Irish
17. Is olc séanadh an éin a thréigeann a héanlaith féin.
Heileó! Seo í mo dhialann, dialann Dhónaill. An gcluineann aon duine mé? Is taistealaí mé agus is spásaire mé. Seo í mo theachtaireacht chugat don oíche anocht. Tá mé ag craoladh chugat as mo spásárthach féin, Clann Lir. Mar atá a fhios agat faoin am seo, is dócha, tá sé de rún agam teachtaireacht a chraoladh gach lá ag an am seo. Tá mé ag taisteal liom féin. Tá mé liom féin sa spásárthach seo. D’fhág mé an domhan i mo dhiaidh. D’éalaigh mé. Bhí an domhan ag fáil bháis. Bhí eagla ormsa go bhfaighinn féin bás agus mar sin, d’éalaigh mé. D’fhág mé gach aon duine i mo dhiaidh.
Rinne mé iarracht daoine eile a thabhairt liom. Níor éist siad liom. Níor chreid siad go raibh siad i gcontúirt. Thuig mise go raibh siad i gcontúirt. Thuig mise go raibh siad i gcontúirt mhór. Labhair mé leo agus dúirt mé leo: “Bí liom. Tá an domhan ag fáil bháis. Bí liom. Tar liom. Éalaigh liom. Éalaigh i dtreo na réaltaí. Beidh muid sábháilte i measc na réaltaí. Ní bheidh muid sábháilte anseo. Ní bheidh muid sábháilte ar domhan.”
Ach níor éist duine ar bith liom. Rinne siad magadh fúm. Rinne siad beag is fiú díom. Dúirt mise go raibh an domhan i gcontúirt agus rinne siad gáire. Dúirt siad go raibh mé ar mire; dúirt siad go raibh mé as mo mheabhair. “Amharc ar an ghealt,” a dúirt siad. “Féach ar an amadán,” a dúirt siad. “Tá sé as a mheabhair. Tá sé glan as a mheabhair.”
Níor éist siad liom. Ach bhí a fhios agam cén chontúirt a bhí ann; bhí a fhios agamsa.
Rinne mise ullmhúchán. Bhailigh mé ábhar gach aon lá. Chuir mé na píosaí le chéile gach lá. Níor stad mé den obair. Bhailigh mé ríomhairí agus roicéid. Bhailigh mé miotal agus sreang. Bhailigh mé uisce agus bia. Bhailigh mé gach aon rud riachtanach. Choinnigh mé orm ag bailiú rudaí a bhí riachtanach don obair a bhí romham. D’oibrigh mé ó dhubh go dubh agus sa deireadh, d’éirigh liom an spásárthach seo a thógáil le mo lámha féin.
Níor stad mé den obair. Bhí mé cráite ag an obair ach bhí mé tugtha dó ag an am chéanna. Agus sin é an fáth go bhfuil mise anseo...liom féin. Is trua nár éist siad liom thíos ar domhan. Tháinig daoine le hamharc orm agus le magadh fúm. “Amharc ar an ghealt,” a dúirt siad. “Féach ar an amadán,” a dúirt siad. “Tá seisean as a mheabhair. Tá seisean glan as a mheabhair.”
Ach ní raibh mé as mo mheabhair. Is eolaí mé! Bhí a fhios agam go raibh muid i gcontúirt. Léigh mé na nuachtáin. Léigh mé na tuairiscí. Chonaic mé na tubaistí. Chonaic mé an fhearthainn agus na tuilte agus na stoirmeacha agus na tinte. Thuig mise cad é a bhí ag tarlú. Chonaic mé an taighde. Chuala mé eolaithe eile ag caint le chéile. Níor éist an pobal leo. Níor éist na polaiteoirí leo. Ach d’éist mise leo. Scanraigh na heolaithe céanna mé lena gcuid eolais agus fíricí agus dá bhrí sin, thóg mé an spásárthach seo.
Tháinig daoine chugam sa deireadh ach bhí siad rómhall. Bhí na doirse druidte. Ba mhian leo teacht ar bord. Ach ní thiocfadh liom iad a thabhairt ar bord. Bhí siad rómhall. Bhí siad i bhfad rómhall. D’fhág mé i mo dhiaidh iad. Bhí orm iad a fhágáil i mo dhiaidh. Ní raibh neart agam air. D’éalaigh mé. Anois tá mé ag taisteal i measc na réaltaí agus tá mé sábháilte...sílim. Níl a fhios agam an bhfuil aon duine eile sábháilte, áfach.
An bhfuil duine ar bith eile beo? An bhfuil duine ar bith eile amuigh ansin? An bhfuil duine ar bith ag éisteacht? An gcluineann duine ar bith mo ghlór? Dónal anseo! Is taistealaí mé! Déan iarracht teagmháil a dhéanamh liom, le do thoil, má thig leat mé a chluinstin. Ceart go leor, labhróidh mé leat ag an am chéanna amárach. Idir an dá linn, go dté tú slán.