Irish
15. Is fearr uaigneas fada ná droch-chuideachta.
Heileo. Mise atá ann arís. Dónal. Beannachtaí óna réaltaí! Cad é mar atá tú? Ça va? Conas atá tú? Wie geht’s? Heileo. Ciao. Bonjour. Cén chaoi a bhfuil tú? Bhí mé drochmhúinte roimhe seo.
Bhí mé ag craoladh chugat gan beannacht a chur leat. Tá sé sin drochmhúinte agam. Mo leithscéal. Rinne mé dearmad. Tuigeann tú mo chás. Tá an oiread sin ag tarlú. Tá mé fós ag teacht i dtaithí ar an turas seo sa spás. Tá an oiread sin rudaí ag tarlú thart orm. Tá an oiread sin rudaí ag tarlú thíos ar an phláinéad. Bhí imní orm nach mbainfinn an sprioc seo amach. Ach tá gach rud go breá anois. Tá an soitheach socair os cionn an domhain. Ní dhearnadh damáiste ar bith di. Tá an soitheach slán sábháilte.
Tá fadhb nó dhó fós agam leis an ríomhaire ach ní mórán é sin. Deiseoidh mé na fadhbanna sin go luath. Tá rún agam iad a dheisiú ar ball. Tá mé cinnte go ndeiseoidh mé iad. Bíodh sin mar atá, níl mé cinnte an bhfuil an dialann seo á craoladh chugat. Sin í an chéad fhadhb. Níl mé cinnte an bhfuil an teachtaireacht seo á craoladh beo. Sílim go bhfuil. Sílim go bhfuil mo chuid focal ag imeacht amach sa spás. Ba cheart go mbeifeá ábalta mé a chluinstin. Ba cheart go mbeifeá ábalta mé a thuiscint.
Sin é mo dhóchas cibé ar bith. Ba mhaith liom comhrá a choinneáil leat. Ba mhaith liom seal a chaitheamh i do chuideachta. Ba mhaith liom labhairt leat. Ba mhaith liom aithne a chur ort. Ní thig liom sin a dhéanamh mura gcluineann tú mé. Go dtí seo, ní agallamh beirte a bhí againn anseo ach agallamh aonair! Mise ag caint; mise ag craoladh agus tusa ag éisteacht. Is fearr uaigneas fada ná droch-chuideachta. Ach ní droch-chuideachta tusa.
Má tá an t-ádh liom, beidh tú ag éisteacht ach sin é an dara fadhb atá ag an ríomhaire seo: ní féidir liomsa tusa a chluinstin go fóill. Ní féidir liomsa rud ar bith a chluinstin faoi láthair. Tá fabht éigin sa chóras raidió agam. Ní chluinim a dhath faoi láthair. Ní chluinim oiread agus líne cainte. Ní chluinim oiread agus focal. Ní chluinim oiread agus siolla. Ní chluinim a dhath. Ní chluinim ach tost.
Ní chluinim ach ciúnas faoi láthair. Ach cluinfidh mé tusa go luath. Cluinfidh mé do ghlór. Cluinfidh mé do ghuth. Beidh comhrá mór fada againn le chéile. Beidh muid ag caint faoi gach aon rud. Labhróidh muid faoin rud a tharla ar domhan. Labhróidh muid faoi na tubaistí uilig a bhain den phláinéad. Labhróidh muid faoi na tuilte agus na stoirmeacha. Labhróidh muid faoi ghorta agus thuradh.
Agus labhróidh muid faoi na laethanta roimh an tubaiste. Labhróidh muid faoi laethanta saoire cois farraige. Labhróidh muid faoi aimsir dheas agus bia blasta. Labhróidh muid faoi na hiontaisí a bhí ar domhan. Labhróidh muid ó mhaidin go hoíche. Labhróidh muid ó dhubh go dubh. Labhróidh muid gan stad is gan staonadh. Labhróidh muid go dtitfidh ár gcodladh orainn. Labhróidh muid ó phláinéad go gealach. Giorraíonn beirt bóthar, mar a deirtear! Bhuel, giorraíonn beirt spástaisteal!
Beidh muid ag caint. Mise agus tusa. Chomh luath agus a dheisím an diabhal ríomhaire seo agus an córas raidió seo fosta. Idir an dá linn, cuirim mo bheannacht chugat.