Athscríbhinn den ghearrthóg An Fháinleog Caibidil 19

19. An cogadh is mó a bhí riamh ann, bhí síocháin ina dheireadh.
A chairde, Dónall anseo libh arís agus dea-scéala agam daoibh anocht. Tá an turas seo ag teacht chun deiridh. Níl brón orm faoi seo ach a mhalairt. Tá gliondar orm. Tá áthas orm. Sea, rachaidh mé i mbun cliché: tá áthas an domhain orm. Áthas an domhain. Is maith mar a thuig ár sinsear cás an phláinéid. Áthas an domhain. Sin é go díreach an rud atá ormsa.

Tá an turas seo ag teacht chun deiridh. An cogadh is mó a bhí riamh ann, bhí síocháin ina dheireadh. Tá an méid aeir, bia agus uisce a bhí agam beagnach caite ach is cuma liom faoi sin. Bhí bua agam mar sin féin. Léirigh mo chuid oibre an méid a thiocfadh linn a bhaint amach. Léirigh an turas seo nach raibh mé gan chumhacht. Léirigh an cuidiú a thug tú dom nach raibh muid gan chumhacht. Thug muid faoi thionscadal mór agus chuir muid i gcrích é agus táim chomh buíoch díot dá bharr.

Dúirt daoine linn nach dtiocfadh linn an rud a bhí uainn a bhaint amach. Dúirt siad nach raibh muid eolach. Dúirt siad nach raibh muid cumasach. Ach bhí muid eolach agus cumasach. Oíche i ndiaidh oíche, lean muid den obair. Chuir mise ceisteanna oraibh faoin spásárthach agus thug sibh freagraí orm. Thug sibh cuidiú dom. Bhí sibh fial liom.  D’fhoghlaim mise mórán as bhur gcuidiú. Tá súil agam gur fhoghlaim sibhse rud éigin uaimse. Ní thiocfadh liom tabhairt faoin turas seo gan bhur gcuidiú. Leoga, níor mhaith liom an turas seo a dhéanamh gan bhur gcuideachta. Is comrádaithe idirlín muid agus is comrádaithe muid, mar sin féin. B’fhéidir nach bhfuil aithne shúl agaibh ormsa ná aithne shúl agamsa oraibhse ach is cairde muid.

Cluineann sibhse mo ghlór gach aon oíche agus léimse bhur gcuid teachtaireachtaí gach aon oíche. Níl am ar bith a dtéim thart ar an phláinéad seo nach smaoiním ar na cairde maithe a chuidigh liom. Tá mé ag amharc anuas ar an domhan le cúpla lá agus oíche anuas. Chonaic mé beagnach gach aon tír ar domhan thíos. Chonaic mé an mhuir, aibhneacha agus coillte. Chonaic mé na hiontais ar fad a thóg an cine daonna. Don chéad uair riamh, b’fhéidir, thuig mé cumas an phobail lena roinnim an pláinéad seo. Thuig me an áilleacht a bhaineann le bheith ag amharc ar spéir lán réaltaí seachas díreach a bheith á staidéar. Nach ait an mac é an saol.

Léigh mé teachtaireachtaí idirlín a thóg mo chroí agus cuid eile a chuir lionn dubh orm. Ní fada anois go mbeidh mé ar ais ar an phláinéad. Ach níl lionn dubh orm. Tá mo chuid oibre déanta agam. Spreag sibh mé agus tá súil agam gur spreag mise sibhse. Ba mhór an pléisiúr bheith i bhur gcuideachta le linn an turais seo. Ba mhór an tógáil croí an t-eolas a chruinnigh muid le chéile. Ba mhór an sult a thug an comhrá dom a bhí againn thar an tréimhse seo.

Ach tá an turas seo ag teacht chun deiridh. Ní fada go mbeidh orm slán a fhágáil leis an ghealach agus leis na réaltaí. Ní fada go mbeidh orm géilleadh don domhantarraingt athuair. Ní fada go ndéanfaidh mé mo thuras deireanach thar an domhan beag seo againne. Creid é nó ná creid, tá cumha orm. Nach aisteach é sin? Níl mé imithe chomh fada sin ón domhan ach tá cumha orm. Crothnaím an talamh agus an spéir os mo chionn. Beidh faoiseamh orm néalta a fheiceáil os mo chionn agus ní thíos fúm! Caithfidh mé é a admháil go bhfuil sé giota beag ait na néalta bheith bun os cionn!

Seo, níl mórán ama fágtha agam. Ní fada go mbeidh orm deireadh a chur leis an chraoladh seo. Labhróidh mé libh arís amárach – slán beo a bheas mé – agus fágfaidh mé slán mar is ceart agaibh. Bígí ag éisteacht liom. Níl an focal scoir ráite go fóill faoin aistear iontach seo againne.

Téigh go dtí an leathanach 'An Fháinleog Caibidil 19'