Sliotán 30’);
an Cháisc (4 x Sliotán 30’), laethanta saoire poiblí áitiúla/imeachtaí/cuimhneacháin (cláir a sheasfaidh leo féin, ar 30 bomaite d’fhad).

Fuaim - Táille Tháscach

Cláir faisnéise (sraitheanna san áireamh): £3k - £6k
Coiméide / Dráma (le script): £6k - £10k
Painéil (Quizanna, Coiméide, Ceol): £4k - £6k

Inneachar digiteach:
Táimid ag lorg inneachar fosta dár n-ardán digiteach bbc.co.uk/gaeilge a bheidh de bhreis air sin atá againn faoi láthair.

Áireoidh muid inneachar nuálach don lucht éisteachta óg, go háirithe dóibh siúd atá á gcur fríd an Ghaelscolaíocht, go mbeidh sé mar thacaíocht ag na daltaí óga agus ag na teaghlaigh.

Cuirfidh muid fáilte roimh smaointe/ábhar don Fhoghlaimeoir Fásta (gach leibhéal) mar shampla podchraoladh d’ardhchaighdeán nó formáidí eile.

Áireofar fosta inneachar a chuirfeadh go maith lenár mbloic chraoltóireachta bhliantúla don raidió, go sonrach le haghaidh Seachtain na Gaeilge (1-17 Márta gach bliain) agus Oireachtas na Gaeilge 2026 (deireadh Dheireadh Fómhair).

Digiteach - Táille Tháscach:
£5k - £10k

Eochairdhátaí:
Sprioc na nIarratas do BBC Gaeilge: Máirt 23 Meitheamh 2026
Gearrliosta fógartha ag BBC Gaeilge: Luan 29 Meitheamh 2026
Seisiún pitseála le BBC Gaeilge: Luan 20 Iúil 2026
Sprioc na nIarratas don CCG: Aoine 24 Iúil 2026

Déan teagmháil ar an chéad dul síos le Róisín Ní Chéileachair, roisin.kelleher@bbc.co.uk, agus Karen Kirby, karen.kirby@bbc.co.uk, le smaointe agus buiséid a phlé.

Audio/Radio content:
We are seeking additional audio content that can be broadcast in our regular radio slots on BBC Radio Ulster and Radio Foyle as part of our summer schedule in July and August, at Christmas, Easter and on bank holidays. Content for Podcast series on BBC Sounds will also be considered.

We wish to commission 30 minute series which have the potential to be returning. We will consider short and long series offering a minimum of 4 episodes and a maximum of 10 episodes. The content of these series should not be time-specific.

Single 30 minute documentary programmes which analyse significant moments in time, including historical events or anniversaries will also be considered.

This new content will be additional to and complement our existing radio and digital output.
You might consider how your radio series could connect with digital output.
We are always interested in content that will support children attending local Gaelscoileanna and their families and we are also interested in content that would complement our output on digital for this year’s Fleadh Cheoil na hÉireann which takes place in Belfast.

We are not looking for a magazine-style programme as this is well served by our flagship magazine programme, Blas.

We are keen to develop new audio content in Comedy and Drama.
We encourage new writers to get in contact with us, those whose work has never been produced for radio or television before and we are always keen to support skills development with a view to writing a script for radio drama, in particular.

We would also welcome co-productions where appropriate with other broadcasters.

See bbc.co.uk/gaeilge for all our current radio output and genres.

Slot duration: 30 minutes (7.30pm-8pm slot Monday-Thursday on BBC Radio Ulster/Foyle/Sounds)

Slot season: July & August (10 x 30’ slots); Christmas holiday period (8 x 30’ slots); Easter (4 x 30’ slots), local bank holidays/events/anniversaries (singles)

Audio - Indicative Tariffs

Documentaries (incl series): £3k - £6k

Scripted Comedy and Drama: £6k - £10k

Panel programmes (quiz format, Comedy, Music): £4k - £6k

Digital content:
We are also looking for content for our digital platform bbc.co.uk/gaeilge which is additional to our current offering.

We will consider innovative content for younger audiences, particularly those who are opting for Irish-medium education, that the resources might support them and their families.

We will consider proposals for content for Adult Learners (all levels) such as a high quality podcast or other formats.

Content which would complement our special annual broadcasting blocks for radio will also be considered, specifically for Seachtain na Gaeilge (1-17 March annually) and Oireachtas na Gaeilge 2026 (end of October).

Digital - Indicative Tariff:
£5k - £10k

Key dates:
Submission date for BBC Gaeilge: Tues 23 June 2026
Shortlist announced by BBC Gaeilge: Monday 29th June 2026
Pitching to BBC Gaeilge: Monday 20th July 2026
Submission date for ILBF: Friday 24th July 2026

Please make contact with Róisín Kelleher, roisin.kelleher@bbc.co.uk and Karen Kirby, karen.kirby@bbc.co.uk to discuss potential ideas and budgets.