Athscríbhinn den ghearrthóg An Fháinleog Caibidil 16

16. Ní aithne go haontíos.
Beannachtaí anuas! Seo mé ag caint leat anocht arís. Tá Clann Lir ag feidhmiú go maith. Tá na fadhbanna beaga teicniciúla a bhí agam réitithe anois. Shíl mé go mbeadh eagla mo bháis orm roimh a leithéid de thuras. Ait go leor, ní hamhlaidh atá an cás. Mothaím beo ar fad. Mothaím sásta gur chloígh mé leis an sprioc. Mothaím sásta gur thóg mé spásárthach le mo dhá lámh féin. Tá cúrsaí contúirteach amuigh anseo, ceart go leor agus is fíor go gcaithfidh mé bheith iontach cúramach. Ní fada uaim an tubaiste in am ar bith. Ach ní mar sin atá mé ag smaoineamh.

Mothaím ar mo shuaimhneas anois. Mothaím ar mo chompord. Tá mé ag teacht i dtaithí ar shaol an spásaire. Tá teachtaireachtaí ag teacht chugam go tiubh anois. Is léir go bhfuil mórán agaibh ag cur spéise i m’eachtra! Bhí mórán daoine i dteagmháil liom. Tá mé buíoch de gach aon duine a rinne teagmháil liom. Déanfaidh mé mo dhícheall freagra a thabhairt ar gach aon duine. Idir an dá linn, léifidh mé cuid de na ceisteanna agus teachtaireachtaí a seoladh chugam anocht.

Anois d’fhiafraigh Antaine as Learpholl díom: “An bhfuil tú uaigneach?” Ait go leor, ní mhothaím uaigneach. Tá mé liom féin anseo. Tá mé i m’aonar agus ba cheart go mbeinn uaigneach, is dócha. Ní dual don duine bheith ina aonar – rófhada ar scor ar bith. Ach ní mhothaím uaigneach. Ní go fóill beag cibé ar bith. B’fhéidir nuair a bheidh seal caite anseo go mbeidh uaigneas orm. Ní aithne go haontíos. Bhuel, tá mé ag cur aithne orm féin agus ní holc an chuideachta mé.

‘Nois, d’fhiafraigh Danuta as an Pholainn díom: “an bhfuil tástálacha ar bith ar siúl agat?” Faraor, níl tástálacha ar bith ar siúl agam. Níl an spásárthach seo fairsing go leor le go raibh mé ábalta tástálacha a dhéanamh. Cúng go maith atá sé mar árthach.

D’fhiafraigh Fionn as Éirinn díom: “cad é mar a chaitheann tú do chuid ama?” Am? Tá cúrsaí ama an-difriúil thuas anseo! Ní bhíonn sé doiligh am a chaitheamh anseo. Caithfidh mé mo chuid airde ar fad a dhíriú ar chórais reatha an spásárthaigh seo. Nuair nach mbím á dhéanamh sin, bím ag éisteacht le ceol nó ag imirt fichille. Is maith liom ficheall a imirt. Níor chloígh mé an ríomhaire go fóill ach cloífidh ar ball. Tá mé cinnte de sin.

Bhí Bettina as an Ghearmáin i dteagmháil liom. Níl mo chuid Gearmáinise chomh maith sin ach tuigim brí a ceiste. Fiafraíonn sí díom an mothaím ciontach as an phláinéad a fhágáil? Fiafraíonn sí díom an mothaím ciontach siocair gur imigh mé liom féin? Tá an cheist sin an-tromchúiseach, a Bettina. I mbeagán focal, ní mhothaím ciontach. Bhí orm gníomh a dhéanamh.

Labhair mé faoi mo chuid pleananna go hoscailte. Bhí a fhios ag daoine agus ag rialtais, cad é a bhí beartaithe agam. Orthu féin an locht nár ghníomhaigh siad. Bhí gach aon duine ar an eolas faoina raibh ag tarlú ar domhan. Tá mé imníoch go fóill faoi chás an phláinéid. Tá súil agam go dtuigfidh gach aon duine é sin. Níor thréig mé duine ar bith. Tá súil agam go dtuigfidh gach aon duine é sin fosta. Thabharfainn daoine eile liom dá mbeadh an acmhainn agam. Is faoi rialtais an domhain atá sé an acmhainn sin a chur ar fáil. Ní mhothaímse ciontach. Mothaím beo.

Tá brón orm ach is cosúil nach dtig liom leanúint leis an chraoladh seo anocht. Scaipigí an scéal i measc bhur gcairde go bhfuilim le craoladh san oíche amárach arís ag an am chéanna. Seo é an bealach is éifeachtaí le díospóireacht a spreagadh, dar liom. Abair leo go bhfuil fear thuas anseo a thug dúshlán na rialtas. Abair leo go bhfuil fear thuas anseo nach bhfuil eagla air gníomh a dhéanamh. Seo, caithfidh mé imeacht. Slán tamall. 

Téigh go dtí an leathanach 'An Fháinleog Caibidil 16'