Irish
18. Nuair is mó an cruachás is é is mó an cuidiú.
Heileó! Heileó! A chara, mo leithscéal as a bheith mall ag craoladh anocht. A leithéid de lá a bhí agam inniu! Shíl mé gur liom féin a bhí mé. Ní hamhlaidh atá sé ar chor ar bith! Fuair mé amach go raibh soithí eile anseo. Tá na céadta daoine eile i mo chuideachta! Bhuel, sílim gur daoine iad! Tá muid uilig ag eitilt os cionn an domhain! Éirí in airde a thug orm a chreidiúint gur mise an t-aon duine a bhí ábalta éalú agus teacht anseo! Tuigim anois gur amaidí a bhí ansin. Tá na céadta dínn anseo anois. Tá muid ag malartú tuairimí le chéile cheana féin tríd ár gcuid ríomhairí...daoine atá ar aon tuairim liomsa...ní chreidim é! Tá muid ábalta bheith ag caint le chéile anois. Faoi dheireadh tá muid ag comhrá le chéile. Cé a dúirt nach mbeadh muid inchurtha ag an obair seo?
Agus...tá na teachtaireachtaí ag teacht chugam ón domhan go fóill. Tá athrú i ndiaidh teacht ar chúrsaí polaitíochta fosta ansin, de réir dealraimh. Athrú beag ach is athrú é mar sin féin. Tá cumas an phobail i ndiaidh na rialtais a scanrú. Níor thuig siad go raibh muid chomh cumasach sin. Níor thuig siad go dtiocfadh linn meon daoine a athrú. Rinne muid an beart. D’athraigh muid an saol trínár ngníomhartha féin. Tá fir agus mná ina seasamh ar chlár an domhain agus iad ag amharc aníos ar an spéir. Tá siad ag amharc orainn. Heileó! Heileó ansin! Feiceann siad an rud atá déanta againn. Tá siad ag léamh ár gcuid teachtaireachtaí.
Níl muid i mbaol níos mó. Níl muid i gcontúirt níos mó. Tá barraíocht againn eolach ar ár gcás. Tá barraíocht den phobal ar an eolas faoi chás an domhain. Tá aon teanga amháin againn anois – teanga na timpeallachta. Nuair is mó an cruachás is é is mó an cuidiú. Tá an fhírinne ansin. Nuair is mó an cruachás is é is mó an cuidiú. Tuigeann cách gur mó an cruachás agus tuigeann cách anois gur gá cuidiú.
Tá daoine ciniciúla ann go fóill. Níl amhras ar bith orm faoi sin. Bíonn daoine ciniciúla i gcónaí ann. Bíodh acu. Níor chuir siad agus níor bhain siad. Ach chuir mise. Chuir tusa. Agus bhain muid. M’anam, is muidinne a bhain! Tá an lá agus an oíche linn! Tá fir agus mná linn! Tá dubh agus geal linn! Tá thoir agus thiar linn! Tá thuaidh agus theas linn! Tá thuas agus thíos linn! Thug muid dúshlán an aineolais agus bhain muid!
Bhí cuidiú de dhíth orm agus tháinig daoine i dtarrtháil orm. Bhí cuidiú de dhíth ar dhaoine eile agus tháinig mise i dtarrtháil orthu. D’oibrigh muid le chéile. D’oibrigh muid go crua. D’oibrigh muid go coinsiasach. Tá toradh ár gcuid oibre le feiceáil anois. Tá muid ag caint le chéile. Tá muid ag caint le chéile os cionn an phláinéid agus tá an domhan mór ag éisteacht linn. Ar aghaidh linn!