Irish
20. Grásta Dé chugainn agus bás in Éirinn.
A chairde, an craoladh deiridh. An focal scoir. Tá an t-ullmhúchán déanta. Ní fada go gcuirfidh mé an spásárthach seo i dtreo an talaimh. Géillfidh mé don domhantarraingt arís. Tá faoiseamh orm bheith ag filleadh ar talamh. Santaíonn mo chosa an spaisteoireacht. Is ait mar a chrothnaíonn muid rudaí. Tá mé ag smaoineamh cheana féin ar na nithe a dhéanfaidh mé ar domhan.
Rachaidh mé ag spaisteoireacht. Rachaidh mé ag spaisteoireacht ar an trá. Níl fonn ar bith orm dul ag siúl ar shléibhte. Tá mo sháith agam den talamh ard seo fúm! Spaisteoireacht ar talamh agus snámh san uisce. Sin iad an dá rud is mó a shantaím faoi láthair. Níl ach tamall beag caite agam sa spásárthach seo ach mothaíonn mo cholainn as alt cheana féin. Níl a fhios agam cad é mar a chaith Clann Lir na céadta bliain i riocht eala! Ní thiocfadh liomsa bheith beo sa riocht seo de roicéad go ceann na gcéadta bliain. Ní thiocfadh liom.
Sea, rachaidh mé ag spaisteoireacht ar an trá agus ag snámh ar muir. Líonfaidh mé mo scamhóga le haer úr agus glanfaidh mé mé féin sa sáile. Tá sibh ag gáire fúm?! Tá sibh ag smaoineamh go bhfuil an fharraige fuar in Éirinn ach inseoidh mise an fhírinne daoibh: crothnaím an fharraige go géar agus crothnaím an fhearthainn fosta! Anois, is rún é sin nach gcluinfeá Éireannach ag rá go rómhinic. Ach is fíor é. Crothnaím an fhearthainn.
Bhí mé ag smaoineamh siar le déanaí ar lá a chaith mé faoin fhearthainn cúpla bliain ó shin. Bhí mé amuigh ar mo rothar nuair a tháinig cith. Bádh go craiceann mé. Ansin tháinig an gealán agus thriomaigh an ghrian mé. Tháinig an dara cith agus bádh go craiceann arís mé. Bhí mé ar tí aghaidh a thabhairt ar mo theach ach ar chúis éigin, lean mé liom ag rothaíocht faoin fhearthainn mar go raibh mé ag baint an oiread sin pléisiúir as. Ní raibh lá dochair san fhearthainn riamh. Ní raibh olc ar bith ag an fhearthainn dom an lá sin. Titeann an fhearthainn. Sin a bhfuil de.
An bhfuil a fhios agat seo, fuair mé an oiread sin teachtaireachtaí ó thosaigh an t-aistear seo. Tá sibh uilig ag rá an rud céanna: bhain an tionscadal seo preab as na húdaráis. Tá siad anois ar a mhalairt tuairime faoina gcuid polasaithe. Tá athrú poirt acu anois. Tuigeann siad anois an chumhacht atá againn. Tuigeann siad go dtig linn gníomhú ar neamhchead dóibh. Thóg muid féin ar neamhchead dóibhsean. D’eitil muid féin ar neamhchead dóibhsean. D’imigh muid ar neamhchead dóibh. Ní dhéanfaidh siad dearmad den cheacht sin go luath, geallaim duit.
Bhuel, beidh orm imeacht gan mhoill, a chairde. Caithfidh mé an spásárthach a ullmhú don turas deiridh chun talaimh. Grásta Dé chugainn agus bás in Éirinn...Bhuel, ní hé. Ní an babhta seo ar aon nós. B’fhearr liomsa ‘Grásta Dé chugainn agus beatha in Éirinn’.
Bhuel, tá an t-am agamsa féin tabhairt faoin bheatha arís. Tá sé in am dom triail a bhaint as...dul a chónaí ar domhan uair amháin eile. Ach beidh athrú ar chúrsaí an uair seo mar tá athrú ormsa. M’anam go bhfuil! Chonaic mé iontais agus chuir mé aithne ar chairde úra agus tuigim anois, an áilleacht a bhaineann le bheith ag amharc ar na réalta. Grásta Dé chugainn agus beatha in Éirinn. Sin é an focal scoir atá agamsa. Sin í mo bheannacht dheireanach chugaibh thar na tonnta seo.
Slán, a chairde! Go dté sibh slán. Slán…